Pota Focal Intergaelic
diva | dice | dide | die | dike | dile
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go dtumann sé that he dives
" Bhí an méid seo le rá ag an chriticeoir Tadhg Ó Dúshláine i léirmheas a scríobh ar an chnuasach *Corcach agus Dánta Eile *i 1999: Ceann de mhórbhuanna an fhile seo é go dtumann sé go croí an ábhair láithreach agus nach mbadrálann é féin ná an léitheoir le coinbhinsiúin ná foirmlí seanchaite maidir le suíomh ná cruthú atmaisféir ar an modh traidisiúnta, cé go mbíonn a chuid dánta ar maos leis an mblas, an dath agus an fhuaim áitiúil.
tumadóireachta diving
" Trí mheán na teilifíse, bímíd ag breathnú ar spóirt nach dtabharfadh mórán daoine aird ar bith orthu de ghnáth, spóirt ar nós tumadóireachta, eitpheil trá agus gleacaíochta.
ag tumadh go tobann diving suddenly
" Tá sé an-taitneamhach bheith ag amharc orthu agus iad ag tumadh go tobann isteach san fharraige.
Déanann na geabhróga onfais bhuamála orthu the terns dive-bomb them
" Déanann na geabhróga onfais bhuamála orthu, agus sánn siad a ngob isteach ina gceann.
Déanann na geabhróga onfais bhuamála orthu the terns dive-bomb them
" Déanann na geabhróga onfais bhuamála orthu, agus sánn siad a ngob isteach ina gceann.
láithreán tumadóireachta a place for diving
" Tá clú ar Tofo mar láithreán tumadóireachta agus bíonn deilfeanna, roic chochaill, siorcanna agus míolta móra cruiteacha le feiceáil ann go minic.
mhothaigh mé mé féin ag socthumadh i lagar spride I felt myself nose-diving into depression
" Iad féin agus a slisní feola agus a ngircíní! D’iarr mé *schwarter tee*, ach mhothaigh mé mé féin ag socthumadh i lagar spride nuair a chonaic mé an boc seo ag líonadh cupa (sioctha) le huisce a bhí bogthe (ag an mhéid ab fhearr).
thumadh to dive
" Bhí mé ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht – an tobar sin nach dtugann muid cuairt air leath rialta go leor le muid féin a thumadh in oidhreacht ár sinsir agus le casadh go hómósach arís leo siúd a choinnigh an lóchrann lasta sna laethanta dorcha.
tumadóireachta diving
" Tá éagóir mhór á déanamh ar Pat O Donnell, éagóir a théann siar go dtí an t-am nuair a tharrtháil Pat, in éineacht lena dheartháir agus a mhac, beirt gharda, ón bhfoireann tumadóireachta sin atá acu, agus daoine eile, ón mbás i mBéal Deirg, ar an lá ar theip ar an mbád tarrthála a bhí faoi stiúir phríomh-cheannfort an Gharda i Maigh Eo, nuair nach raibh siadsan in ann a dhéanamh! Tá olc acu do Pat ó shin agus níl ceist ar bith gurb shin é atá ann.
tumadh dive
" Ach mar bharr ar sin, tá *Quora* oscailte do chuardach *Google*; muna bhfuil spéis agat mar sin, tumadh isteach i *Quora* féin, gheobhaidh tú freagra ar do cheist ar *Google* ar aon nós.
thumann dives
" Dúntar an tsrón agus na scoiltíní nó cluasa beaga atá aige nuair a thumann sé faoin uisce.
tumadóireacht diving
" Dea-theist ar fhís na gCluichí Oilimpeacha go gcuirtear spóirt san áireamh nach mbíonn éileamh mór orthu i gcoitinne ach atá á n-imirt in a lán tíortha – eitpheil, saighdeoireacht, tumadóireacht, snámh sioncrónaithe is araile.
tum isteach ann dive in
" Oscail é agus tum isteach ann!
ag tumadh ar diving
" Tá múinteoirí ar m’aithne nach bhfuil acu ach tithe saoire sa Tuirc! Tá aithne agam ar bhean bhocht amháin agus is sa Bhulgáir atá teach saoire s’aicise! Cén sórt saoil é sin? Samhlaigh, agus tú ag teacht i dtreo thús an tsamhraidh, agus do chuid cairde uilig ag súil leis an tsaoire a chaitheamh ag tumadh ar chósta Amalfi nó ag tonnmharcaíocht i ndeisceart na Fraince; agus níl agatsa le bheith ag súil leis ach fíonta na tuaithe agus béilí saora i mbialanna na Bulgáire! Samhlaigh sin anois, a Bhaloir! Más Dona Maoil, is Measa Mullóg =============== James: Agus an cháin úr seo ar na tithe! Níl sé ceart ná cóir! Caidé faoi na múinteoirí bochta a bhfuil trí nó ceithre theach acu? Caidé mar a thiocfaidh leo siúd an cháin seo a íoc ar an tuarastal laghdaithe a bheas againn! Tá sé thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír.
Tar éis tumadh having dived
" Tar éis tumadh sa tSionainn uair nó dhó, bhí sé in am agam dul suas chun na foinse, go Log na Sionainne sa Chabhán.
tomadh faoi chraiceann an duine i bpoll guairnéain na haigne to dive under the surface into the whirlpool of mind
" Déanann de Paor cur síos ar smaointí Uí Chadhain anseo: ‘Níorbh aon mhúnla eiseamláireach é saothar na mBlascaodach ach go háirithe don té a bhí ag iarraidh tomadh faoi chraiceann an duine i bpoll guairnéain na haigne…’ B’ionann an leabhar is tábhachtaí dar chum Ó Cadhain, Cré na Cille, le hionsaí ar an dtraidisiún seo.
Thum dived
" Thum Muiris Ó Meara é féin i bhfealsúnacht agus i bhfisic Niel Bohr agus Slavoj Žižek le súil a chaitheamh ar ghnóthaí geilleagair.