Fiú nuair a chinn siad casadh iomlán a dhéanamh ar an cheist, theip orthu é seo a chur ina luí ar phinsinéirí agus d’fhreastal na mílte acu ar mhórshiúl chun na Dála an lá dar gcionn chun a n-alltacht a chur in iúl.
Ag fás aníos dom, b’ionann a bheith gaelach agus an ghráin a bheith agat ar an sacar, an cluiche gallda, cluiche na mBlack a’ Tans, an cluiche a imríodh sna bailte garastúin agus i nDún na nGall! Nuair a bhéaradh na Bráithre Críostaí ar bhuachaill ag imirt sacair ar scoil, bhíodh sé ina míle murdair.