méid an fháiltithe
the extent of the welcome
Is aisteach ar bhealach
méid an fháiltithe agus an ceiliúradh a deineadh mar, tar éis an tsaoil, is foireann í seo nár bhuaigh aon chraobh ná corn agus nár éirigh léi dul chomh fada fiú amháin le cluiche ceathrú ceannais an chomórtais.
an oiread forbartha
the extent of the development
Is ábhar iontais é
an oiread forbartha atá i ndiaidh theacht ar an ghrianghrafadóireacht thar na blianta.
an oiread forbartha
the extent of the development
Is ábhar iontais é
an oiread forbartha atá i ndiaidh theacht ar an ghrianghrafadóireacht thar na blianta.
go pointe áirithe.
to a certain extent
Agus is dócha gurb ea,
go pointe áirithe.
go pointe áirithe.
to a certain extent
Bhí an-tóir ar Scullion sna hochtóidí agus bhí am ann gur shíl cuid mhór daoine in Éirinn go dtabharfadh an domhan mór aird orthu, rud a tharla
go pointe áirithe.
sa mhéid is go
to the extent that
Is Protastúnach mé
sa mhéid is go leanaim mo choinsias i gcónaí, is cuma sa f***** diabhal cad a deir daoine eile.
sa mhéid seo
to this extent
Ionchollú luathfhoirmle ‘Nationwide’ na linne seo a bhí ann, ach bhí sé éagosúil leis
sa mhéid seo a leanas.
sa mhéad is gur
to the extent that
Ba gheall le bua é an toradh ó thaobh foireann Átha Cliath de
sa mhéad is gur éirigh leo rud a dhéanamh nár éirigh le Tiobraid Árann ná le Corcaigh a dhéanamh agus ba é sin Cill Chainnigh a chur faoi bhrú agus an lámh in uachtar a fháil orthu ar feadh tréimhsí suntasacha den chluiche.
sa mhéid
to the extent
Tá straitéis suimiúil á leanúint ag an dá phríomhpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil,
sa mhéid go bhfuil iarrthóirí i gceantracha áirithe roghnaithe trí phróiséas agallaimh seachas theacht frí chóras cruinnithe áitiúla de bhaill an pháirtí.
ní nach beag
to a considerable extent
Bhí tionchar
ní nach beag freisin ar rochtain níos fairsinge ar leathanbanda sreangtha, gan sreang agus soghluaiste i dtíortha forbartha.
sa mhéid
to the extent
Bhí dea-shampla tugtha ag Pádraig Ó Snodaigh
sa mhéid is go raibh sé ag foilsiú go leor saothar agus ag tabhairt aitheantais do scríbhneoirí agus is dócha gur theastaigh uaimse an rud céanna a dhéanamh, ach a dhéanamh i gConamara.
den chuid is mó
to any great extent
Tá eolas a'm ar shaol atá le feiceáil sna scannáin, saol nach bhfuil ann a thuilleadh
den chuid is mó, ach go háirithe thart ar Silicon Valley.
Cuma na Maitheasa
perfect to all extents and purposes
Cuma na Maitheasa, Ceilt na hAinnise
===============
Léiríonn an tuarascáil leis go bhfuil dlúthcheangal ann idir an bhochtaineacht agus an t-uaigneas.
méid na deighilte
the extent of the divide
Léiríonn borradh na bhfíor-Fhionlannach
méid na deighilte atá idir ceannairí na hEorpa agus muintir na hEorpa agus go bhfuil an baol anois ann go rachaidh an chosmhuintir a mbealach féin.
sa mhéid
to the extent
Ba léir dom go raibh an córas oideachais ag cliseadh
sa mhéid is nach raibh bunscileanna matamaitice ag sciar mhór de na mic léinn a bhíodh ag tabhairt faoin tríú leibhéal.
sa mhéad is gur
to the extent that
Bhí tús beag curtha leis an obair bunaithe ag Máire Geoghegan-Quinn, a bhí mar Aire Cumarsáide sa gcomhrialtas a thit as a chéile sa bhliain 1992,
sa mhéad is gur cheap sí Pádraig Ó Ciardha mar chomhairleoir di ar cheist na teilifíse.
fírinne éigin sa mhéid sin
true to some extent
” Agus má chaitear súil aon mheandar amháin ar an nGréig, ar an Spáinn nó ar an Iodáil, gan ach cuid de na tíortha a lua ina bhfuil an geilleagar ina phraiseach iontu, tá
fírinne éigin sa mhéid sin.
sa mhéid go
to the extent that
Is téarma míchruinn mífhéaráilte é
sa mhéid go gcuireann sé sinn ag smaoineamh ar choirpigh chontúirteacha, cé gur gnáthdhaoine iad tromlach na n-inimirceach seo nach bhfuil uathu ach deis a fháil ar shaol níos fearr.
