Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de réir fhigiúirí an daonáirimh according to census figures
" Dúirt daoine liom gur chuimhin leo grúpaí a raibh baint acu leis an Eaglais Chaitliceach, leithéidí Ridirí Colambanus, ag moladh do Chaitlicigh a gcreideamh a líonadh isteach sna foirmeacha ar an ábhar, dar leo, go raibh an Stát athraithe agus gur measadh riachtanais maidir le seirbhísí oideachais, sláinte agus cultúir de réir fhigiúirí an daonáirimh.
an figiúr sin a mhéadú fá thrí to increase that figure by three
" Nílim ag rá gur leor é, ba mhaith liom an figiúr sin a mhéadú fá thrí ar a laghad as seo go ceann deich mbliana, ach fós is éacht ollmhór atá i gceist.
phearsa chonspóideach controversial figure
" Tá Príomhaire na hIodáile, Silvio Berlusconi (65), tar éis a bheith ina phearsa chonspóideach i gcúrsaí polaitíochta idirnáisiúnta ó d'éirigh lena pháirtí lárnach deasach, Forza Italia, teacht i gcumhacht arís i mí na Bealtaine anuraidh.
meallta sna figiúirí disappointed in the figures
" Cinnte, bhí náisiúnaithe iontach meallta sna figiúirí a nochtadh sa daonáireamh, Sinn Féin ach go háirithe.
lena bhfigiúirí with their figures
" Ní aontaím lena bhfigiúirí ná lena gcinneadh.
figiúirí féachana viewing figures
" Tá an chosúlacht ar an scéal go mb'fhéidir go bhfuil baint ag figiúirí féachana agus ag brú lucht fógraíochta le roghnú na gcluichí seachas cothromaíocht idir peil agus iomáint.
nílim tar éis teacht chun réitigh go hiomlán leis I haven't totally figured it out
" Agus dob ait liom ar fad é agus nílim tar éis teacht chun réitigh go hiomlán leis.
de réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí according to the latest official figures
" Ní nach ionadh mar sin, de réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí, go bhfuil 4,176 duine fásta agus 1,405 páiste ina gcónaí ar shráideanna an stáit seo.
figiúirí beachta accurate figures
" Níl figiúirí beachta ag Roinn Cosanta na Breataine ach i bhfreagraí éagsúla a tugadh don House of Commons, tuairiscíodh i 1999 go raibh 155,000 saighdiúir ar dualgas sna Sé Chontae ar a laghad uair amháin; in 2001, áfach, tuairiscíodh gur chaith 330,000 tréimhse sa chúige.
oibrithe amach figured out
" Tá cúpla cineál éin a bhfuil sé oibrithe amach acu gur fearr an bhuaf a iontú bunoscionn agus gan ach an leath íochtair a ithe, áit a bhfuil an nimh i bhfad níos laige.
bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh based on census figures
" Ní chuirfear an cóimheá idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla i gceantair Ghaeltachta as a riocht mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar.
dealbha nochta naked figures
" Uaimh mhaisithe atá i gceist, fuarán ina lár, agus é á choinneáil suas ag dealbha nochta.
phearsa stairiúil historical figure
" ” San agallamh céanna, lean Clooney, ar duine é a mbíonn na meáin ag déanamh béal bán leis féin de ghnáth, ag lústar le JFK naofa, agus dúirt gurb é Kennedy an phearsa stairiúil, thar aon duine eile, ba mhaith leis a chur faoi agallamh.
caldar fir a fine figure of a man
" Ach sula bhfuair Sorcha nó Siobhán faill aisfhreagra a dhéanamh, lig caldar fir goldar as agus thiontaigh an bhean úr a ceann ina threo.
bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh based on census figures
" Is chuige sin atá an choinníoll teanga de dhíth mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar.
fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga little windows covered in small figures
" Sa seomra suí chrom sé go staidéarach os comhair an chórais cheoil, an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú, focail greanta os a gcionn, fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga—bhain sé scil as tamall sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as agus log ciorclach ann, áit ar leag sé an dlúthdhiosca go cúramach.
léiríonn na figiúirí the figures show
" Arís eile, léiríonn na figiúirí an forás as cuimse atá tagtha ar Ghaeltacht na Gaillimhe le hais na nGaeltachtaí eile.
cuid de na pearsana stairiúla a Ghaelú. to Gaelicize some of the historical figures.
