Nuair a cuireadh ceist ar an Taoiseach in Ollscoil Harvard faoin ábhar seo ar na mallaibh, faoi an raibh sé i gceist ag an rialtas reatha aon athrú a dhéanamh ar an stádas vótála, thug sé
freagra séimh seachantach agus é ag maíomh nach bhféadfaí é seo a dhéanamh i gcás na hÉireann leis an 70m gael a bhí thar sáile! Dar ndóigh, tuigeann an Taoiseach go rímhaith nach raibh sé sin i gceist ariamh, in aon fheachtas ar an cheist seo; níor moladh ariamh go dtabharfaí an vóta do gach uile imirceach a d’imigh as an tír ó thus ama ach go gcuirfidh teorainn chiallmhar de bhlianta leis, mar chúig nó deich mbliana a luadh leis.