Is léiriú é seo ar an easpa ceannaireachta atá á tabhairt ag na heagraíochtaí Gaeilge ar cheist an ilchultúrachais (nach ionann é agus "faisean an Ilchultúrachais").
Léiriú amháin ar dheacrachtaí an pháirtí is ea gur bhog Harney ó Bhaile Átha Cliath Thiar-Theas go dtí Baile Átha Cliath Lár-Thiar, dáilcheantar nua a bhfuil trí shuíochán leis.
Cheana féin, tá Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí tar éis imní a Léiriú maidir le seasamh Chumann Múinteoirí Éireann, atá i gcoinne aon seiceáil a dhéanamh ar aon mhúinteoir atá ag teagasc faoi láthair.
Thosaigh sé leis na léirithe a bhí ar na drumaí móra a bhí á n-iompar ag an Strabane Memorial Flute Band, a tháinig ó Thír Eoghain go speisialta don ócáid.
Ní dhéanfaidh duine ar bith dearmad ar an spiorad a bhí aige, a raibh an rírá a tharla ar an taobhlíne i Meiriceá nuair a bhí an réiteoir mall ag tabhairt ceada dó teacht ar an pháirc mar ionadaí mar léiriú maith air.
Bhí meascán de smaointe agus meáin le feiceáil i saothar an cheathrair ealaíontóirí a bhí ar an ghearrliosta, idir innill aisteacha, sceitseanna, léaráidí, scríbhneoireacht (Keith Tyson); imsuiteáil fiseáin ag léiriú Canary Wharf faoi cheo agus ag eitilt thart ag amharc anuas ar Londain (Catherine Yass).
Tá The Villages i lár stát Florida ar cheann de na pobail do lucht scoir is mó a mheallann daoine sna Stáit Aontaithe agus is léiriú maith é ar an saghas áite a bhíonn i gceist sna pobail seo sa réigiún Grianchreasa.
Istigh sa bhróisiúr seo, ina bhfuil léaráidí daite, tá léarscáil agus cur síos déanta ar chúig áit déag timpeall lár na cathrach agus trasna an Mersey i mBirkenhead a bhfuil baint acu le stair na hÉireann.
Mar a dúirt sé, ag lainseáil feachtas ollmhór frithsheicteachais: "Is dearbhú iad na bearta seo nach gcuirfidh Albain suas níos mó le gníomhartha ar léiriú iad ar an fhuath reiligiúnda .
Thug Rialtas na hAstráile léiriú eile le deireanaí - cé nach raibh aon ghá leis - ar an meas atá acu ar lucht iarrtha tearmainn, ar chonarthaí idirnáisiúnta agus ar thuairimí an phobail idirnáisiúnta.
An mac nó iníon fhásta ina chónaí lena thuismitheoirí, an cailín óg feistithe i mblaincéad ina luí ar Dhroichead Uí Chonaill nó an teaghlach ar liosta tithíochta an stáit - léiriú iad seo uilig ar díreach chomh mór agus atá an t-ardú tubaisteach i gcostas tithe tar éis fadhb agus cruachás a chothú sa stát seo.
B'fhéidir gur léiriú é seo ar staid na hiomána i gCúige Laighean agus go bhfuil an ceart ag na saineolaithe atá ag rá le roinnt blianta anuas go bhfuil Cúige Laighean ag titim ar gcúl, taobh thiar de Chúige Mumhan agus Gaillimh.
Ionsaí
=======
Léiriú eile ar an deighilt bhinibeach idir an dá Mheiriceá - Meiriceá an fhreasúra agus Meiriceá na neocons - is ea an t-ionsaí a rinne an tráchtaire Bill O'Reilly ar lucht Adbusters le linn a chláir seisean ar Fox News.
Ach Léiriú soiléir é a bhfuil ag tarlú sna Stáit Aontaithe ar an chumhacht a bhaineann le ceist an ghinmhillte agus an dochar is féidir leis a dhéanamh don chóras daonlathais agus do bhreithiúnas pobail, nuair a ardaítear í.
Lena chois sin, i dteannta leis na cláracha feiceálacha ar RTÉ ar nós "Léargas", coimisiúnaíonn RTÉ neart cláracha speisialta in aghaidh na bliana (le craoladh ar RTÉ féin) ón earnáil neamhspleách léiriúcháin.
