Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díothú sibhialtachta the extermination of a civilization
" Dúirt George Bernard Shaw uair faoi lucht nuachta nach bhfuil ar a gcumas idirdhealú a dhéanamh idir taisme rothair agus díothú sibhialtachta.
campaí díothaithe extermination camps
" Cuireadh na Giúdaigh faoi Dhlíthe Nuremberg, ansin ó 1941 seoladh go dtí baile geiteo darbh ainm Terezín iad, ansin ó Terezín go dtí na campaí díothaithe.
luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú. the extermination of the people of this ghetto began.
" Agus Giúdaigh á dtabhairt go dtí an chathair ó chearnaí eile den Eoraip cuireadh geiteo ar bun i mí an Mhárta 1941 chun iad a choinneáil agus in earrach na bliana dár gcionn luíodh isteach ar mhuintir an gheiteo seo a dhíothú.
díothú extermination
" go dtí gur tháinig na francaigh: luchóga móra a tháinig ina milliúin agus ina mbilliúin agus a rinne scrios agus léirscrios agus sléacht agus díothú ar gheilleagar na ríochta.
díothú extermination
" Beidh le feiceáil an leanfar ar aghaidh leis an nasc sin le linn do McCausland a bheith ina Aire Saíochta ach i ndiaidh ionradh, gorta, díothú, neamhaird agus gach rud eile, glacfaidh sé níos mó ná an fear seo le tairne eile a cur i gcónra na Gaeilge.
mbaol a dhíothaithe in danger of extermination
" Ina fhianaise sin go léir, ní dhéanfar iontas de go n-áiríonn Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhfuil na hEmberá ar na pobail dhúchais sa Cholóim atá i mbaol a dhíothaithe.
díothú extermination
" Bhí díothú na Gaeilge ag tarlú chomh sciobtha sin.
dhíothú teanga language extermination
" ) Léiríodh ag an Tóstal chomh maith nach dtuigeann an sách an seang, is go n-amharcann cuid de mhuintir na Galltachta, bíodh sé ina hiar-Ghaeltacht, ina hath-Ghaeltacht, nó mar is fearr a sheachaint, ina húr-Ghaeltacht, ar dhíothú teanga na Gaeltachta mar dhíothú teanga ar bith, ní hionann is briseadh slabhra saíochta na mílte bliain.
campaí báis extermination camps
" Cé leis an ealaín a cruthaíodh sna campaí báis i ré na Naitsithe, ealaín a chruthaigh na cimí faoi éigeantas go minic.
díothú na teanga the extermination of the language
" Ní hé Joe Mc Hugh is measa ach Enda, an Taoiseach le Gaeilge a bhfuil an oiread sin drochmheasa aige orainn is go gceapfadh sé duine gan Ghaeilge ina Aire Stáit Gaeltachta! In áit a cháinte, b’fhearr a bheith ag iarraidh dul i bhfeidhm ar Joe Mc Hugh agus tacaíocht a ghealladh dhó dá mbeadh sé de mhisneach aige dul i ngleic le díothú na teanga sa méidín beag den Ghaeltacht ina bhfuil sí fós á labhairt.