Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur chuige going about it
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
sna beanna going out of her mind (lit. on the cliffs, about to jump over)
" Bhí a máthair sna beanna ag an diabhal rud agus ní thiocfadh leat amharc ar a hathair ach an oiread.
ag freastal ar a gcúraimí laethúla going about their normal routine
" Is mian leo go leanfadh bunadh na cathrach orthu ag freastal ar a gcúraimí laethúla, agus teastaíonn uathu go leanfadh turasóirí orthu ag teacht chun na cathrach.
ag imeacht lena dtoisc féin going about their own business
" " Ní raibh a fhios ag Aifric cad é le rá agus shuigh siad ansin go díreach, lámh ar lámh, ag amharc ar achan duine eile ag imeacht lena dtoisc féin.
i mbun gnótha going about their work
" Dar liom, is fearr na tráchtairí Gaeilge, idir lucht TG4 agus Raidió na Gaeltachta, ná na tráchtairí a bhíonn ag RTÉ (seachas Mícheál Ó Muircheartaigh) mar, dar liom, tá siad níos nádúrtha i mbun gnótha.
cén chaoi a gcuireann tú chuige? how do you go about doing it?
" AÓF: An bhfaigheann tú deacair é píosaí a chumadh, nó cén chaoi a gcuireann tú chuige? MÓR: Ceapaim go bhfuil sé iontach deacair píosaí a chumadh.
tabhairt faoi go about it
" Creideann sé go láidir gur féidir talann nádúrtha a fhorbairt ach tabhairt faoi i gceart.
ní sin an dóigh le dhul ina cheann that's not the way to go about it
" “Nó má tá, ní sin an dóigh le dhul ina cheann.
cén chaoi a dtugann tú faoi? how do you go about it?
" An bhfuil sé deacair amhrán a chumadh nó cén chaoi a dtugann tú faoi?* ENíC: Táim fós ag iarraidh freagra na ceiste sin a fháil! Ní fheadar cén chaoi a dtarlaíonn sé.
Cén chaoi ar thug sibh faoin tionscadal? How did you go about the project?
" ***AÓF: Mar sin, ba rud nádúrtha é, is dóigh, an pacáiste seo de dhioscaí a chur amach am éigin le cur leis na leabhair, ach an raibh mórán trioblóide ag baint leis seo a eagrú? Cén chaoi ar thug sibh faoin tionscadal?*** TMU: Bhí cuid mhaith i gceist leis an tionscadal a chur i gcrích.
dul i mbun sléachta agus áir to go about slaughter
" “Cén chaoi ar féidir linn stádas an laoich a bhronnadh ar dhaoine a bhraith go raibh ceart diaga acu dul i mbun sléachta agus áir ar shráideanna Bhaile Átha Cliath? Ní raibh na hÉireannaigh faoi chois ag Sasana ag an am; ní raibh a leithéid de rud agus sclábhaíocht sa tír.
ag dul i mbun cúrsaí an tsaoil fhíorúil going about their business in the virtual world
" Bíonn na rannpháirtithe ag dul i mbun cúrsaí an tsaoil fhíorúil seo amhail is dá mba é an fíorshaol é.
áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga. a place where he went about intensive study on the language
" ”Seal sa Ghaeltacht I mí an Mhárta anuraidh chuir Bishop faoi i dTír an Fhia i Leitir Móir, i nGaeltacht Chonamara - áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga.
bhí amhras orm faoi dhul síos an bóthar céanna. I was in doubt about going down the same road
" Cad é mar a tharla sé sin? “Tá a fhios agat an t-amhrán sin de chuid Bob Dylan, ‘Stuck Inside of Mobile With the Memphis Blues Again’? Bhuel, tá línte san amhrán sin atá an-oiriúnach sa chás seo: ‘And here I sit so patiently, Waiting to find out what price, You have to pay to get out of, Going through all these things twice’! Bhí drogall orm ag an am, bhí amhras orm faoi dhul síos an bóthar céanna.
ar tí a bheith ar siúl about to be going on
" Agus na Cluichí Oilimpeacha ar tí a bheith ar siúl i mBéising i mí Lúnasa, ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú le cearta daonna mhuintir na Tibéide a chur chun cinn.
ar tí imeacht abhaile, about to go home
" An lá áirithe seo, agus é ar tí imeacht abhaile, d'iarras air éisteacht le píosa ceoil a bhí díreach cumtha agam.
is é píobaire an aon phoirt é he goes on about the one thing
" Sa chéad líne den dán deir Hanrahan *“We’ll all be rooned”*, agus is é píobaire an aon phoirt é an duine céanna.
ach tabhairt faoi i gceart but to go about it in the right way
" An Léirstean ===== Cé gur shíl go leor de lucht leanúna Dhún na nGall nach raibh ábhar foirne ann tar éis dóibh cailleadh i gcoinne Ard Mhacha in 2010 leis an scór 2 – 14 i gcoinne 0 -11, chreid Mac Géibheannaigh go bhféadfadh an fhoireann craobhacha a bhuachan ach tabhairt faoi i gceart.
nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis who didn’t ‘go on about’ how he was treated
" Ba dhuine umhal ciúin é Norman nach ndearna paidir chapaill den dóigh ar caitheadh leis tar éis na gcluichí i Meicsiceo.
Is é an dóigh go ndearna sí staidéar she went about studying
" Is é an dóigh go ndearna sí staidéar ar an mhéid a bhí le rá ag na meáin chumarsáide agus ar pholaiteoirí agus thug sí faoi deara go raibh na Moslamaigh curtha le chéile in aon dream amhrais amháin, d’ainneoin a gcúlraí difriúla.
Bhí sí ar tí imeacht uaidh she was about to go
" ” “Tugann tú Éireannach ort féin?” a dúirt sí, agus díchreideamh ina glór, “Agus níl aon chur amach agat ar an Modh Coinníollach?” Bhí sí ar tí imeacht uaidh nuair a chonaic sé go raibh cuileog ag snámh thart sa phionta Carlsberg a bhí sí ag ól.
conas tabhairt faoi how to go about it
" - Neamhspleachas - Is fút féin conas tabhairt faoi agus cé leis a dtabharfaidh tú faoi.
faoin aisling atá imithe ar strae about the vision gone astray
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
an dóigh le dul ina bhun how to go about it
" Chan fhaca mise, mar a dúirt mé, script teilifíse riamh agus ní raibh a fhios agam an dóigh le dul ina bhun, ach d’inis sé an oiread sin dúinn ag an tús agus an dóigh le scripteanna a scríobh.
faoi ghrá a chuaigh i bhfuaire. about love that went cold.
" Tá scéal ag Colm Ó Snodaigh an mhí seo faoi ghrá a chuaigh i bhfuaire.