Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dochásach hopeful, optimistic
" Tá seantaithí acu ar a bheith ag obair ar chúrsaí idirlín ó thaobh na leabhar de agus tá sé dochásach go n-éireoidh go maith leis an suíomh úr ealaíne seo.
dóchasach hopeful
" Níl sé dóchasach go nglacfar le moltaí an *Blueprint*, mar tá an iomarca eile ag tarlú sa Chumann agus gan dóthain daoine sa CLG buartha faoin iomáint.
dóchasach hopeful
" Sin le rá, coimeádann lucht sealúchais áirithe luach an talaimh ard trí gan ach méid beag den talamh athchriosaithe ar leo é a scaoileadh ar an mhargadh ag aon am amháin, nó coimeádann siad talamh nach bhfuil athchriosaithe acu féin agus iad dóchasach go ndéanfar é a athchriosú amach anseo.
dóchasach hopeful
" Agus séasúr úr cainteanna ag teacht, tá poblachtánaigh dóchasach go bhfuil turas rompu go fóill.
dóchasach hopeful
" " Luann sí freisin go bhfuil sí thar a bheith bródúil as cláracha ilchultúrtha na rannóige agus tá sí dóchasach go gcuirfidh na cláracha le normalú na ndaoine ó chultúir dhifriúla sa todhchaí.
dóchasach hopeful
" Tá Anna dóchasach, áfach, gur eisceacht, go pointe áirithe, é Má Nuad.
dóchasach hopeful
" Dúirt Hugh Mulholland, stiúrthóir an ghrúpa Éireannaigh, gur deis mhór é seo do na healaíontóirí a mbeidh a saothar ar taispeáint sa *Biennale *agus dúirt sé go raibh sé dóchasach go spreagfadh an chuairt seo spéis criticeoirí agus stiúrthóirí ealaíne idirnáisiúnta sa saothar suntasach neamhghnách atá á chruthú ag ealaíontóirí na tíre seo faoi láthair.
an-dóchasach very hopeful
" Ball amháin den CFI ná iarbhainisteoir Loch Garman, Liam Griffin, agus tá seisean an-dóchasach go mbeidh toradh maith, fiúntach ar obair CFI agus ar cheapadh an stiúrthóra nua iomána.
dóchasach, hopeful,
" Tá sí dóchasach, áfach, go dtiocfaidh an fonn ar ais san am atá romhainn.
An t-ábhar is mó dóchais the most hopeful thing
" É sin ar fad ráite, sílim gur Cill Chainnigh a bhuafaidh Craobh na hÉireann arís! An t-ábhar is mó dóchais i mbliana ó thaobh dul chun na hiomána sa todhchaí ná bua Átha Cliath i ngrád na mionúr agus Faoi 21 i gCúige Laighean agus an fhoireann Faoi 21 ag dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann.
tá údair éagsúla dhóchais ag an ALP. the ALP have many reasons to be hopeful.
" É sin ráite, tá údair éagsúla dhóchais ag an ALP.
an-dóchasach very hopeful
" Ni bheinn an-dóchasach faoi sin, áfach, mar sílim go mbuafaidh Ciarraí an pheil arís agus sílim go mbuafaidh Cill Chainnigh an iomáint.
dóchasach hopeful
" Bímis dóchasach gur athruithe chun feabhais a bheas i gceist agus gur fearrde astu a bheas an lucht spóirt.
dóchasach hopeful
" “Is duine soirbh agus dóchasach mise; bíonn an ghloine leathlán i gcónaí.
dóchasach hopeful
" Agus an toil pholaitiúil ann, tá sé dóchasach go dtiocfar ar réiteach, a dúirt Maskey.
dóchasach hopeful
" An bhfuil tú dóchasach, leathdóchasach nó an-dóchasach i leith a bhfuil i ndán don tír seo le hais na coda eile den domhan san am atá le teacht? Táim an-dóchasach.
