Pota Focal Intergaelic
flag | flan | flap | flas | flat
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fabht bunúsach a basic flaw
" Mar shampla, níos luaithe i mbliana ba é an Seanadóir Shane Ross a thug faoi deara fabht bunúsach sa reachtaíocht chun cosc a chur ar phobalbhreitheanna sna laethanta roimh thoghchán.
leasú a dhéanamh ar an lúb ar lár seo sa bhunreacht to amend this flaw in the constitution
" Tá rialtais faoi bhrú ó shin leasú a dhéanamh ar an lúb ar lár seo sa bhunreacht le daingniú a dhéanamh ar dhlí na tíre ionas nach mbeadh aon cheist faoi ghinmhilleadh de chinéal ar bith a bheith ar fáil ach i gcásanna ar leith.
fabhtach flawed
" I bhfocail eile, tá an córas míchothrom, fabhtach.
lochtanna faults, flaws
" In ainneoin a chuid lochtanna go léir, deir Joe go raibh iomrá ar a athair mar fhear teaghlaigh “a thabharfadh an dollar deireanach ina phóca duit.
gach lúb ar lár every flaw
" Caithfear na rialacha a scrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh orthu chun gach lúb ar lár a gheofaí iontu a dhúnadh agus a líonadh.
lúb ar lár flaw
" Ní hamháin sin ach is léir fosta gur lúb ar lár i gcóras maoirseoireachta na Roinne Oideachais is cionsiocair leis.
botún bunúsach a basic flaw
" Is botún bunúsach é sin, dar liomsa.
gan rath flawed
" Ar aon dul leis na hinnill vótála gan rath nach raibh aon fhianaise ann go gcuirfidís le líon na ndaoine a chaithfeadh vóta, is beag spreagadh a thabharfadh Acht na dTeangacha Oifigiúla do dhaoine an Ghaeilge a labhairt, dar leis.
drochéasc serious flaw
" Measann daoine go leor – mise ina measc – gur drochéasc bunúsach ag córas rialtais na hAstráile é an deighilt seo idir an t-údarás a íocann as seirbhísí poiblí na tíre agus na húdaráis a riarann iad.