Sa mhéid
to the extent
**SMM: An duine eisceachtúil thú ó thaobh muiníne? -
Sa mhéid go bhfuil tú in ann imeacht ó thír go tír, agus ó theanga go teanga gan mórán stró, mar bheadh daoine go leor eile a bheadh rófhaiteach lena leithéid a dhéanamh?**
BL: Tá mé á dhéanamh le blianta anois agus tá mé cleachta leis, ach braithim go bhfuil mé ag tuirsiú.
sa mhéid
to the extent
Cé go raibh teagasc na ndiagairí seo bunaithe ar dhea-luachanna, droch-chleachtas dlí a bhí ann
sa mhéid is go raibh sé préamhaithe ar choincheap iontach teibí a bhféadfaí brí leathan a bhaint as.
mhéid an domhain
the extent of the world
Níor bhain sé ach an garspás (near space) amach agus ar scála
mhéid an domhain, bhí sé fós measartha íseal.
sa mhéid is nár saothraíodh an teanga
to the extent that the language had not been actively used
Bhain dúshláin leis an ardmhian seo,
sa mhéid is nár saothraíodh an teanga i réimsí oifigiúla le beagnach 400 bliain.
sa mhéid is go
to the extent that
“Yeah, bhí an ceol i gcónaí sa teach
sa mhéid is go mbíodh ceachtanna ag dul ar aghaidh an t-am ar fad - rinne muid gach rud ó bhailé go dtí an bosca ceoil.
bhí sách éiginnte sa mhéad is
which was uncertain enough to the extent that
Leag an Stát dualgas reachtúil ar Údarás RTÉ sa reachtaíocht bunaithe (1960) a
bhí sách éiginnte sa mhéad is nach raibh le déanamh ag RTÉ ach an aidhm náisiúnta maidir leis an nGaeilge a choiméad ‘i gcuimhne i gcónaí’ agus an dícheall a dhéanamh cabhrú leis an aidhm sin ‘a chur i gcrích’.
D’éirigh an chaint teasaí go leor
matters became heated to some extent
D’éirigh an chaint teasaí go leor.
sa mhéid
to the extent
D'éirigh lena bhfeachtas
sa mhéid is go raibh sé ar cheann de na ceisteanna ba mhó díospóireachta le linn olltoghchán na bliana 2011.
ar bun sách forleathan
to a fairly wide extent
Caithfidh sé go mbíonn na heachtraí maslú seo ag titim amach
ar bun sách forleathan mar rop buíon stócach an rud céanna chugam féin agus fear ar m’aithne nuair a bhí muid ag labhairt Gaeilge sa tsráid i mbaile mór in iarthar na hÉireann.
sa mhéid is go
to the extent that
Conradh maith é seo don Bhreatain
sa mhéid is go mbeidh siad in ann a mhaíomh go bhfuil a gcuid spriocanna i leith fuinneamh in-athnuaite á gcomhlíonadh acu ach nach bhfuil gá oidhreacht agus áilleacht na tíre a scrios dá thairbhe.
chomh mór ar a thoil aige
command of to the same extent
D'fhoghlaim seisean an teanga sa Churrach le Máirtín Ó Cadhain sna daicheadaí, ach ní raibh an Ghaeilge
chomh mór ar a thoil aige is a bhí ag mo mháthair.
sa mhéid is
to the extent
An Síneadh Láimhe Riachtanach
===============
Bhí agus tá na meáin Ghaeilge éagsúil go maith ó na meáin Bhéarla
sa mhéid is go bhfuil muid ag brath go huile is go hiomlán ar dhéirc an stáit.
ach is beag sin
to some small extent
Tá obair mhór déanta ag dornán ollscoileanna sa Bhreatain agus i Meiriceá len é seo a chur ina cheart
ach is beag sin.
Laghad Líon a gComhad as Méid a Saothair
the scant number of their files despite the large extent of their work
Laghad Líon a gComhad as Méid a Saothair
=================
Ach dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta 88% de na cáipéisí a bhí acu faoin ábhar a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
go tréan i gcúlra
to great extent in (the) background
Má áirtear gur duine homafóbach nó ciníoch an té atá i gceist, cén chaoi a ndéantar sainmhíniú agus bainistiú ar lipéid den sórt sin? Agus cé leis na lipéid sin? An t-íospartach nó an t-úsáideoir? Cé hé ‘réiteoir’ chluiche na lipéad?
Tá cumhacht na teanga in úsáid mar uirlis shóisialta agus mar bhuthal aithneachtála
go tréan i gcúlra na ceiste seo; go ndéantar daoine ar leith a aicmiú de réir iompair, tuairimí agus de réir chur i láthair.
sa mhéid is
to the extent
B’fhéidir go bhfuil cuid den locht ar an bhForas
sa mhéid is gur bronnadh an conradh ar lucht gnó nach bhfuil spéis acu sa Ghaeilge ach le brabach a dhéanamh aisti.
go tréan
to a great extent
Tá Tony Birtill ag cuimhneamh siar ar bheirt a d’imigh uainn ach a d’fhág lorg a láimhe
go tréan ar an ghlúin ina ndiaidh.