Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag fiosrú enquiring into
" Beagnach tríocha bliain níos déanaí tuigtear do *Beo! *go gcreideann an Breitheamh Barron, atá ag fiosrú bhuamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974, go bhfuil ceisteanna le freagairt ag na Gardaí maidir leis an bhfiosrú, nó easpa fiosraithe, a rinne siad siúd ar an eachtra uafásach.
ag fiosrú thógáil eastát tionsclaíochta enquiring about the building of industrial estates
" Baineann cuid mhór de na costais leis an achar ama a chaitheann ball den bhord as baile, ag dul chuig cruinnithe agus araile; nó i gcás an cheathrair thuas, ag fiosrú thógáil eastát tionsclaíochta ar Mhars agus áiteanna eile i bhfad ó bhaile.
fhiafraím I enquire
" ” Léirítear dom a umhaile atá Étaoin is a thábhachtaí atá a muintir di nuair a fhiafraím di faoin nóiméad ina saol is mó a bhfuil sí bródúil as.
Fiafraigh enquire
" Fiafraigh díobh chomh maith faoin dóigh a bhfuil na boinn.
Fiafraím I ask, enquire
" Fiafraím di ar tharla an scaradh agus í fós óg ach ní ceist í a mheallann freagra.
ag fiafraí enquiring
" Cén spórt é seo? Conas a imrítear é? An bhféadfaidís triail a bhaint as? Triúr a bhí amuigh ag sodar lá, chuala mé duine acu ag fiafraí den bheirt eile céard sa diabhal a bhí ar siúl againne.
ag fiafrú enquiring
" An rud íoróineach faoi ná go mbíonn na scríbhneoirí maithe i gcónaí ag fiafrú díot: “cén chaoi go bhféadfainn an t-úrscéal nó an cnuasach gearrscéalta seo a fheabhsú?” Bíonn siad ag iarraidh go léifeá an saothar go géar agus go criticiúil agus moltaí a thabhairt dóibh.
d’fhiafraigh enquired
" *“How do you like your steak, sir?”* a d’fhiafraigh an lucht freastail de arís agus arís eile, ach ba é an freagra céanna a bhí ag Balor gach aon uair: *“Hanging over the side of the plate,* mura miste leat, a dhuine chóir, agus déan deifir, maith an fear!” Ba é an dá mhar an chéile é i dtaca leis an bheoir: *“Would you like a pitcher of beer for the table, sir?”* “Níl tart ar bith ar an tábla le hais an tarta atá ormsa, a húirín.
fhiosrú enquire into
" Bhunófaí Coimisiún nó Coiste Comhairleach leis an scéal a fhiosrú agus lorgóidís tuairimí ó eagraíochtaí oideachais, cigirí, múinteoirí, tuismitheoirí, eagrais phobail mar aon le saineolaithe idirnáisiúnta.
D’fhiafraigh mé I enquired
d’fhiafraigh sí she enquired
" “Cad a bhfuil an domhan seo ag teacht go dtí?” a d’fhiafraigh sí dá raibh i láthair, nuair nár ghéill Balor an Graoisín an tslí di nuair a shroich siad beirt doras an óstáin ag an am céanna.
fhiafraím de I enquire
" *“How are you?”* a fhiafraím de.
bhfiosróimis we shoud enquire
" Nár thábhachtaí go bhfiosróimis scéal an airgeadais náisiúnta agus ilnáisiúnta ná vóta amháin a chaitheamh uair amháin gach ceathrú bliain? Mura gcuirimid oiliúint orainn féin, fanfaimid dall ar a bhfuil romhainn agus roimh gach éinne inár dtimpeall.
d’fhiosraigh enquired
" Mar sin féin, d’fhiosraigh Ambasáid na hÉireann i Londain cás na beirte le húdaráis na Breataine.
ag iarraidh breathnú ar enquiring into
" Tá Klervi ag déanamh iarchéim eitneolaíochta anois agus ag iarraidh breathnú ar thurasóireacht sa Bhriotáin.
ag fiafraí faoin easpa enquiring about the lack
" Ach cúig mhí ina dhiaidh sin (14/09/10) scríobh feidhmeannach de chuig an Ombudsman chuig an Roinn ag fiafraí faoin easpa dul chun cinn.
scian fiosrach i bputóga an Tí chéanna sin an enquiring knife into that same house
" ‘Lincoln’ ==== Cuireann ‘Lincoln’ scian fiosrach i bputóga an Tí chéanna sin i Washington in Earrach na bliana 1865.
ag fiosrú cad chuige enquiring as to why
" "Sa chéad dul síos, bhí mé ag fiosrú cad chuige ar fhoghlaim cimí Gaeilge agus iad i ngéibheann, cad é a spreag iad, cad é an dóigh ar fhoghlaim siad Gaeilge agus cad é mar a d'athraigh an próiséas seo iad ó thaobh na hidé-eolaíochta de.
d’fhiafraigh mé de I enquired of him
" “Cén fáth?” a d’fhiafraigh mé de.
iriseoirí ilfhiosracha multi-enquiring reporters
" Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
d’fhiafraigh enquired
" “Bhuel, a Bhaloir, caidé an seachrán a thug an bealach seo thú?” a d’fhiafraigh an tImpire.
gan fiafraí ar dtús without first enquiring
" ** Freisin, níor cheart do bhean torrach aon rud a thógáil uaidh aon áit nó ó aon duine gan fiafraí ar dtús.
Fiafraíonn asks, enquires
" Fiafraíonn Robert McMillen, ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Ceart nó mícheart, cuireadh Niall Mac Auslainn a bhundún dearg amach, ní eisean a bheas ina thrúig bháis ag teanga na Gaeilge, a deir Robert.
ag fiosrú enquiring into
" Bhí Lisa Nic an Bhreithimh ag fiosrú scéal na n-eagraíochtaí deonacha Aware agus na Samaritans, dhá dhream a bhfuil a leordhóthain oibre ag teacht ina dtreo le deireanas.
ag fiosrú scéil enquiring into
" Chuaigh Gráinne Campion ag fiosrú scéil Paul McGinley i gcuntas an duine a bhfuil sáraithne air ón am a ghabh sé bróg, a athair, Michael Mc Ginley.
chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil she went enquiring
" Tá muintir Oirialla ag cur spéise i nduine dá gcuid cruitire ó dhá chéad bliain ó shin agus ní taise do Ghráinne Campion é mar chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil.