Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ba á dtiomáint cows being driven
" Éinne a chaitheann a saol sa chathair, lena mór-is-fiú, lena brú tráchta agus a brú daonna, is milis léi boladh na móna agus comharthaí sóirt an tseanchultúir - seandaoine scéalacha, naomhóga, ba á dtiomáint síos na bóithríní - ach ní ar aislingí amháin a mhaireann na daoine.
sna beanna aige driven totally mad
" Cineál hipí úr a bhí ann agus is minic a bhí Féilim sna beanna aige agus é ag iarraidh cuma inteacht a chur air agus iad ag dul amach ar thóir ban.
a díbríodh who were driven
" Thug na teaghlaigh Ghaelacha a díbríodh as a gcuid talún méithe fán Lagán agus na ceantair máguaird a n-aghaidh ar thalamh bocht caoráin Iarthar Thír Chonaill.
díbeartha driven out
" "Tá muid ag caint faoi shibhialtaigh agus saighdiúirí, daoine ó na seirbhísí éigeandála, teaghlaigh saighdiúirí, daoine a gortaíodh in ionsaithe buamaí, daoine atá díbeartha as Tuaisceart na hÉireann agus mar sin de," a dúirt Joe Dover liom.
a ruaigeadh as a gcuid feirmeacha beaga who were driven from their small farms
" Ach taobh amuigh de féin is iad na seanfhilí nach maireann is mó cáil, mar shampla Séamus Ó Doraidhin a scríobh "Sliabh Liag", Éamonn Ó hEasgain a chum "Mo Chaora Bheag Dhílis" agus an Teachta Dála agus Seanadóir, Míchéal Óg Mac Pháidín, a scríobh mórán píosaí, ach go háirithe "Díbirt an Bhabhdhúin" a thugann cuntas ar na teaghlaigh a ruaigeadh as a gcuid feirmeacha beaga i mBabhdhún.
gur ruaigeadh de Róiste as a phost that de Róiste was driven from his job
" Más amhlaidh go raibh Dwyer ag obair don rialtas ag an am, an bhfuil seans ann gur ruaigeadh de Róiste as a phost toisc go raibh eagla ar údaráis áirithe ag an am go bhfaighfeadh de Róiste, de bharr gur leifteanant é, an méid seo amach agus b'fhéidir tuilleadh.
á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise being driven by worn-out right-wing ideology
" Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann? Botúin ======= Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise.
gur díbríodh í she was driven out
" Bhí sí ina hiarrthóir do na Liobrálaigh sa toghchán sin ar dtús go dtí gur díbríodh í nuair a dúirt sí rudaí maslacha faoi bhundúchasaigh na hAstráile.
ar díbríodh a teaghlach whose family was driven from
" B'amhlaidh a rinne an Bavárach cáiliúil darbh ainm Karl Valentin, agus is amhlaidh a rinne mo mháthairse ar díbríodh a teaghlach as an tSeic tar éis an chogaidh.
nuair a díbríodh na teifigh when the refugees were driven out
" Dúirt an Rialtas nach ndearna sé sin aon difríocht - go raibh éifeacht léi nuair a díbríodh na teifigh.
is gá iad a ruaigeadh they need to be driven out
" Tá na fir chrua i réim rófhada - is gá iad a ruaigeadh! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
díbeartha driven away
" Agnóisithe Caitliceacha agus Protastúnacha ag imirt le chéile, an seicteachas díbeartha, sástacht go bhfuil ag éirí go maith le foireann na Poblachta ach nach bhfuil athaontú na tíre ar na gaobhair.
ba bheag nár cuireadh mé féin as mo mheabhair I was nearly driven mad myself
" D’oibrigh mé ar feadh míosa i gclinic do dhaoine a raibh fadhbanna intinne acu, agus ba bheag nár cuireadh mé féin as mo mheabhair.
cén saghas feithiclí a thiomáinfear orthu what kind of vehicles will be driven on them
" ” Sna blianta atá romhainn, ní hamháin in Éirinn ach i ngach áit, beidh orainn smaoineamh faoi conas a úsaidfear na bóithre sin, agus faoi cén saghas feithiclí a thiomáinfear orthu.
díbríodh na mionúir as Páirc an Chrócaigh the minors were driven out of Croke Park
" An t-aon ghearán a bheadh agam faoi ná gur díbríodh na mionúir as Páirc an Chrócaigh ach sin rud is féidir a chur ina cheart an chéad bhliain eile.
tiománta driven
" Ach is iad láidreachtaí s'againne ná samhlaíocht, fuinneamh, foighne, agus daoine dúthrachtacha tiománta a bheith ar bord.
ruaigthe amach driven out
" Balor: Ach, a Pháirtíocht, má tá an oiread sin daoine le bheith ruaigthe amach as an ardchathair, cad é faoin M50, agus cad é faoin DART agus faoin LUAS agus cad é faoin tollán úr agus faoin Metro nua atá le tógáil? Ní bheidh go leor daoine fágtha i mBaile Átha Cliath le húsáid cheart a bhaint as na hacmhainní móra taistil ar fad.
díbríodh criú teilifíse de chuid RTÉ amach as an Vatacáin an RTE film crew was driven out of the Vatican
" Thart ar an am céanna, díbríodh criú teilifíse de chuid RTÉ amach as an Vatacáin toisc gur ghléasadar bean mar easpag agus iad i mbun scannánaíochta.