" Tá mé idir dhá chomhairle fosta faoin chinneadh a rinneadh cuid de na pearsana stairiúla a Ghaelú.
na céadta deilbh hundreds of figures
" In 2005 a tugadh "Another Place", an t-ainm cnuasaitheach atá ar na céadta deilbh múnlaithe ar chorp Gormley féin, ar an suíomh cois farraige ina bhfuil siad suite, agus is fáilte, a bhí idir chroíúil agus dhoicheallach, a chuir bunadh na háite rompu.
trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, by placing sea-weed wigs on the figures,
" Dála a gcomharsana i Newcastle, a ghléas "Angel of the North", saothar eile de chuid Gormley, i ngeansaí peile Newcastle United, ghlac roinnt Scousers an deis lena mbarúil féin a chur in iúl trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, agus aisteach go leor, péint bhuí a chur ar a gcuid magairlí! Ní raibh i gceist ag an tús go mbeadh na figiúirí suite ar an trá ar bhonn fadtéarmach ach nuair a tháinig deireadh leis an chonradh le Gormley le déanaí, thosaigh feachtas áitiúil le iad a choinneáil ann go buan.
go bhfuil tuigbheáil ag cuid mhór daoine do na figiúirí stuama aonaracha seo that a lot of people appreciate these steady solitary figures
" Ach is léir go bhfuil tuigbheáil ag cuid mhór daoine do na figiúirí stuama aonaracha seo agus go spreagann siad machnamh agus tuairimí éagsúla.
na figiúirí meirgeacha seo these rusty figures
" Nuair a bhíothas ag bailiú tuairimí ón phobal i rith na conspóide dúirt duine amháin go bhfuil idir uaigneas agus ríogacht ag baint leis na figiúirí meirgeacha seo ar an trá agus go bhfuil níos mó i gceist ná ealaín amháin.
duine rábach dathúil a dashing handsome figure
" Ba shaighdiúir agus píobaire an-mhaith é Donald agus duine rábach dathúil a bhí tógtha leis an ól.
créatúr miotaseolaíochta mara, a marine mythological figure,
" Déanann rí na rónta seilchí de Éile Rua ar ball, is é sin, créatúr miotaseolaíochta mara, seal ina rón, seal ina dhuine daonna, agus maireann Éile idir dhá shaol – idir muir agus talamh.
go méadóidh an méid sin faoi dhó that that figure will double
" Táthar ag tuar go méadóidh an méid sin faoi dhó d’fheachtas 2008.
ard-draoi na bhfigiúirí, the high druid of the figures,
" Sruth leanúnach de na páipéir chéanna á dtabhairt ag reathairí sealaíochta chuig “an gCeann Tallaí”, ard-draoi na bhfigiúirí, suite lena *acolytes* os comhair altóir na teicneolaíochta.
ar fhigiúirí díolacháin on distribution figures
" Tá meath leanúnach tagtha ar fhigiúirí díolacháin na nuachtán ar fud na cruinne le scór bliain anuas, mar shampla.
Agus ach an oiread le daoine eile mór le rá Like other famous figures
" Agus ach an oiread le daoine eile mór le rá a bhí íocónach agus tragóideach, leithéidí Elvis Presley, Marilyn Monroe agus Jim Morrison, tá daoine ag léiriú spéis ollmhór inti go fóill – ina saothar agus sa saol pearsanta a chaith sí leis an fhile Ted Hughes sular chuir sí lámh ina bás féin.
go leor daoine polaitiúla mór le rá a lot of important political figures
" Is cinnte fosta go mbeidh go leor daoine polaitiúla mór le rá na coigríche – idir lucht tacaíochta, dóibh siúd atá in aghaidh an chonartha agus “*headbangers*”, más fíor d’Enda Kenny – ag tarraingt ar an tír seo sna míonna beaga amach romhainn lena gcás a leagan os comhair an phobail.
ag iarraidh oibriú amach trying to figure out
" Bíonn cuma chomh fríd a chéile orthu; bíonn cuma orthu, chóir a bheith, go bhfuil siad i bpian, ag iarraidh oibriú amach cad é faoi Dhia atá á rá agat.
ansmacht na bhfigiúirí díolacháin oppression of sales figures
" Tá *Lá* ag strácáil riamh anall le hansmacht na bhfigiúirí díolacháin agus ní dócha gur i bhfeabhas atá siad ag dul.
De réir na bhfigiúirí díolacháin is deireanaí according to the most recent sales figures
" De réir na bhfigiúirí díolacháin is deireanaí atá eisithe ag an Audit Bureau of Circulation (ABC), díoltar ar a mheán 160,000 cóip den *Irish Independent* gach lá; 118,000 cóip den *Irish Times*; 107,000 cóip den *Irish Sun*; 103,000 cóip den *Irish Star*; 83,000 den *Evening Herald* agus den *Belfast Telegraph* araon; 73,000 den *Irish Mirror*; 56,000 den *Irish Examiner* agus 49,000 den *Irish News*.
tsuim figure
" Ní íocfar an tsuim seo gan deimhniú gur freastalaíodh ar an Chomhdháil, ach ní gá aon chruthúntas a chur ar fáil gur thaisteal tú i do charr féin nó gur fhan tú san óstán atá luaite leis.
Suimeanna beaga small figures
" Suimeanna beaga airgid - €200 nó €150.
mheabhraigh figured
" Caitheadh amhras ar iontaofacht an phictiúir roimhe seo, 34 bliain ó shin nuair a mheabhraigh Philip Kingsley ina leabhar, The First Casualty, gur chuidigh saighdiúirí poblachtacha leis an pictiúr a chruthú nuair a bhí siad i bhfad ar shiúl ón chath.
síleann figure, think
" Seo ag am nuair nach bhfuil a lán gnáthdhaoine sásta vótáil do Pháirtí an Lucht Oibre mar síleann siad nach bhfuil suim ag Gordon Brown iontu.
Tá barúil agam I figure
" Tá barúil agam nár leor Gaeilge lofa (ooooops! Gabh mo leithscéal: Gaeilge líofa) Liatroma fá choinne an phoist.
Easpa Uimhreacha lack of figures
" Easpa Uimhreacha Maidir leis an ghaelscolaíocht, níl bunús staidreamh nó staitisticí ar bith tugtha san anailís dá dtionchar ar an fhórsa oibre sa bhliain 2006.
staidreamh figures
" Is ríshoiléir ón staidreamh thuas go bhfuil drochbhail ar theangacha bundúchais na hAstráile, ach níl an scéal caillte go huile is go hiomlán.
staidreamh figures
" Ar feadh na mblianta, bhí an tSeapáin ar an dara geilleagar is mó ar domhan, ach léirígh staidreamh a foilsíodh an mhí seo caite gur sháraigh an tSín í.
staidrimh figures
" Bhí éagsúlacht shuntasach idir na staidrimh féinmheasta agus iad bunaithe ar innéacs corpmhaise, a léirigh go raibh 62% de na fir agus 45% de na mná sa mheastachán aicmithe mar róthrom nó murtallach.
na déithe beaga (over-rated) public figures
" Cuirim i gcás na déithe beaga atá i mbéal an aosa óig, is beag duine acu siúd a bhfuil na tréithe seo aige nó aici.
