Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chun an páirtí a athbheochan to revive the party
" Nuair a toghadh ina cheannaire ar Fhine Gael é, i ndiaidh thoghchán na tubaiste 2002, mheas tráchtairí áirithe nach raibh an taithí ná na scileanna ag Enda Kenny chun an páirtí a athbheochan.
a athbheochan to revive
" Roinnt blianta roimh a bhás ceapadh é ina eagarthóir ar *The Atlantic *agus thuill sé an-mholadh de bharr gur éirigh leis an iris 150 bliain seo a athbheochan; d'athraigh sé é ó irisleabhar tur go foilseachán imeachtaí reatha, ina raibh béim ar an litríocht chomh maith, agus a raibh an-tóir uirthi.
a athbheochan to revive
" Ach tá an coiste ag obair go dian chun Cumann na bPiarsach a choinneáil ar an mbóthar ceart agus b'fhéidir an Comórtas Seachtar-an-Taobh a bhí an-láidir sna 1980í a athbheochan.
a athbheochan being revived
" Lena chois sin, tá coincheap na hoibre éigeantaí a athbheochan ag Hartz IV.
a athbheochan to revive
" Rinneadh an chonspóid a bhaineann leis an duais a athbheochan ar an 20 Deireadh Fómhair nuair a nocht na hiarrthóirí atá ar an ghearrliosta i mbliana a saothar i nGailearaí an Tate.
a mhúscailt to revive
" Agus mé ag iarraidh an fhuil a mhúscailt i mo chosa bochta arís, bhreathnaigh mé suas ar an óstán - a Thiarna, ná habair! Ón taobh amuigh bhí an áit *díreach* cosúil le Fawlty Towers.
a athbheochan to revive
" Mar fhocal scoir, déarfainn go bhfuil rud amháin níos tábhachtaí ná aon ní eile: Chun go mbeidh aon seans againn an Ghaeilge a athbheochan, caithfidh muid uilig a bheith sásta í a labhairt go poiblí, ar na sráideanna, sna tithe tábhairne, sna bialanna, sna siopaí, chuile áit.
a athnuachan. to revive.
" Is dóigh liom gurbh fhiú do Chumann Lúthchleas Gael comórtas Chorn an Bhóthair a athnuachan.
nach bhféadfaí na teangacha a bhí ar an dé deiridh a athbheochan that the languages that were moribund could not be revived
" ”Bhí Krauss ar dhuine de na daoine a bhunaigh an tIonad Teangacha Dúchasacha agus chuir sé féin agus a chomhghleacaithe rompu teangacha Alasca a dhoiciméadú mar gur mheas siad nach bhféadfaí na teangacha a bhí ar an dé deiridh a athbheochan gan taifead maith a bheith ar fáil díobh.
a athbheochan? to revive?
" B’fhéidir leagan beacht atá caillte ag an aoisghrúpa seo a athbheochan? Nó meascán de gach rud? Ar chóir dúinn Gaeilge mhianaidhme a úsáid ar an teilifís, agus glacadh leis go mbeidh sé deich mbliana eile sula mbeidh naíonáin an lae inniu ina ndéagóirí agus ag súil go mbeidh siad ag caint mar sin? An bhfuil cumhacht ag lucht scripte ár modh cainte a athrú? Tá mo bharúil féin agamsa.
athbheochan revive
" Roghnaítear na rincí as an leabhar *Ár Rince Foirne* den chuid is mó agus dar le Ní Mhearraí, tá siad i ndiaidh cúpla seanrince a athbheochan chomh maith.
athbheochan to revive
" Tógadh ceisteanna ag an gcruinniú a théann go smior an scéil maidir le cur chuige na hiarrachta is déanaí an Ghaeilge a athbheochan.
athbheochan revive
" Thug na taighdeoirí a bhí páirteach sa tuarascáil faoi deara go raibh tacaíocht láidir le haireachtáil sna comhphobail bhundúchasacha, ní hamháin le teangacha a chaomhnú, ach le teangacha a d’éag a athbheochan arís.
athbheochaint revive
" ’Sé an rud is scanrúla domsa faoi seo, go bhfuil urlabhraí Gaeltachta an pháirtí a bheas i gceannas na tíre th’éis an chéad olltoghcháin eile, ag moladh a leithéid de thionscnamh teanga: airgead, acmhainní agus fuinneamh a chaitheamh amú ag iarraidh an Ghaeilge a athbheochaint in áit cosúil le Cliara nuair atá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an méidín beag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar, iompaithe ar an mBéarla faoi 2030.
an teanga a athbheochan to revive the language
" Is beag úsáid a baineadh as an bhFaróis ar feadh cúig chéad bliain ach d'éirigh le muintir na tíre an teanga a athbheochan breis is céad bliain ó shin.