éadócasach not hopeful
" Bhí sé éadócasach, searbh agus maslach go deimhin faoi chás na Gaeltachta, go háirithe Gaeltacht Chonamara.
dóchasach hopeful
" Tháinig iarurlabhraí Gaeltachta an pháirtí, Fergus O'Dowd, i gcomharbacht air agus bhí gníomhaithe teangan áirithe dóchasach go mbeadh a mhalairt de phort aige, ó tharla gur léir go bhfuil bá aige leis an Ghaeilge.
níos dóchasaí more hopeful
" ” Ní chiallaíonn sé sin go mbeidh ar 100% de na daoine atá ag cur fúthu sa nGaeltacht máirseáil chun go dtarlóidh na hathruithe seo, ach más féidir leo tacaíochta a thabhairt, a bheith níos dóchasaí ina gcuid suirbhéanna, más féidir leo litir a scríobh chuig an TD, más féidir leo a bheith i láthair ag na cruinnithe poiblí agus a dtoil láidir a léiriú go bhfuil siad ag iarraidh an teanga Ghaeilge agus an tsaíocht ar fad a bhaineann leí a chaomhnú, mura dtaispeántar an toil láidir seo nó mura mbíonn sé ann, níl tú chun aon difríocht a dhéanamh do stádas na Gaeilge.
dóchasach hopeful
" Ach caithfidh muid a bheith dóchasach agus dearfach.
ródhóchasach too hopeful
" ’ ===================== Ní bheinn féin ródhóchasach.
dóchasach faoi thodhchaí hopeful for the future
" Bhíomar ag cur is ag cúiteamh i gciorcal comhrá anseo i nGaillimh aréir, agus tá mé dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge.
dóchasach hopeful
" Dúirt stiúrthóirí an chomórtais, agus iad ag míniú na gcúiseanna a bhí acu leis an chomórtas a thabhairt amach as Londain, go raibh siad dóchasach go meallfadh an taispeántas lucht féachana níos fairsinge agus níos éagsúla ach é a bheith le feiceáil i gcathracha difriúla.
dóchasach hopeful
" Idir Dhá Chomhairle ============ **SMM: An bhfuil tú leathdóchasach faoina bhfuil ag titim amach maidir leis an nGaeilg sa nGalltacht?** BNC: Braitheann sé ar cén lá atá tú ag caint liom! (Gáire) Mar a tharlaíonn sé, inniu, tá mé dóchasach.
dóchasach hopeful
" Tá sí dóchasach go mbeidh siopa bláthanna aici lá éigin is faide anonn.
dóchasach hopeful
" Ach tá mé dóchasach nach ualach ar do ghualainn é.
dóchasach hopeful
" Fad is atá rialtas éillitheach Karzai i gcumhacht, áfach, nílim dóchasach go mbainfidh cosmhuintir bhocht fhadfhulangach na hAfganastáine an tairbhe chuí as an gcúnamh seo.
cad tuige go mbeadh muid dóchasach why would we be hopeful
" Ach tugaim dúshlán d'éinne a léifidh an cuntas seo a leanas ar iarrachtaí eagras stáit amháin scéim teanga a aontú leis an Roinn, a rá cad tuige go mbeadh muid dóchasach go bhfuil an Roinn in ann an jab ríthábhachtach a bhaineann le pleanáil teanga sa Ghaeltacht a chur i gcrích! Treoirlínte na Roinne ========= Is iad na scéimeanna teanga croílár Acht na dTeangacha Oifigiúla sa mhéid is go leagtar amach iontu na seirbhísí a bheas na comhlachtaí stáit éagsúla ag soláthar trí Ghaeilge.
dóchasach go n-éireoidh leo hopeful that they’ll succeed
" Beidh Droichead an Rialto, a tógadh i 1591 agus atá ar cheann de na séadchomharthaí is aitheanta sa Veinéis, le bheith leathchlúdaithe le fógraí gan mhoill agus tá an chomhairle dóchasach go n-éireoidh leo na cúig mhilliun euro atá de dhith leis an droichead a athchóiriú a ghnóthú as an chíos seo.
dóchasach faoi thodhchaí na heagraíochta hopeful about the organization’s future
" Tá Whelton dóchasach faoi thodhchaí na heagraíochta.
