Nuair a bhíonn an bád faoi sheol, bíonn thart fá ceathrar de dhíth le hí a oibriú, ach fanann achan duine ar bord, mar de ghnáth seolann tú ar feadh tamaill, ansin titeann an ghaoth, nó téann sí sa treo mícheart, ansin tógtar na seolta anuas agus tosaítear ag iomramh.
Faoi dheireadh agus faoi dheoidh tugadh Balor isteach i seomra beag cúil ar bharr an tí, áit a raibh Mickey ina shuí ar inneall rámhaíochta, é ag dul chun tosaigh agus ar chúl, chun tosaigh agus ar chúl, gan stad.
Agus iad ag fás aníos agus ag teacht in inmhe, ba ghnáth le deartháireacha Uí Chathasaigh a bheith ag dreapadh an tsléibhe in aice leis an mbothán inar tógadh iad nó ag rámhaíocht ar Abhainn na Snaidhme arb í an bealach ba ghaire taistil a bhí acu idir an baile, Bealach, agus An tSnaidhm, an baile ba ghaire dóibh.
Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhain siad amach cumas, cáil agus gradaim níos déanaí i spóirt na coraíochta, an iomraimh, na rothaíochta, na dornálaíochta agus an tarraingt téide, spóirt ar fheil an láidreacht, an aclaíocht agus na scileanna a d’fhoghlaim siad le linn a n-óige dóibh.
Ní dócha go raibh sé seo ar intinn lucht a eagraithe (an Béal Feirsteach Liam Carson agus a fhéile IMRAM) nuair a choimisiúnaigh siad an chéad lá riamh é ach tabharfaidh an choirm seo teachtaireacht láidir faoin Ghaeilge, measaim - gur áis í a dtig le gach duine sult a bhaint aisti beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht.