"'Dhia a mhic, cén mhoill atá ort? Caith do shoc amach ansin anois, nó beidh muid anseo go dtiocfaidh thiar aniar," arsa a athair agus iad ag iarraidh fáil ón fhobhóthar go dtí an príomhbhóthar agus ghluaisteáin ag siosarnaigh thart leis mar a bheadh an diabhal ann.
Bhí an cinéal sin síosóige sa halla a bhíonn ann go minic nuair a bhíonn scaifte cruinnithe, ach chomh luath is a chuaigh cathaoirleach na hoíche suas tháinig sos ar a raibh ann.