mórthaibhseach gigantic figure
" Cé go dtuigfimid ón tús gur duine righin, tirim, imníoch atá fréamhaithe sa stair é agus é ag iarraidh léacht a thabhairt i gcuimhne ar a athair iomráiteach, mórthaibhseach, GB Ó Ceallaigh, laoch sa seanmhódh agus údar mór Gaeilge, tá ‘an fear’ ina abhcóide láidir, feidhmiúil in ann a phléadáil go paiseanta i nguth ioróineach, searbhasach faoi chúrsaí agus faoi staid na Gaeilge mar atá sí inniu.
samhlaíodh do Bhalor Balor figured
" Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil an tír seo i gcruachás, ach an aon leithscéal é sin le Coimisinéir Fiacla a cheapadh? Agus é ag iarraidh go mbeidh tuiscint níos fearr aige féin agus ag an phobal ar ról an Choimisinéara Fiacla, samhlaíodh do Bhalor nárbh fhearr rud a dhéanfadh sé ná agallamh eisiach a chur ar an duine seo nach bhfuil mórán cainte faoi, ná faoina oifig, i measc Ghaeil na hÉireann, ach go mbeidh an-chaint faoi go luath.
ardú mheán an sainuimhir intleachta a raise in the average IQ figures
" D’fhreagair sé go raibh ardú mheán an sainuimhir intleachta ag tarlú sa dá thír dá bharr! Lá ’le Pádraig i gCathair Séanna ================= Thug Julia Gillard, Príomh-Aire na hAstráile, aitheasc croíléiseach ag dinnéar ollmhór a reáchtáladh in Sydney le Lá ’le Pádraig a cheiliúradh i mbliana.
sílim gur mháchail muid I think we spiked, slanted (the figures)
" Ach bhí cáineadh déanta, b’fhéidir dhá nó trí de bhlianta ó shin, faoina laghad ban a bhí ar raidió in Éirinn, ach sílim gur mháchail muid na figiúirí go raibh oiread ban ag craoladh (gáire).
tá Balor ag déanamh go B. figures that
" Tá Walsh i ndiaidh táille ard a íoc le Mars Barra ar chúrsa bainisteoireachta a mhairfidh deich lá agus deich n-oíche, ach tá Balor ag déanamh go mbeadh Louis fós in áit na leathphingine fiú dá ndéanfadh sé cúrsa deich mbliana léi.
shíl mé mo dhóthain aithne a bheith agam ar I figured I knew (Jacques) well enough
" An té a bheadh siúlach in Éirinn sna hochtóidí, bhí ceist mhór amháin ina chroí: ‘cén fáth a mbíonn na daoine ag marú a chéile?’ Is ceist é a cuirtear orm féin fós ó am go chéile san iasacht: ‘cén fáth a mbíodh na Críostaithe ag marú a chéile?’ arsa Muslamach liom uair, ‘nach mar a chéile iad?’ Nuair a shíl mé mo dhóthain aithne a bheith agam ar Jaques, chuaigh mé sa seans ar an gceist chéanna.
shileann tú í bheith aimsithe agat you think you’ve figured her out
" Cad é mar a chuireann tú síos ar Julie Feeney? Chomh luath is a shileann tú í bheith aimsithe agat, nochtar gné eile dá pearsantacht, dá cuid ceoil, dá hintleacht.
bhí mé ag ceapadh I figured
" Tá an-spéis agam féin ann ach bhí mé ag ceapadh nach mbeadh aon spéis ag éinne eile ann, ach an rud a chur ionadh orm ná an méid sin daoine a tháinig aníos chugam níos déanaí nach raibh aon aithne agam orthu ó cheann ceann na tire, as ceantair Ghaeltachta éagsúla, na hoileáin, muintir Bhaile Átha Cliath.
