Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag teacht i méadaíocht growing up
" An Náisiúnachas Úr ======= Ba chomhartha é an ráiteas sin go raibh an "Náisiúnachas Úr" ag teacht i méadaíocht.
ag cruinniú nirt growing in strength
" Tá an cogadh ann leis, tá deireadh le sos cogaidh an UDA/UFF, tá easaontóirí poblachtánacha ag cruinniú nirt, tá coimhlint dhian idir Ombudswoman na bPóilíní agus an Phríomh-Chonstábla, agus tá tuirse ar achan duine.
seachas i méid instead of growing
" Ach is é an fhírinne, de bharr móramh a bheith i gcónaí ag an Rialtas sa Seanad agus de bharr chóras na haoireachta, tá tionchar an tSeanaid ar reachtaíocht ag dul i laghad seachas i méid.
gan é ag fás ach ar éigean it's barely growing
" Ach le cúpla bliain anuas, tá geilleagar na Gearmáine an-lag agus gan é ag fás ach ar éigean.
ag síorfhás continually growing
" Gach uair a ghlaonn mo chairde "Consaidin" orm (is é "Consaidin" leagan Gaeilge m'ainm baiste, Konstantinos, rud atá úsáideach agus an t-ainm céanna ort is atá ar leath na bhfear sa Ghréig!), samhlaítear dom gur cuid bheag bhídeach mé de phobal atá ag síorfhás ar fud na cruinne, is é sin an dream a labhraíonn nó atá ag foghlaim theanga na nGael.
ag méadú linn growing all the time
" "Tá muid ag méadú linn agus tá níos mó seomraí ag teastáil uainn.
ag síorfhás ever-growing
" " Cuir an staid seo agus an "tuile atá ag síorfhás" de ghnéasteachtaireachtaí na meán le chéile, arsa Benson, agus tá tubaiste agat.
ag éirí aníos growing up
" " Tá go leor eachtraí a tharla dó féin agus dá chairde agus iad ag éirí aníos i gcathair Chorcaí le fáil sa leabhar áirithe seo.
ag éirí aníos growing up
" Is í an Chantainis teanga dhúchais m'athar, ach níl sí ar a toil ag mo mháthair agus, dá bhrí sin, labhair an bheirt acu Béarla liom agus mé ag éirí aníos.
ag fás aníos growing up
" Ní raibh aon teagmháil agam leo ag an am sin, agus mé ag fás aníos i mo theaghlach bruachbhailteach Meiriceánach.
ag síorfhás growing continuously
" Tá Gaeltacht Chonamara faoi bhrú de bharr é a bheith buailte le cathair bhríomhar atá ag síorfhás agus a bhfuil a cuid bruachbhailte ag bogadh siar de réir a chéile.
ag éirí aníos growing up
" Cé nach as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Mhaebh, ní raibh sí rófhada uaidh agus í ag éirí aníos.
ag éirí aníos growing up
" Ní raibh ach baint an-bheag agam leis an nGaeilge agus mé ag éirí aníos amuigh anseo san Astráil.
eascarthach fast-growing
" Táimid dóchasach, áfach, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i ngach gné den mhargadh atá ann agus, i gcomhpháirt lenar gcliaint, go bhfuilimid chun cinn le seirbhísí nua a aithint agus a fhorbairt sa mhargadh eascarthach seo.
eascarthach fast-growing
" Táimid dóchasach, áfach, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn i ngach gné den mhargadh atá ann agus, i gcomhpháirt lenar gcliaint, go bhfuilimid chun cinn le seirbhísí nua a aithint agus a fhorbairt sa mhargadh eascarthach seo.
ag méadú growing bigger
" Tá na blianta ag imeacht go sciobtha! AÓF: Agus an gceapann tú go bhfuil sí ag fás nó ag fanacht mar an gcéanna? MUíF: Ó tá sí ag méadú i gcónaí, ach tá a lán oibre i gceist.
thosaigh siad á bhfás they started growing them
" Thug siad leo a gcuid bia agus mura raibh na glasraí nó pé rud eile a bhí uathu le fáil anseo, thosaigh siad á bhfás.
ag méadú de shíor. forever growing.