thar a bheith dóchasach very hopeful
" Bhí mé féin thar a bheith dóchasach nuair a d’fhógair siad an Straitéis Fiche Bliain.
bheith dóchasach to be hopeful
" Bliain úr nua ag tosnú agus ba mhaith liom a bheith dóchasach.
an rud is dóchasai fán taighde the most hopeful thing about the research
" " Deir Mac Ionnrachtaigh gurb é an rud is dóchasai fán taighde atá déanta aige ná cumhacht an duine aonair.
dóchasach hopeful
" D’ainneoin na ndeacrachtaí seo, tá Francie Molloy dóchasach faoin ‘Comhaontú idirnáisiúnta oibleagáideach’ mar a thug sé air, ach caithfidh an dá rialtas é a chur i bhfeidhm.
chuirfeadh sé gruaim ar an duine is dóchasaí amuigh would darken the most hopeful of persons
" Ag léamh a gcuid giolcanna, chuirfeadh sé gruaim ar an duine is dóchasaí amuigh.
an fiú a bheith dóchasach is it worth being hopeful
" Focal Mór agus Droch-Chur leis? ============= Ina fhianaise sin go léir, an fiú a bheith dóchasach go ndéanfar aon dul chun cinn le linn an dara Idirphlé Ardleibhéil de chuid na NA a bheidh ar siúl 3 – 4 Deireadh Fómhair? Tá an tÉireannach Peter Sutherland ina Ionadaí Speisialta de chuid Ard-Rúnaí na NA um Imirce agus ba eisean a mhol bunú an GFIF i 2006.
dóchasach hopeful
" Cé go bhfuil bearna idir na glúine ó thaobh cumas teangan de, tá Daniellou dóchasach.
dóchasach faoi hopeful about
" Mealladh na sluaite chuig an chathair, go leor acu a tháinig don chéad uair riamh, agus tharla mórán a dtig le muintir na cathrach a bheith sásta leis agus dóchasach faoi agus iad ag déanamh athbhreithniú ar an tréimhse shuntasach seo.
iontach dóchasach go rialófar ar mo shon very hopeful that my appeal shall be upheld
" Ar ndóigh, tá sé i gceist agam achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir Faisnéise sa chás áirithe seo agus tá mé iontach dóchasach go rialófar ar mo shon.
an-dóchasach very hopeful
" Ar cheart dúinn madraí a cheannach a fhad is go mbíonn tríocha madra tréigthe ag a n-úinéirí gach aon lá? Tá Kathrina Bentley, Bainisteoir Margaíochta le Dogstrust an-dóchasach go bhfuil athrú ag teacht, de réir a chéile.
dóchasach dearfach positive and hopeful
" An Rud a tChí an Leanbh, Ghní an Leanbh ================= Ní hamháin go mbeidh úsáid an ríomhaí chéime iontach ó thaobh na sláinte de ach beidh tú ag cruthú an dearcadh san aos óg go bhfuil atmaisféar dóchasach dearfach i gceist le cúrsaí spóirt atá sultmhar agus taitneamhach.
dóchasach hopeful
" Tá Dónall Ó Maolfabhail dóchasach nach leanfar ar aghaidh leis an bplean chun mótarbhalach a thógáil gar do Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí de bhrí go bhfuil fothoghchán Dála le bheith sa chontae an bhliain seo chugainn.
dóchasach hopeful
" Tá Robert McMillen dóchasach go n-éireoidh le Sinn Féin agus leis an DUP teacht ar shocrú stairiúil sna Sé Chontae go luath.
dóchasach hopeful
" Tá Pádraig Mac Éamoinn dóchasach go ndéanfaí Rialtas na hÉireann tuilleadh airgid a infheistiú sna hiarnróid go luath agus go dtiocfaidh forbairt mhór orthu dá bharr sin.
ródhóchasach overly hopeful
" Más aon léiriú é na fadhbanna atá ag Roinn na Gaeltachta scéim teanga a aontú le hOifig an Ombudsman, níl Breandán Delap ródhóchasach go mbeidh an Roinn sin in ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht.
Níltear dóchasach people are not hopeful
" Níltear dóchasach dar le Bearnaí Ó Doibhlin.