Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scor disband
" Tá Trimble agus Jeffery Donaldson ag ceol an amhráin chéanna - caithfidh an IRA scor má tá aon dul chun cinn le déanamh.
go scoirfear an IRA that the IRA will be disbanded
" Agus, má éiríonn leis na Sinn Féinithe go leor suíochán a bhaint, is mó an seans go scoirfear an IRA san am atá amach romhainn.
Is mithid don IRA scor it is time for the IRA to disband
" Is mithid don IRA scor mura bhfuil sé le dul chun drabhláis.
go scorfaí an IRA that the IRA be disbanded
" Bhíodh dearcadh rómánsúil, soineanta fiú, ag King i leith na gluaiseachta ach níor chuir sé fiacail ann an iarraidh seo nuair a d'éiligh sé go neamhbhalbh go scorfaí an IRA.
fiú dá gcaithfí an IRA scor even if the IRA had to be disbanded
" An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.
an bhliain inar scoir na Sealadaigh the year in which the Provisionals disbanded
" An é 2005, mar sin, a luafar sna leabhair staire mar an bhliain inar scoir na Sealadaigh? Is é an fhírinne go bhfuil freagra na ceiste seo ag brath i bhfad níos mó ar iar-Aire Thuaisceart Éireann, Paul Murphy, agus ar a cheapadh le gairid mar chathaoirleach ar Choiste Faisnéise agus Slándála Rialtas na Breataine, ná mar atá sé ag brath ar a ndeir nó a ndéanann an tUasal Hain.
scor disbanding
" Beidh díomá ar chách má dhiúltaíonn an IRA scor agus is cinnte go gcuirfear i leith na bpoblachtánach gurb iadsan is cúis le teip Chomhaontú Aoine an Chéasta.
má dhiúltaíonn an IRA scor if the IRA refuses to disband
" Beidh díomá ar chách má dhiúltaíonn an IRA scor agus is cinnte go gcuirfear i leith na bpoblachtánach gurb iadsan is cúis le teip Chomhaontú Aoine an Chéasta.
é féin a scor to disband itself
" B’éigean don Grand Orange Lodge of Ireland é féin a scor mar gheall ar an Unlawful Societies Act (Ireland) in 1825 ach ba beag an difear a rinne sé don eagraíocht.
nár scoireadh Comhairle na nArm riamh that the Arms Council was never disbanded
" Réiteach Oifig Thuaisceart Éireann? Meastar go ndéarfaidh an CNF nár scoireadh Comhairle na nArm riamh, ach nach bhfuil sé ag feidhmiú ar bhonn míleata anois.
scortha disbanded
" Tá tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher.
scor disbanding
" Measaim féin nach mbeadh Sinn Féin chomh buartha sin uilig fá scor Choimisiún na Mórshiúlta, d’ainneoin a bhfuil ráite acu.
scor disbanding
" Luaigh sí Cumann Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann agus na héilimh a bhí acu sin sna 1960í - vóta d’achan duine - *one man, one vote* - (seo roimh aimsir chomhionannais gnéis!), scor na B-Speisialach, deireadh le leatrom i gcúrsaí tithíochta agus fostaíochta agus deireadh leis an chlaonroinnt.
scor disband
" B'fhusa b'fhéidir é a scor ina iomláine ach ní fúmsa an cosán simplí a shiúl.
leasú seachas a scor to reform rather than disband
" Ach tá deis stairiúil ann anois Seanad Éireann a leasú seachas a scor.
raibh an t-aonad aistriúcháin le scor the translation unit was to be disbanded
" Tar éis scor an Choiste, bhí ráflaí ag dul thart go raibh an t-aonad aistriúcháin le scor agus a fhoireann le haistriú isteach i Rannóg an Aistriúcháin, agus go raibh an cháipéis a d’ullmhaigh an Coiste le bronnadh ar an Rannóg agus gurbh í a bheadh freagrach as a fhoilsiú (nó gan a fhoilsiú).
scortha disbanded, defunct
" Tá an t-aonad Ghaeilge a bhíodh ag soláthar clár Ghaeilge in RTÉ scortha.
scoir siad an t-arm uilig they disbanded the army entirely
" Nuair a ghlac Meiriceá seilbh ar an Iaráic, scoir siad an t-arm uilig agus chuir iachall ar na saighdiúirí cur isteach ar phostanna ann as an nua.