Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na binsí fiosraithe tribunals of enquiry
" Más fíor go sceitheann fíon fírinne, b'fhéidir gur tuilleadh fíona atá ag teastáil ag na binsí fiosraithe atá ar siúl in Éirinn.
roinnt fiosrúchán discréideach some discreet enquiries
" D'éirigh liom teacht ar a theach trí roinnt fiosrúchán discréideach a dhéanamh agus breab nó dhó a íoc.
binse fiosraithe tribunal of enquiry
fhiosrúchán enquiry
" **PM:** Ach tá dhá fhiosrúchán ar siúl faoi láthair a thiocfas ar an fhírinne.
binsí fiosraithe tribunals of enquiry
" " Measann Mac Coille nach mbeadh sé riachtanach na milliúin euro a chaitheamh ar na binsí fiosraithe go léir dá mba rud é go raibh cead a gcinn ag iriseoirí a gcuid oibre a dhéanamh i gceart.
bhfiosrúchán poiblí public enquiry
" I measc na bpríomhcheisteanna a bheidh á scrúdú ag an bhfiosrúchán poiblí a d'ordaigh an tAire Dlí agus Cirt níos luaithe i mbliana le gníomhartha na nGardaí i nDún na nGall a scrúdú, beidh faoistin áirithe.
fiosruithe enquiries
" ) Ríomhaireacht, Seoltóireacht *Faomhadh téarmaí:* fiosruithe ilghnéitheacha ón bpobal.
ina bhfiosrúcháin in their enquiries
" Ba cheart dóibh geallúint chomh maith go gcuirfeadh siad gach blúirín eolais atá acu faoi aon chás faoi bhráid na nGardaí mar thacaíocht dóibh ina bhfiosrúcháin.
fiosrúcháin enquiries
" Tá moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ní ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.
fiosrúcháin enquiries
" Mothaíonn an pobal go bhfuil duine ansin a labharfaidh ar a son nó a dhéanfaidh fiosrúcháin.
fiosrúcháin enquiries
" Mar shampla, deir Uachtarán an Choimisiúin, Maurice Manning, go bhfeidhmeoidh an Coimisiún fiosrúcháin.
fhiosrúchán enquiry
" Cé go ndearna na Gardaí trí fhiosrúchán maidir le líomhaintí Holroyd agus *The Badger *níor foilsíodh aon cheann acu.
bréan de bhinsí fiosrúcháin sick of tribunals of enquiry
" An mhí seo caite, ceithre bliana déag níos déanaí, agus sinn ar fad bréan de bhinsí fiosrúcháin, chuir an tUasal Goodman deireadh leis an gcás a bhí á thógáil aige i gcoinne an stáit.
fiosrúchán enquiry
" Mura mbeadh buntáiste ar bith eile leis, ba chóir go gcuirfeadh fiosrúchán Seanaid beagán feola ar na tuairimí sin.
phróiseas fiosrúcháin enquiry process
" Mar chuid den phróiseas fiosrúcháin, tugadh cuireadh do ghrúpaí deonacha a gcás a dhéanamh leo.
a lán fiosrúchán a lot of enquiries
" Faigheann siad a lán fiosrúchán ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi shinsir daoine agus beidh na rollaí agus an chartlann uilig ar ríomhaire san ionad nua, agus beidh cartlannaí ann le cuidiú a thabhairt do chuairteoirí.
tuilleadh fiosruithe more enquiries
" Cén chaoi a bhfuil an t-eolas seo ar fáil inniu, cúig bliana is ceathartha i ndiaidh a bháis? Tar éis don chraoltóir raidió Weeshie Ó Fógartaigh an chéad nod a fháil agus é ag siúl timpeall Chaisleán an Chuain in 2001 go raibh laoch áitiúil spóirt ag muintir na háite sin, rinne sé tuilleadh fiosruithe agus ba léir dhó ansin gur duine ar leith é Éamonn Mac Gearailt.
ag fiosrú an scéil making enquiries
" Nuair a thosaigh sé ag fiosrú an scéil, áfach, fuair sé amach gur theastaigh ó a lán grúpaí éagsúla páirt a ghlacadh san fhéile, agus socraíodh gur gcuirfí ócáid ar siúl a leanfadh ar aghaidh ar feadh seachtaine.
fiosrúchán enquiries
" De réir dealraimh, tá go leor fiosrúchán (agus iarratas) tagtha ó na haerlínte an uair seo, agus is dócha go gcabhróidh an comórtas seo idir na haerlínte le hísliú na bhfóirdheontas.
Bhinse Fiosrúcháin Tribunal of Enquiry
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
Bhinse Fiosrúcháin Tribunal of Enquiry
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
ag déanamh fiosrúchán making enquiries
" Shroich mé Cleveland tamall beag sula raibh siad ag dréim liom in Columbus le saoire bheag a chaitheamh le mo dheirfiúr agus thosaigh mé ag déanamh fiosrúchán fá thraenacha go Columbus.
fiosrúcháin enquiries
" Is tríd na Ranna Stáit féin a íoctar iad chuig na hAirí agus na hAirí Stáit agus ní bhíonn siad áirithe sna fiosrúcháin ASF dá bharr.
fiosrachta enquiry
" Sula raibh an carr le feiceáil san iarsmalann, bhí sé ar chamchuairt i Meiriceá aige agus é ina ábhar mór fiosrachta agus díospóireachta ag daoine ansin.
Foireann na bhFiosrúchán Stairiúla Historical Enquiries Team
" Chuir sé iontas orm a fheargach is a bhí Ervine faoin HET (Foireann na bhFiosrúchán Stairiúla), a bhí ag déanamh leatroim ar pharamhílitigh dhílseacha.
bord eolais enquiries desk
" Bhí bord eolais ann do lucht na comhdhála agus bhí liosta lóistín acu.
Fiosrúcháin Idirnáisiúnta international enquiry
" ” Más fíor an méid san fhíseán ag Invisible Children, agus creidimse féinig agus Binse Fiosrúcháin Idirnáisiúnta um Choiriúlacht Chogaidh go bhfuil sé fíor, deánfar éagóir ar na leanaí seo athuair mura dtapófar an deis seo le Joseph Kony a ghabháil.
De bharr fiosruithe due to enquiries
" Gá le hAthchaighdeánú ========== De bharr fiosruithe ón bpobal agus caitheamh ama le linn cruinnithe ar phointí éiginnte gramadaí agus in éagmais aon fhianaise go raibh eagrán athbhreithnithe á réiteach ag Rannóg an Aistriúcháin, bheartaigh an Coiste Téarmaíochta i 2002 tabhairt faoi chúpla pointe a shoiléiriú.
tuilleadh fiosrúchán more enquiries
" Ó tharla go bhfuil rath ar an tionscadal, tá suim ag lucht oideachais tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh faoin mbealach go bhféadfadh scoileanna na tíre leas a bhaint as Coderdojo mar áis teagaisc i réimse na heolaíochta agus matamaitice.