Léiríonn figiúirí oifigiúla official figures show
" Léiríonn figiúirí oifigiúla go bhfuil an dífhostaíocht giota maith níos airde i measc na gCaitliceach ná mar atá sé i measc na bProtastúnach agus is ceantracha Caitliceacha iad 16 as an 20 bardas is mó atá faoi míbhuntáiste ó thuaidh ach tá aontachtaithe ag craobhscaoileadh na bréige go bhfuil gach "lamháltas" á thabhairt do Chaitlicigh, agus buanú na deighilte "iad" agus "muid".
ag ceapadh figuring
" Is dóigh liom nach raibh mórán eolais a’m ar Sheanad Éireann ná ar a bheith i do sheanadóir roimhe seo ach go raibh fhios a’m roinnt daoine a chuaigh romham, Nioclás Ó Conchobhair agus Pól Ó Foighil mar a déarfá, agus níor thuig i ndáiríre cén bunús a bhí acub ó thaobh a bheith ag ceapadh reachtaíochta agus mar sin de, ach tá tuiscint i bhfad níos fearr a’m anois ar an ról poiblí.
uimhreacha líon figures (for the) number
" Tá cam muiníl, nó skewing, ar uimhreacha líon na gcainteoirí Francaise sa daonáireamh, dar liom, cionn is go maíonn Éireannaigh bhréagacha go bhfuil líofacht na Francaise acu, nuair nach bhfuil acu ach Francais na scoile, an Fhrancais a chodail amuigh.
An Uimhríocht a Chinnfeas the figures shall decide
" " An Uimhríocht a Chinnfeas ============== Nuair a bheas na vótaí uilig caite agus comhairthe, tá seans maith ann gur beag a bheas idir an dá pháirtí.
mheas móramh na nGael most of the Irish figured
" Victor Bayda as Ollscoil Moscó ag trácht ar eachtra den chineál seo níos luaithe i mbliana, cheapfainn gur mheas móramh na nGael a chonaic é nach n-oibreodh an leigheas a bhí á mholadh aigesean.
tháinig laghdú ar an líon coireanna the crime figures decreased
" Ach léiríonn staidrimh choiriúlachta gur tháinig laghdú ar an líon coireanna le linn an chúlaithe is deireanaí.
tá na uimhreacha seo go deas these are good figures
" Glac le m’fhocal, tá na uimhreacha seo go deas! Carr Tíosach ar an mBreosla ============ Arís, ar pháipéar, ba cheart go dtabharfadh an carr seo tiomáint tíosach duit.
De réir staidrimh according to research/figures
" De réir staidrimh, ba cheart go mbeadh 12,000 céim tógtha ag cailíní óga, 15,000 céim fá choinne buachaillí agus 10,000 céim do dhaoine fásta in aghaidh an lae.
na huimhreacha sin those figures
" Ar na huimhreacha sin tá an chuma ar an scéal go bhfuil dhá rogha réadúil ann: FF agus FG i gcomhrialtas le chéile agus 84 suíochán eatarthu nó FF, LO agus SF le chéile le 79 suíochán agus iad ag brath ar roinnt Teachtaí Dála neamhpléacha, leis an rialtas a choinneáil i gcumhacht.
sprionlaithe truamhéalacha parsimoneous and piteous (figures)
" Taispeántas suntasach é seo ó láimh an dealbhóra Eilbhéisigh Giacometti, a mheabhraíonn duit an neart atá i gcolainn an duine de réir mar a bhí sé samhlaithe ag mórealaíontóirí le linn na hAthbheochana, sa Ré Bharócach agus sa Ré Nuachlasaiceach - agus ag figiúirí sprionlaithe truamhéalacha Alberto Giacometti - atá le feiceail i ndánlann álainn an Villa Borghese.
Léiríonn staidreamh figures show
" ) Léiríonn staidreamh a thug Fáilte Éireann ar fáil dom ar na mallaibh go bhfuil beagnach trí mhilliún euro caite ar chomharthaíocht do Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Mheas reckoned, figured
" Mheas Tony Birtill go mbéarfaidh cuairt an Uachtaráin Mícheál D.