B'fhéidir gur léiriú beag í an cheist ar an mbearna mhór atá ann idir an tsochaí chomhaimseartha in Éirinn agus préamhacha traidisiúnta na sochaí sin - mar, sa tsochaí ina bhfuil muid ag maireachtáil anois, tá focail ar nós *"obese" *chuile phioc chomh riachtanach is a bhíodh leithéidí "sleán" nó "duileasc" san am a chuaigh thart.
Is gá an cheist a chur anois: an léiriú iad cúpla siopa nua, nach cinn Éireannacha iad, go bhfuil deireadh ag teacht leis na hÉireannaigh mar phobal i Nua-Eabhrac?
D'aontaigh Dennehy agus roinnt daoine eile a cuireadh faoi agallamh le gairid leis an tuairim nach bhfuil Nua-Eabhrac chomh tarraingteach céanna mar áit chónaithe do na hÉireannaigh is a bhí, ar chúpla cúis.
*
Nuair nach raibh sé ag obair ar ghloine dhaite ba mhaisitheoir den scoth é agus is iad na leabhair *Tales of Mystery and Imagination *le hEdgar Allen Poe agus *Fairy Tales *le Hans Christian Andersen na cinn a bhfuil an chuid is fearr dá léaráidí le feiceáil iontu.
Ar “Sportscall” RTÉ, faoi stiúir Des Cahill, bhí daoine éagsúla ag glaoch isteach ag léiriú míshástachta le díbirt imreoirí chun na taobhlíne de bharr calaoiseacha “neamhurcóideacha” (tarraingt geansaí, tarraingt síos imreora agus a leithéidí - is é sin, gnáthimirt na peile!).
Léiriú soiléir ar chomh láidir agus bhí an dearcadh seo i measc chosmhuintir Fhianna Fáil is ea an comóradh caoga bliain a d'eagraigh an páirtí i 1966 in onóir laochra na Cásca.
Agus b’fhéidir gur sin an léiriú is láidre ar an gcumhacht atá an teicneolaíocht tar éis a thabhairt don phobal: tá an pobal féin in ann cabhrú leis na póilíní teacht ar na sceimhlitheoirí a d’ionsaigh iad.
Is leabhar thar a bheith slachtmhar é agus cuireann na léaráidí den scoth, a tharraing comhlacht atá lonnaithe i gCill Chainnigh, The Cartoon Saloon, go mór leis.
Agus bhí an oiread sin measa ar an saothar sin san Ostair féin ag an am gur beag nach raibh sé ina léiriú ar an dóigh ar mhian leis na hOstaraigh go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad – sofaisticiúil, maisiúil, nua-aoiseach.
D’fheicfeá geansaithe na gcontaetha éagsúla á gcaitheamh ag na scoláirí mar léiriú ar an tsuim mhór sna cluichí agus coinníonn an clúdach teilifíse gach duine ar an eolas.
­­­­­­
Críochnaíonn an scannán *Saoirse?* le léiriú dólásach ar an gcríoch dhearóil a bhí leis an scoilt sa ghluaiseacht náisiúnta.
Agus í ina girseach óg, ní chuireadh sí críoch le dán go dtí go mbíodh léaráid déanta aici le cur leis, agus le linn a déaga dhéanadh sí cur síos ildaite ar na brionglóidí a bhíodh aici.
Léiriú maith é an spíce atá á chrochadh i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath, agus a chosain beagnach €5 mhilliún, ar an dóigh a bhfuil tús áite á thabhairt do na rudaí míchearta sa tír seo.
Is léiriú iad na heachtraí a tharla i Skelmersdale College le tamall anuas, dar le Tony Birtill, ar an dóigh a bhfuil bainisteoirí sna coláistí sa Bhreatain den tuairim gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh, iarmhairt eile de chuid ré Thatcher agus Major.
Léiriú eile é an scéal bréagach faoin Tiarna Lucan a foilsíodh i nuachtán Sasanach an mhí seo caite ar an dóigh a mbíonn na meáin chumarsáide sásta neamhaird a thabhairt ar an fhírinne uaireanta ar mhaithe le brabús, dar le Tony Birtill.
Measann Robert McMillen gur léiriú ab ea na círéibeacha a tharla i lár Bhaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo caite ar an mhíshásamh a bhraitheann go leor daoine le sochaí na hÉireann.
Ba thógáil meanman é do go leor daoine Foireann Choláistí Átha Cliath Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann a bhuachan le déanaí ach ní léiriú é an bua sin, dar le Colm Mac Séalaigh, ar staid na hiomána sa phríomhchathair.