(Is maith le hÉamonn Ó Doornail - eagarthóir *Beo Ar Éigean *- an uaim a bheith in ord aibítreach i gcónaí, agus éiríonn an fústaire rud beag fosaoideach agus fuadrach agus fuascrach fiú, mura ndéantar gníomh de réir a thola.
Tá mo shaol proifisiúnta ar fad caite agam i mBéal Feirste, i mBagdad, sa Bhoisnia, i mBéiriút – sin comhtharlúint uaime – ag amharc ar dhaoine taobh istigh de na limistéir sin ag dó agus ag fáil bháis.