" Ach tá bearna shuntasach eatarthu anois agus tá an bhearna ag méadú de shíor.
ag éirí aníos growing up
" ” Nicholas féin, bhí suim aige sna *showbands* agus sa phopcheol agus é ag éirí aníos ach ba mhó an dúil a bhí aige i mbuíonta céilí na linne agus, ina dhiaidh sin, The Clancy Brothers agus na grúpaí a lean iad.
ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste, growing up in west Belfast,
" Nuair a bhí mé féin ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste, bhí pacáiste ar fáil do gach gasúr óg – cléireach altóra, ranganna damhsa Gaelach agus Cumann Lúthchleas Gael.
Ní fheadar cén barr a bhí ag fás anseo sular baineadh an fómhar. I wonder what crop was growing here before the harvest.
" Ní fheadar cén barr a bhí ag fás anseo sular baineadh an fómhar.
ag fás aníos growing up
" Bhí mé ag foghlaim na dteangacha sin agus mé ag fás aníos agus chuir mé suim ar leith sa teangeolaíocht agus sa litríocht.
ag éirí aníos. growing up.
" Is fidléir cáiliúil é siúd anois ach bhí píosaí d’fhidleacha agus de rudaí a bhain le fidleacha i gcónaí ar fud an tí nuair a bhí mé ag éirí aníos.
ag méadú go tapa, growing quickly,
" Bhí smaoineamh ag David clár a chur ar fáil don phobal Polannach, a bhí ag méadú go tapa, cúig nóiméad déag nuachta go díreach ón bPolainn nó rud éigin den saghas sin.
ag fás growing
" Triail nár éirigh léiDe réir a chéile, agus mé ag fás agus ag foghlaim, bheartaigh mé go ndéanfainn níos mó ná an liathróid a chiceáil as an bpáirc.
ag dul i dtreise growing stronger
" Maíonn na náisiúnaithe gurb í Alba an t-aon tír riamh a d’éirigh níos boichte i ndiaidh d’ola a bheith faighte inti! Ach maireann an bharúil i Sasana go bhfuil Alba ag dul i dtreise trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic agus gur beag a mbuíochas, ach a mhalairt.
ag éirí aníos growing up
" * Tugann an leabhar léargas dúinn ar shaol Barbara agus í ag éirí aníos i gCamas agus ar an gCeathrú Rua, ar ceantair i nGaeltacht Chonamara iad, i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí.
ag fás as cuimse, growing exponentionally
" Ó bhí na stailceanna ocrais ann i 1981, chonaic muid an páirtí ag fás as cuimse, a bhuíochas d’íobairt na ndaoine a fuair bás go doilíosach 27 bliain ó shin agus straitéis chliste a oibríodh amach taobh amuigh agus taobh istigh de charcair an tuaiscirt.
ag bailiú nirt growing stronger
" É sin ráite, níl aon amhras ach go bhfuil an príomhghrúpa atá i mbun feachtais ar son na poblachta, Australian Republican Movement (ARM), ag bailiú nirt faoi láthair.
ag fás as an bhfarraige growing out of the sea
" I bhfad uait, ar íor na spéire, feiceann tú foirgnimh mhóra Atlantic City ag fás as an bhfarraige mar *mirage*.
ag éirí aníos growing up
" Tá cleachtadh agat ar an choinne mhór sin mar gur pléisiúrtha an choinne í, mar go bhfeiceann tú go bhfuil na páistí ag éirí aníos, go bhfuil cairde acu, go bhfuil siad sona.
fás aníos growing up
" Ní raibh deis ag Séafra Ó Cearbhaill Gaeilge a fhoghlaím nuair a bhí sé ag fás aníos i Learpholl, ach nuair a phós sé Fiona, bean as an gCaisleán Nua, Contae an Dúin, chinn siad ar a gclann a thógáil le Gaeilge.
teacht i méadaíocht growing up
" Tá ciallachais mhóra ag an chlaonadh seo ar ndóigh do shochaí na hÉireann frí chéile ó tharla go measann lucht saineolais sa réimse seo go mbíonn dea-eisleamáirí fireanna de dhíth go mór ar ghasúirí agus iad ag teacht i méadaíocht - ar bhuachaillí ach go háirithe.
Ag fás aníos growing up
" Ag fás aníos dom, b’ionann a bheith gaelach agus an ghráin a bheith agat ar an sacar, an cluiche gallda, cluiche na mBlack a’ Tans, an cluiche a imríodh sna bailte garastúin agus i nDún na nGall! Nuair a bhéaradh na Bráithre Críostaí ar bhuachaill ag imirt sacair ar scoil, bhíodh sé ina míle murdair.
fás growing
" Tá garraí breá curtha ag an mbunscoil, ina bhfuil gach cineál glasra ag fás.
fás aníos growing up
" Is cuimhin leis gur labhair a sheanmháthair agus na seandaoine eile a dteanga féin nuair a bhí sé ag fás aníos, ach gur athraigh siad go Béarla nuair a tháinig sé isteach sa seomra.
teacht i méadaíocht growing up
" Bhíodh clanna móra ann agus bhíodh ról mór ag an mhuintir ar fad – idir sheandaoine agus ghasúir eile a bhí ag teacht i méadaíocht – i gcúram na leanaí óga.
Borrach growing
" Cé atá i gceist agam, a léitheoirí dílse? Cé eile ach Balor Borrach an Fiosraitheoir Fiafraitheach Fáidhiúil.
ag fás aníos growing up
" (Is dóigh liom go raibh a leithéid le sonrú i mBéal Feirste agus mise ag fás aníos ann sna caogaidí agus seascaidí, ach sin scéal do lá éigin eile.
ag fás aníos growing up
" Ó thús go deireadh, tugtar thú isteach i mBéal Feirste na haoise sin ina raibh Séamus ag fás aníos mar stócach óg i gcuideachta agus i gcomhluadar a dhearthár Seán agus a mhuintire uilig.
fás aníos growing up
" Faoin am a bhuaileamar aeir ar RTÉ a hAon bhí tuiscint níos fearr agam ar chumhacht na hócáide tar éis fás aníos ó na putóga ionam.
i dtreis growing in strength
" Mo bhreithiúnas ar an gceol? Is i dtreis atá an seanghairbhéalaí gutha ag dul.
ag fás aníos growing up
" Cluiche na Fola ======== Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith.
ag borradh gan chloigeann growing with no head
" Gan cheannairí ainmnithe, ámh, níl éinne le gabháil ag na póilíní, agus tá an ghluaiseacht ag borradh gan chloigeann.
Bhí borradh faoi gach rud everything was growing
" Bhí borradh faoi gach rud ar feadh i bhfad agus ní raibh rialtas ar bith ag iarraidh é a cheistiú, ba chuma cén tsiocair a bhí leis.
ghlúin aníos generation growing up
" B’fhéidir le Dia go bhfaighidh an ghlúin aníos inár ndiaidh ciall cheannaithe as an am chorrach seo agus go gcuirfidh siad caoi ar an tír.
ag saothrú an bhia growing food
" Míníonn sé an chaoi ar thosaigh daoine ag saothrú an bhia seachas a bheith ag seilg agus ag bailiú, agus an chaoi inar tháinig an fheirmeoireacht chun cinn go tapa in áiteanna áirithe agus an chaoi nár tháinig ar chor ar bith in áiteanna eile.
ag fás aníos growing up
" Bheadh tuiscint ag na hÉireannaigh i Sasana ar théamaí an dráma seo: ag tógáil clainne i dtír iasachta; ag éisteacht leo ag fás aníos le blas *Scouse/Brummie/Cockney* ar a gcuid cainte; ag filleadh abhaile leo chun samhradh ídileach a chaitheamh i measc do mhuintire féin; agus an t-imni a bhionn ort faoi drochthionchar na cathrach móire orthu.
saothrú lus an chodlata the growing of opium
" Níl aon amhras ach go bhfuil baint ag Matiullah le saothrú lus an chodlata agus i dtrádáil na hearóine agus, níos measa fós, go bhfuil sé ag obair as lámh a chéile leis an Talaban.
ag fás gan stad gan staonadh growing constantly
" Bhí earnáil an airgeadais ag fás gan stad gan staonadh le daichead bliain anuas.
rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht described her growing up
" In Ard Eoin a rugadh agus a tógadh Íosa Mhic Giolla Mháire, an bhean a rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht sa cheantar sin mar an t-am ba shona riamh ina saol.
i mbun fáis growing
" Mo thuairim go gcoinneoidh sé air i mbun fáis.
ag fás aníos growing up
" ) Ní iontas rómhór é sin do bhall d'Eaglais na hÉireann ag fás aníos mar John Casey ag deireadh an 19ú haois i gceantar bocht Shr.
aos óg atá ag teacht i méadaíocht the generation now growing up
" Is beag an t-ualach a bheas san aos óg atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair ar an státchiste sna blianta beaga amach romhainn.
ag fás de ghnáth growing generally
" Tá sé imithe ó smacht cheana féin sa Ríocht Aontaithe mar a mbíonn 80,000,000 crann fuinseoige ag fás de ghnáth.
ag fás i ngleanntán foscúil growing in a quiet valley
" Crainn óráistí ag fás i ngleanntán foscúil.
ag fás aníos growing up
" Tá go leor ar m’aithne ag siúl thart a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh mar gheall ar eachtra thromchúiseach a thit amach nuair a bhí siad ag fás aníos.
bhí sé ag teacht i méadaíocht when he was growing up
" Deir sé nach raibh aon deacracht aige féin an teanga a fhoghlaim nuair a bhí sé ag teacht i méadaíocht i dTiobraid Árann ach gur beag tairbhe a bhí sa Ghaeilge dá chomhscoláirí a chuaigh ar an bhád bhán go Sasana.
borradh faoin nuáil innovation (was) growing
" Agus gan amhras ar bith, bhí laghdú ar phraghsanna, borradh faoin nuáil, agus éagsúlacht agus rogha don chustaiméir mar thoradh air fosta.
agus mé ag fás aníos while I was growing up
" “Cumannaigh a bhí i m’athair agus i mo sheantuismitheoirí, mar sin ní raibh Críostaíocht de chineál ar bith sa teach agus mé ag fás aníos.
agus mé ag fás aníos as I was growing up
" "Thuig mé riamh anall agus mé ag fás aníos go raibh nasc idir an athbheochan pobalbhunaithe teanga a bhí againn i mBéal Feirste, a raibh mé féin mar chuid agus mar dhéantús de, agus streachtailt na teanga sa Cheis Fhada agus an dóigh a ndeachaigh an tréimhse sin i bhfeidm ar an chlaochlú phobail a tharla i ndiaidh na stailceanna ocrais,” a dúirt sé liom.
ag éirí níos láidre in aghaidh an lae growing stronger by the day
" Nuair a mheasctar Deutsch agus Englisch ar an tslí seo, cruthaítear teanga aisteach chrosanta mar thoradh: Denglisch a thugtar ar an bhFrankenstein seo de theanga agus tá an ollphéist ag éirí níos láidre in aghaidh an lae.
bhí borradh ag teacht faoin gcumann the club was growing
" Ach bhí bunchloch leagtha agus bhí borradh ag teacht faoin gcumann.
an daonra ag fás the population is growing
"an daonra ag fás agus ag dul in aois agus tá an chuma ar an FSS anois go bhfuil sé ar shéala cliseadh.
ag teacht i méadaíochta growing up
" Ní raibh an ghlúin úr a bhí ag teacht i méadaíochta i ndiaidh an chogaidh ábalta a gcuid sinsir a a leanstan chuig na longchlóis Cois Chluaidh.
an spórt is mó fás the fastest growing sport
" Maíonn Cumann Peil Gael na mBan a bunaíodh i 1974 gurb í peil na mban an spórt is mó fás in Éirinn le roinnt mhaith blianta anuas.
tá borradh ag teacht faoin earnáil the sector is growing
" ” Mar sin, tá borradh ag teacht faoin earnáil.
agus mé ag fás aníos as I was growing up
" Bhí cur amach agam ar chúrsaí ceoil tríd an gclár raidió agus sheinntí ceirníní Ghael Linn sa bhaile go minic agus mé ag fás aníos.
bagairt a gcinn thar dhroim a chéile growing aloft
" É sin a dhéanamh chomh tapa in Éirinn agus ab fhéidir sula gcuirfeadh aon duine de na comharsana stop leis an rás rud a d’fhéadfadh tarlú dá mbeadh gáirdín deas lusanna chromchinn nó lusanna eile ag ‘bagairt a gcinn thar dhroim a chéile’.
ag fás aníos growing up
" Cad é na chéad chuimhní atá aici ag fás aníos di? “Ceapaim gurb é an chéad chuimhne cheart atá agam ná dhul ag an ospidéal le castáil le mo dheartháir nua - Diarmuid - nuair a bhí mé dhá bhliain go leith nó mar sin.
an chéad ghlúin eile aníos the next generation growing up
" Ba cheart dúinn níos mó aird suntasach a thabhairt ar an fhadhb seo mar shaoránaigh na tíre, mar is ar leas an aosa óig atá muid agus an chéad ghlúin eile aníos inár ndiaidh.
bhí mé ag fás aníos I was growing up
" ** ENE: Is iomaí scéal faoi Jimmy Gralton a chuala mé nuair a bhí mé ag fás aníos.
ag fás aníos growing up
" Le máthair is athair ag obair go lánaimseartha agus mé ag fás aníos i dteaghlach seachtair, tógadh sinn ar ‘iontais an aon phota’ mar a thugtar air i mBéarla.
ag dul i méadaíochta growing up
" An bhfuil muid i ndáiríre rófhalsa le hainm na ndroichead seo a aimsiú? An bhfuil a laghad sin meas againn ar ár logainmneacha agus ar an timpeallacht is go ndéanfaimid beag is fiú den ghné ríthábhachtach sin dár n-oidhreacht? Tá an baol ann dá bharr go gceilfear ainmneacha agus seanchas na mbóithríní agus na ndroichead ar ghlúin úr a bheas ag dul i méadaíochta san am atá le teacht.
ag éirí aníos growing up
" Cé gurbh as Éirinn tuismitheoirí Paula Kehoe, níor chuala sí trácht riamh ar an nGaeilge agus í ag éirí aníos san Astráil.
ag éirí aníos growing up
" Agus í ag éirí aníos sna Stáit Aontaithe, chreid Mary Beth Taylor gur daonlathas ceart a bhí sa tír, ach níl sí den tuairim sin a thuilleadh.
ag éirí aníos growing up
" Cé gurbh as Conamara athair \Chonchobhair Uí Raighne níor labhair sé aon Ghaeilge lena chlann agus iad ag éirí aníos i Sasana.
ag éirí aníos growing up
" Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoina saol ag éirí aníos i gConamara, agus faoin obair atá ar siúl aici anois mar chomhairleoir saoil.
ag éirí aníos growing up
" Bhí Colm Ó Snodaigh an-tógtha le cuid ceoil The Boomtown Rats agus é ag éirí aníos agus bhí áthas nuair a fuair sé deis bualadh le Bob Geldof agus le ball eile den ghrúpa i mbliana.
ag fás go fóill still growing
" Tá athbheochán de shórt ag fás go fóill inár dtír bheag fhéimheach, dar le AnnMarie Flanagan, agus is in earnáil ríthábhachtach atá an athbheochan feiceálach, an córas oideachais.
ag fás aníos growing up
" Níor ghá spórt ar bith a reáchtáil don óige nuair a bhí Colm Mac Séalaigh ag fás aníos.