Ba ghairid go ruaigfí as an tír ar fad é. It wouldn't be long before he'd be totally driven from the country.
" Ba ghairid go ruaigfí as an tír ar fad é.
cuireadh ruaig ar de Courcy de Courcy was driven out
" Throid na Normannaigh a chéile ar feadh cúig bliana, ansin cuireadh ruaig ar de Courcy.
turas féintiomáinte self-driven tour
" Rinne mé turas féintiomáinte ar Oileán Fraser, agus cé gur bhain mé ardtaitneamh as bheith ag tiomáint cois farraige i Land Cruiser, agus bheith ag campáil ar an trá, rith sé liom go gcaithfidh nach bhfuil an leibhéal ard turasóireachta ag déanamh mórán maitheasa don áit.
ruaigfear as oifig é he'll be driven from office
" Dá mba mise an tUasal al-Maliki, bheinn ag pacáil mo mhálaí mar is cuma faoin daonlathas - ruaigfear as oifig é más sin toil an CIA.
ruaigthe go buan driven out permanently
" Cad é a tharla do “parity of esteem”, coincheap agus cur síos a bhí i mbéal gach duine tráth? Bhí sé de dhóchas ag cuid mhór daoine go mbeadh gach dream in ann a fhís féin i leith na sochaí úire a bhaint amach agus an foréigean ruaigthe go buan ó pholaitíocht na hÉireann.
nuair a díbríodh na Sasanaigh when the English were driven out
" Tuigeann na hAlbanaigh nár thit an spéir anuas orainne nuair a díbríodh na Sasanaigh as deisceart na hÉireann, ach a mhalairt.
tiomanta dedicated, driven
" Tá foireann bhríomhar agus spreagúil ag tacú léi na laethanta seo, atá chomh tiomanta céanna don Ghaeilge agus atá sí féin.
go bhféadfaí Éire a bhrú amach nó a imeallú, that Ireland could be driven out or marginalised,
" Deirtear gur chóir do mhuintir na hÉireann a bheith buíoch agus dílis don AE de bharr an mhéid airgid a fuarthas uaidh thar na blianta agus tugtar le tuiscint go bhféadfaí Éire a bhrú amach nó a imeallú, ar a laghad, muna nglacfadh muintir na hÉireann leis an gConradh seo.
atá á dtiomáint being driven by
" Agus bóithre Mheiriceá ag cur thar maoil anois le carranna atá á dtiomáint ag dream atá róghnóthach, róthuirseach, rófheargach agus ró-líonmhar, braitheann daoine go bhfuil sé ródhainséarach dul amach i gcarr nach bhfuil cosúil le tanc – agus sin an fáth gurb ann don Hummer, ar ndóigh.
díbeartha driven out
" Ó aire comhshaoil a chreideann go bhfuil an comhshaol slán go haire cultúir atá in éadan an chultúir! Tá Edwin díbeartha anois as an Fheidhmeannas agus Gregory Campbell tagtha ina áit.
á dtiomáint being driven
" Tuilleadh ‘damáiste comhthaobhach’ is ea na mílte teifeach a theith ó thancanna déanta i Meiriceá (seachas an tionscal míleata, níl mórán eile á tháirgeadh ann le blianta) á dtiomáint ag saighdiúirí na hAetóipe.
tiomáineadh was driven
" Go dtí go bhfeice tú le do shúile cinn féin é, ní bheidh sé soiléir sna grianghraif agus sna scannáin a ghéire is atá corr an bhealaigh ar tiomáineadh Kennedy timpeall air an nóiméad cinniúnach sin.
díograis tiomanta with a driven zeal
" Cúlaíonn an bhaintreach isteach inti féin agus tugann le díograis tiomanta fán obair, agus faoi sin amháin.
geasrógach driven by superstition
" Ní hé go bhfuil Balor bocht piseogach ná geasrógach, ach tá deacracht aige – mar atá ag mórán daoine – leis an uimhir áirithe sin.
a dtiománann which are driven
" Droichead ollmhór is ea Droichead George Washington, a dtiománann 300,000 feithicil thairis gach lá.
Ba dhuine díograiseach he was a driven man (of Irish drama ..)
" Tom an Bhungaló ======= **SMM: Ba dhuine díograiseach drámaíochta Gaeilge é d’athair Tom, beannacht Dé leis.
á ruaigeadh acu being driven by them
" Léirigh Rialtas na hAstráile an mhí seo caite go bhfuil síad tugtha do na bréaga, dar le Dáithí Ó Colchúin, agus lucht iarrtha tearmainn Curdacha á ruaigeadh acu as an tír.