Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
diongbháilteacht determination
" Chuir an méid a bhí le rá ag O'Doherty (aontachtaí Caitliceach) iontas orm agus an diongbháilteacht lenar sheas sé an fód do na *wee six*.
diongbháilteacht determination
" Ach chuaigh diongbháilteacht ionadaithe na cathrach i bhfeidhm go mór air.
an rún dionbháilte atá acu the determination that they have
" Cuireadh an "Tribute in Light" ar siúl in onóir na ndaoine a chaill a mbeatha ar an lá millteantach sin, chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad mhuintir Nua-Eabhrac agus an rún dionbháilte atá acu an chathair a atógáil.
dhiongbháilteacht determination
" Ansin tosaíonn an tÍocharán ag caint) A Bhaloir, a iriseoir is ansa liom ar domhan, is mór an meas atá ag léitheoirí na cruinne ort féin agus ar do scríbhinní, ar do dheisbhéalachas agus ar do dhiongbháilteacht leis na ceisteanna crua; agus os rud é gur chuir tú an cheist chomh deaslabhartha agus chomh múinte sin, déanfaidh mé í a fhreagairt: na crúibíní! Sin freagra do cheiste! Ar mhaithe leis na crúibíní a tháinig mé anseo.
diongbháilteacht determination
" Léirigh siad tréithe fíorsheaimpíní: scil, diongbháilteacht, féinmhuinín, spiorad agus imirt foirne agus go mórmhór an cumas tábhachtach sin scóranna a aimsiú ag an am ceart sa chluiche, mar shampla sa cheathru deiridh den chluiche leathchraoibhe i gcoinne an Chláir.
diongbháilteachta determination
" Ba ghearr gur thuig mé go raibh struchtúir ghramadaí an-chasta sa Ghaeilge, nach mbeadh sé éasca í a fhoghlaim agus go dtógfadh sé neart ama agus diongbháilteachta chun mo chuid féin a dhéanamh di.
teacht aniar agus diongbháilteacht. resilience and determination.
" Ó bheith i mo ghníomhaí polaitiúil, d’fhorbair mé teacht aniar agus diongbháilteacht.
diongbháilteacht determination
" Beidh sé deacair, ach is cinnte go bhfuil an cur chuige agus an diongbháilteacht ag Pádraig le hé a bhaint amach.
Le teann díograis with sheer determination
" Le teann díograis, d’éirigh le Roche agus a buíon bheag briseadh tríd an gCuirtín Iarainn.
meon diongbháilte a set mind, determination
" Ní hamháin sin ach teastaíonn meon ar leith ón duine a dteastaíonn uaidh buaic na glóire a bhaint amach – meon diongbháilte, láidir a chuireann ar chumas an duine roghanna deacra a dhéanamh, roghanna a chinnteoidh nach dtitfidh sé i leataobh nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne sna dúshláin mhóra a bhaineann le gach aon spórt.
tiomantas determination
" Leis na dúnmharuithe is déanaí ó thuaidh, is léir go bhfuil an tiomantas atá ann i measc na ngnáthdhaoine agus i measc na bpolaiteoir níos daingne ná aon bhaol nó aon bhagairt.
rúndaingne resolution, determination
rún daingean determination
" Ach bhí a fhios ag muintir na háite go raibh siad ann agus bhí rún daingean acu leac a chur ar an áit.
tiomantas determination
" Ní hionann sin le rá nach bhfuil iarrachtaí aonaracha nó imeachtaí sléibhteoireachta á n-eagrú thall is abhus, ach ní léir dom go bhfuil aon tiomantas náisiúnta ná mórphlean comhordnaithe ann le forbairt a dhéanamh ar an tsléibhteoireacht anseo.
dhiongbháilteacht determination
" An bhfuil todhchaí shíochánta an réigiúin ag brath ar dhiongbháilteacht na heagraíochta rúnda seo siúl thrí cheantracha nach bhfuil fáilte rompu agus crosadh atá á thabhairt dóibh ag Peter Robinson ar aon dul chun cinn ar réimsí eile polaitíochta? Is furasta a chreidbheáil.
diongbháilteachta determination
" Ní easpa airgid, nó easpa diongbháilteachta, ag an phointe seo, a chuirfidh bac ar fhás na Síne sa réimse seo, ach cúrsaí cultúir.
diongbháilteacht determination
" Deir saineolaithe go bhfuil Katie Taylor inchurtha le fear ar bith maidir le scil agus teicníc, agus i ndiaidh a catha i gcoinne Queen Underwood, is léir go bhfuil misneach agus diongbháilteacht dochloíte aici freisin.
dhiongbháilteacht an Rialtais governmental determination
" “Níl aon mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga.
a bhuíochas sin dá dhiongbháilteacht thanks to his determination
" Ach choinnigh sé leis agus chuaigh TnaG ar an aer Oíche Shamhna 15 bliana d’éag ó shin, a bhuíochas sin dá dhiongbháilteacht.
an diongbháilteacht determination
" Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.
diongbháilteacht determination
" Tá a lán buanna ag Brian Ó Drisceoil mar imreoir rugbaí – tuiscint, scil, diongbháilteacht, luas – ach thar aon ní eile, is í an chrógacht an tréith is suntasaí a bhaineann leis dar liom.
dúthracht le hearcú oibrithe great determination to recruit workers
" Tar éis an dara cogadh domhanda chaith comhlachtaí Meiriceánacha dúthracht le hearcú oibrithe ó Phórtó Ríce chun folúntais a líonadh i monarchana san Oirthuaisceart.
Fulaingt agus Diongbháilteacht suffering and determination
" Fulaingt agus Diongbháilteacht ============= Éacht ar leith é dá bhrí sin, éacht mór millteach, Craobh an Domhain a bhuachan faoi mar atá déanta ag Rob Ó hIfearnáin agus éacht atá inchurtha (mura bhfuil siad sáraithe aige) le héachtaí laochra eile spóirt na tíre bige seo le trí scór bliain anuas, laochra ar nós Uí Dhubhshláine, Uí Chochláin, Ní Shúilleabháin, Nic an Táilliúra, Uí Arrachtáin, Uí Dhuinn agus Carruth.
Tá an tiomantas sin inbhraite that determination is palpable
" bia, tithíocht, sochaí, teaghlach) Tá an tiomantas sin inbhraite gach uair a eisítear uasghrádú nua in aon teicneolaíocht, gach uair a sheoltar dearadh nua ar an margadh.
ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné F’s determination was the aspect
" Dar le Colm Mac Séalaigh, ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné a chinn go mbeadh blianta fada glórmhara ag Manchúin Aontaithe chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe.