Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Síneann sí it extends
" Síneann sí, ar feadh daichead míle, ó Ghleann na nGealt go Dún Chaoin agus thairis sin siar go dtí na Blaoscaodaí.
a shíneadh amach to extend
" Dhlúthaigh dúnmharaithe bhaill an RUC mórtas cine na n-aontachtach, na bProtastúnach, thiontaigh go leor acu isteach iontu féin agus ba doiligh leo lámh a shíneadh amach chuig na daoine, dar leo, a bhí ag déanamh sléachta ar phlúr na bhfear s'acu.
a shíneadh to extend
" Tá siopaí a dhíolann cosmaidí Afracacha agus píosaí fada gruaige - fíor agus saorga - leis an ghruaig a shíneadh.
níl teaghlach forleathnaithe extended family
" Bhog mo theaghlach ó áit go háit nuair a bhí mé óg, agus níl teaghlach forleathnaithe ar bith agam sna Stáit Aontaithe.
atá ag síneadh which extends
" Ritheann abhainn na Finne fríd an ghleann seo atá ag síneadh aniar ó na Cruacha Gorma go dtí Alt na Péiste ar an taobh thoir, agus Cnoc na hAmaid agus na Sídhe Rothaí ar an taobh ó thuaidh.
a shíneadh amach to extend
" Nó is anseo atá teorainn a chuid Gaeilge, teorainn a chumais Ghaeilge, agus ba chóir dó iarracht a dhéanamh teorainneacha a chuid Gaeilge a shíneadh amach.
an cosc a leathnú to extend the ban
" Tá pleananna ann chun an cosc a leathnú go dtí an taobh Francach.
ag síneadh i dtreo na spéire extending towards the sky
" Faoi dheireadh na míosa seo, beidh spíce caol ard, a bheas sé huaire níos airde ná Ardoifig an Phoist, ag síneadh i dtreo na spéire ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.
réidh lena lámh a shíneadh amach ready to extend her hand
" "Bhí sí i gcónaí réidh lena lámh a shíneadh amach i dtreo rudaí nua.
forleathnaithe extended
" Tá an t-achar idir baill na dteaghlach forleathnaithe sa tír ag fás leis, agus cinntíonn na háiteanna seo i bhfad ar shiúl, ina gcónaíonn tuismitheoirí agus seantuismitheoirí, nach mbeidh siad ina gcuid lárnach de shaol laethúil a bpáistí agus a ngarpháistí a thuilleadh.
ag síneadh na sreinge thart an coirnéal extending the chord around the corner
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
shín amach a cos she extended her leg

leathnú extending
" Ach creidim má tá an Cumann Lúthchleas Gael le bheith dáiríre faoi scaipeadh agus leathnú an chluiche go gcaithfidh siad plean cuimsitheach a chur le chéile a chinnteoidh é sin.
ag síneadh síos go cladach extending to the shore
" Tá an talamh roinnte suas ina phíosaí caola fada, ag síneadh síos go cladach.
síneann sí it extends
" Tosaíonn sí taobh thoir thuaidh de Cape York in oirthuaisceart na hAstráile agus síneann sí 2,000 ciliméadar ó dheas le cósta Queensland.
sínte amach aige extended
" Léiríonn a phíosa "Christos Aneste", atá le feiceáil in eaglais i nGlaschú, Íosa á shíneadh féin amach ón chrois, a lámha fuilteacha sínte amach aige, Sátan fágtha ar chroch ar a chúl.
Síneann sé it extends
" Síneann sé ó Dhroichead Shéarlais suas go dtí an caisleán.
na meatáin a shíneadh i gceart to extend the muscles properly
" Nuair a bhí foireann Átha Cliath ag imirt agus ag traenáil sna 70í, thraenáil siad an-dian ar fad, ach ní raibh aon eolas ná tuiscint acu ar 'théamh suas' i gceart, na meatáin a shíneadh i gceart, deochanna cearta agus bia ceart a thógáil, 'téamh síos', folcadh oighir a ghlacadh agus mar sin de.
á síneadh being extended
" Cuireann sé cathú orainn leis an ghloine fíona atá á síneadh aige inár dtreo ach cuireann Caravaggio in iúl dúinn nach bhfuil an truailliú agus an meath i bhfad ar shiúl.
agus shín uaidh a lámh á lorg and he extended his hand looking for it
" Gluais • Glossary slatairea slip ar dhath na mealahoney-coloured lasairflame tochtdeep emotion ó shaol na mbeofrom the world of the living deorantachtaloofness colgrage caidéisinquisitiveness ar a buaicat its highest point go lomghéagachwith bare limbs reoitefrozen leáitemelted carnthaheaped gágacracks saothar na seanbhaiclethe work of the old crowd cleiteánpainter's brush cuideachtúilsociable leafa gáirefaint smile brí fhiáin na beathathe wild meaning of life amhrasachsuspicious ag bá na dtuamaídrowning the tombs go híoróntaironically go neamhshaoltaethereally í a fháscadhto squeeze her tathagsubstance go duasmántagloomily ní háil léi iad a dhíolshe doesn't want to sell them an dúluachairmidwinter cor tolgachstrong turning movement Fastaím!Nonsense! an chreachthe booty bruth féasóigea fluff of beard sméid sí isteach éshe beckoned him in súimínsip coscairtthaw i ngátarin distress ar foluainfluttering i mbreo samhratain a summer-like glow ciumhaisedge ina sheilbhin his possession agus shín uaidh a lámh á lorgand he extended his hand looking for it rian a choshis footprints
le lámh an mhuintearais a shíneadh amach to extend the hand of friendship
" Bealach é seo le lámh an mhuintearais a shíneadh amach i dtreo lucht Gaeilge ar fud an domhain agus chun an Ghaeilge a cheiliúradh ar stáitse nua domhanda.
shínfidís timpeall an domhain they would extend around the world
" Dá ndéanfaí iad seo a pháirceáil le chéile, shínfidís timpeall an domhain – 125 uair! Chun méadú mór ar an truailliú a sheachaint, ní foláir go n-éireofaí as peitreal a dhó sna féithiclí seo.
a shíneadh to extend
" Ní raibh ach cineál amháin leapa aige agus ba ghnách leis cosa a chuid custaiméirí a shíneadh nó a ghearradh le hiad a chur i bhfóirstean di.
ag síneadh ó bhun barr an bhóthair extending from the bottom to the top of the road
" Tháinig na sluaite le chéile anseo oíche Déardaoin le paidreacha agus amhráin a rá agus líne coinnle gan bhriseadh ag síneadh ó bhun barr an bhóthair.

caomhnú agus leathnú na Gaeilge the preservation and extending
" In Alt 8 den Acht, tá ráiteas a deir “déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar phríomh-mheán chumarsáide a *spreagadh*.
le corrmhéar sínte forefinger extended
" Casfaidh muid ceann, a dúirt sé, ach cén ceann? Dhún sé a shúile, chas timpeall cúpla uair, trí, ceithre, cúig huaire, timpeall níos sciobtha, sé, seacht, thosaigh ag titim, d’ardaigh gach aon lámh agus rinne iarracht greim a fháil ar an aer, dhírigh é féin, chuir cos go místuama amach ar leataobh, ar ais arís, cos eile chun tosaigh, shiúil sé agus lámh amach roimhe san aer, ghluais go mall le corrmhéar sínte gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca—d’oscail sé a shúile.
a chrúca sínte amach, his paw extended,
" Uair amháin ghlaoigh sé isteach chugam is sheas go sollúnta i bhfráma an dorais, aghaidh liath dháiríre air, súile faiteacha, a chrúca sínte amach, lán le pinginí an lae, agus dúirt go mall béasach mar ba dhual dó: ‘Luach dhá phunt ochtó naoi de do *hash* is fearr, led’ thoil.
sínte amach romhainn. extending in front of us.
" B’álainn an radharc a bhí againn nuair a dhúisigh muid maidin Dhomhnach Cásca agus farraige ghlasghorm Chaladh Kaipara sínte amach romhainn.
ag síneadh extending
" Déanann an focal "tunga" cur síos ar chruth an phíosa talaimh mar go bhfuil sé ar nós teanga ag síneadh amach sa chaolas.
an Pháil a leathnú amach, to extend the Pale,
" Ach bhí an Rí John ag iarraidh an Pháil a leathnú amach, agus mar sin bhí port daingean de dhíth air le lónta a chur chuig a fhórsaí in Éirinn.
shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais. the teacher extended his hand to the door handle
" Sheinneas an ríl go réasúnta maith agus nuair a chríochnaíos, shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais.
síneann sé it extends
" Anois síneann sé cúig mhíle ó cheann ceann na cathrach agus is siúlóid ollmhór é.
sínte extended
" Chomh maith leis sin, tá teaghlach mór sínte againn araon i mBaile Átha Cliath.
fearadh na fáilte extend a welcome
" Nuair a d’éirigh leis an pálás a bhaint amach faoi dheireadh, bhí Dermo ag fanacht leis chun fearadh na fáilte a chur roimhe.
ag fearadh extending
" Tá mé ag fearadh fáilte roimh lucht na meán cumarsáide amach ar an phortach Dé Luain seo chugainn (sónraí thíos) le cuidiú beag éigin a thabhairt leis an mhóin a tharraingt abhaile in éineacht le roinnt teaghlach.
síneadh extending
" Níl sa leanbh ach síneadh leis an scéal sin, caibidil eile i mbeathaisnéis an tuismitheora féin.
tá coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá night extends imperceptably
" Tá na gasúir ar ais ar scoil, tá claochlú ar an aimsir, tá coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá agus táim féin ar ais ag obair tar éis briseadh máithreachais, ach tuilleadh faoi sin níos faide anonn.
dul i bhfad extending
" Anois, agus dhá chraobhchluiche na hÉireann imeartha, craobhacha na céachtaíola thart, na laethanta ag dul i ngiorracht agus na hoícheanta ag dul i bhfad, is fadálach agus is leadránach an mhí atá romhainn amach.
agus mo sciathán sínte amach while my arm was extended
" Tharla sé toisc go raibh mé ag oibriú an tua oighir, rud a mhaolaigh sruth na fola im’ ordóg agus mo sciathán sínte amach uaim.
ag baint faide as extending
" Ní go hannamh a cheapann daoine go bhfuil an dlíodóir ag baint faide as an chás ar mhaithe le tuilleadh airgid a shaothrú.
ná urraim agus ceart a roinnt leis than extending respect and right(s) to
" Dearcann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo ar an dóigh gur mó ag páirtithe móra na hAstráile a sochar polaitíochta féin ná urraim agus ceart a roinnt leis an té atá thíos.