Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an fhorbairt mar a beartaítear í the development as it is intended
" Níl an Bord sásta, ag cur san áireamh an tionchar suntasach dochrach a bheadh ag an bhforbairt seo ar an timpeallacht, gurb í an fhorbairt mar a beartaítear í an réiteach is fearr le riachtanais leictreachais an limistéir a shásamh… Bheadh tionchar suntasach dochrach ag an bhforbairt atá beartaithe ar thaitneamhacht agus ar éiceolaíocht an limistéir agus ar fhiúntas an limistéir seo i gcomhair turasóireachta.
oifigeach forbartha development officer
" Ceapadh Tomás Ó Máille, a bhfuil taithí na mblianta aige ag obair do Roinn na Gaeltachta agus mar oibrí deonach don phobal, ina oifigeach forbartha páirtaimseartha i 2001.
fhorbairt pobail community development
" Anuraidh bhí an ardteicneolaíocht mar théama againn agus i mbliana bhíomar ag breathnú ar fhorbairt pobail.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Cén ról atá agaibh féin san eagraíocht agus cén fhad atá sibh in bhur bpost? Máire Uí Shíthigh - Oifigeach Forbartha, ag obair le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ó 1988 i leith.
Rannóg Forbartha Development Department
" " Faigheann an Rannóg Forbartha an maoiniú a chuireann ar chumas an ionaid leanúint air ar cur seirbhísí ar fáil.
Bhainisteoir Forbartha Gnó Business Development Manager
" com), an comhlacht a bhfuil Darren mar Bhainisteoir Forbartha Gnó air, is cinnte go mbeadh siad sásta.
srianta forbartha development restraints
" Cuireann sin srianta forbartha orainn gan dabht.
síorfhorbairt continuous development
" Cad iad na tionscadail a bhfuil sibh ag obair orthu faoi láthair? Maidir le tionscadail faoi láthair, bíonn síorfhorbairt i gceist leis an chur amach.
fhorbairt pobail community development
" Nuair a chuaigh John Robb, iarmháinlia agus bunaitheoir an New Ireland Movement go Baile Monaidh, thosaigh sé ag caint ar fhorbairt pobail.
forbairt development
" Ó shin i leith tá forbairt as cuimse ag teacht ar infrastruchtúr agus ar chruth fisiciúil Bhéal Feirste.
forbairt as cuimse massive development
" Ó shin i leith tá forbairt as cuimse ag teacht ar infrastruchtúr agus ar chruth fisiciúil Bhéal Feirste.
forbairt development
" Is breá leis an obair theilifíse, cé go measann sé go gcaithfidh sé forbairt a dhéanamh mar láithreoir.
forbairt development
" Is de bharr obair Chraobh Cearta Chonradh na Gaeilge Ráth Cairn a fuair an ceantar an t-aitheantas seo agus bunaíodh Comharchumann Pobail go gairid ina dhiaidh sin chun cabhrú le forbairt na háite.
forbartha neamhshrianta unrestrained development
" Agus más fíor go dtuigeann níos mó daoine ná riamh san Eoraip go bhfuil praghas le n-íoc as ár gcuid caiteachais agus as ár gcuid forbartha neamhshrianta, agus as ár gcaidreamh éagórach agus impiriúil leis na tíortha bochta, is léir chomh maith nár bhog Stáit Aontaithe Mheiriceá oiread is órlach ón ráiteas cáiliúil a thug George Bush ag Rio sa mbliain 1992.
forbartha development
" Óg agus aosta fite fuaite i sruth nua forbartha i gceantar Charna mar sin? Sea, ar go leor bealaí.
forbairt rathúil successful development
" Níl freagra simplí ar bith ar an cheist seo: Cén dóigh is éifeachtaí ar féidir an Ghaeilge, agus na mílte teanga eile atá san fhaopach céanna, a choinneáil beo beathach? Gan amhras ar bith, tá forbairt rathúil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht dlúthcheangailte le caomhnú na Gaeilge mar theanga laethúil i bpobail Ghaeltachta.
comhlachtaí santacha forbartha greedy development companies
" Is ar an Rialtas, ar na húdaráis áitiúla, ar an lucht pleanála, agus ar na comhlachtaí santacha forbartha atá an milleán.
forbairt development
" Ó 1962 go 2001 d'imir foireann Átha Cliath cluiche amháin gach samhradh agus níor chabhraigh sé sin le forbairt aon fhoireann de chuid Átha Cliath.
fhorbairt development
" B'fhéidir gur chóir don Chumann Lúthchleas Gael níos mó leasa a bhaint as an acmhainn dhaonna seo atá ina measc chun feabhas a chur ar reáchtáil agus ar fhorbairt na gcluichí.
an-fhorbairt big development
" Is léir an-fhorbairt ar stádas na Gaeilge san Ollscoil ó bunaíodh Aonad na Gaeilge.
Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt United Nations Conference on Trade and Development
" Mar a léirítear i dtuarascáil 2002 Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt, ceann de na fadhbanna a bhaineann le tráchtáil leictreonach a chothú ná go bhfuil sé deacair airgead a bhailiú ó chustaiméirí chun íoc as na hearraí agus as na seirbhísí atá á soláthar.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Roimhe sin, bhí mé ag obair mar Oifigeach Forbartha ag an Ghaeláras, ó bhí 1999 ann, ar thionscadal a raibh sé mar aidhm aige áiseanna agus seirbhísí ríomh-éascaithe a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i nDoire, trí theanglann agus ríomharlann a bhunú sa Ghaeláras.
Comharchumann Forbartha Development Co-operative
" Níos deise de bhaile, tá Comharchumann Forbartha ar an oileán le thart fá 30 bliain anois agus bainisteoir gairmiúil fostaithe le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha a bhrú chun cinn.
Forbairt eacnamaíoch economic development
" Forbairt eacnamaíoch i gceantraibh Ghaeltachta na hÉireann a spreagadh.
Bhord Forbartha Tionsclaíoch Industrial Development Board
" Nuair a chuir Raytheon fúthu i nDoire i 1999 fuair siad airgead ón Bhord Forbartha Tionsclaíoch nó an IDB.
ionad forbartha bogearraí software development centre
"ionad forbartha bogearraí bunaithe san ionad i nDoire.
forbairt development
" Chomh maith leis sin, tá seirbhís eagarthóireachta á sólathar againn do chúpla comhlacht teilifíse agus tá taighde agus forbairt á déanamh againn faoi láthair ar thionscadal úrnua a thosnóidh an samhradh seo.
pleananna forbartha development plans
"pleananna forbartha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an mbaile freisin.
leithéid d'fhorbairt such a development
" Chuir áitreabhaigh áitiúla ina choinne seo ar an mbonn go gcuirfeadh a leithéid d'fhorbairt as do dhinimic teanga an bhaile.
Éascaitheoir Forbartha Development Facilitator
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Is Éascaitheoir Forbartha mé agus tá mé sa phost ó bhí mí Iúil 2002 ann.
forbartha development
" Cé gur lean an grúpa daoine a bhí bailithe le chéile ag obair ar an tionscadal, faoi na nóchaidí bhí rudaí stalctha go mór, agus ní raibh mórán forbartha ag tarlú.
scéimeanna forbartha tuaithe rural development schemes
" Beidh ciorruithe anseo is ansiúd, ach rachaidh an chuid is mó den airgead a ghearrfar ar ais chuig an bhfeirmeoireacht bealach amháin nó bealach eile - trí scéimeanna comhshaoil, cuir i gcás, nó scéimeanna forbartha tuaithe.
forbairtí riachtanacha necessary developments
" "Ní dhéanfar an infheistíocht atá de dhíth chun forbairtí riachtanacha a dhéanamh in infrastruchtúr teileachumarsáide na tíre seo.
easpa oibre agus forbartha lack of work and development
" Ní raibh na monarchana ná na heastáit thionclaíocha oscailte go fóill agus bhí easpa oibre agus forbartha sa gceantar.
taighde agus forbairt research and development
" Is iarracht a bhí ann taighde agus forbairt a spreagadh agus a thaispeáint céard a d'fhéadfaí a dhéanamh le carranna gréine.
cheann de na forbairtí is nualaígh one of the most innovative developments
" Is fiú trácht a dhéanamh chomh maith ar cheann de na forbairtí is nualaígh atá tar éis tarlú i gcás TG4, is é sin an córas Webcast.
a fhorbairt its development
" Saineolaí ======= Is léir go bhfuil Con faoi dhraíocht ag gach saghas spóirt agus is minic é ag cíoradh na fealsúnachta taobh thiar de, a stair agus a fhorbairt i gcomhthéacs cluichí éagsúla.
fhorbairtí nua new developments
" Bhí alltacht agus uafás ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe an lá cheana, nuair a chuir feidhmeannaigh na comhairle moltaí faoina mbráid a bhain leis na táillí seirbhíse a ghearrann an chomhairle ar fhorbairtí nua.
forbairt oirthear na hEorpa the development of eastern Europe
" Tá deireadh le flaithiúlacht na hEorpa i leith na hÉireann - go deimhin, beidh sciar den chostas a bhaineann le forbairt oirthear na hEorpa le n-íoc againne feasta.
fhorbairt na healaíne the development of art
" Bhí sé nimhneach go leor fosta ag caint faoi na pátrúin, ag rá go raibh Charles Saatchi agus an Tate Modern ag díriú isteach ar "an lowest common denominator" agus go raibh an chontúirt ann go mbeadh drochthionchar aige sin ar fhorbairt na healaíne.
forbairt development
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Baineadh amach na spriocanna gearrthéarmacha a bhí leagtha síos i dtús ama ach, de réir mar a bhí fás agus forbairt ag teacht ar ghníomhaíochtaí an Árais, bhí an fás agus an fhorbairt chéanna ag teacht ar na spriocanna.
forbairt na hollscolaíochta Gaeilge the development of Irish language university education
" De bharr na forbartha suntasaí seo atá déanta ag Áras Mháirtín Uí Chadhain agus ag Oifig na Gaeilge Labhartha i dtaca le forbairt na hollscolaíochta Gaeilge, tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tar éis Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhunú mar gur aithin sé go raibh gá le tabhairt faoin réimse seo ar bhonn straitéiseach.
forbairt phearsanta personal development
" Thaitin an bhunscoil go mór léi agus is anseo a leagadh an bhunchloch ó thaobh forbairt phearsanta de.
pleananna forbartha development plan
" Seo cuid den obair a bhíonn ar bun agam: ag plé le húsáid, riar agus cúrsaí airgid an Árais; ag stiúradh an Tionscadail Ghaeilge (atá á mhaoiniú ag Foras na nGaeilge); bainisteoireacht scéim FÁS; ag plé le Club Áras na nGael; agus ag plé le pleananna forbartha an Árais.
forbairt development
" Le cúpla bliain anuas cuireadh críoch leis an bhforbairt ar an bhfoirgneamh féin agus anois, den chéad uair ó 1938, tá úsáid á baint as gach cuid den Áras.
forbairt development
" Rinneadh cuideachta de le déanaí agus táim cinnte go gcabhróidh sé sin le forbairt na Seachtaine sa todhchaí.
phleananna forbartha development plans
" Cúrsaí pleanála ======= Ó thaobh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht de, beidh Donncha Ó hÉallaithe ag déanamh anailíse ar phleananna forbartha na rialtas áitiúil agus tá Aneurin Philips, Príomhfheidhmeannach Pháirc Náisiúnta Snowdonia, ag teacht chun taithí na Breataine Bige i leith cúrsaí pleanála a roinnt linn.
forbairt development
" " An dóigh leis gur cailleadh aon rud mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar; ar chailleamar aon rud mar shochaí leis an bhforbairt sin? "Ní tharlaíonn aon athruithe, fiú amháin athrú chun feabhais, gan ceataithe cinnte a bheith ag baint leis agus, cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois, is laige anois, creidim, an tionchar ar iompar na ndaoine, meas na gcomharsan agus an mhoráltacht thraidisiúnta.
forbairt development
" An rud is mó a bhfuil tú sásta gur bhain tú amach i do shaol? Cuidiú le forbairt na tíre.
forbairt ainrianta disorderly development
" Bhí tuairim is 10 ngrúpa agus suas le 25 duine sa seomra leis na toscairí agus iad uile ag tabhairt na teachtaireachta céanna dóibh: go bhfuil ár n-oidhreacht á scrios ar mhaithe le forbairt ainrianta agus go bhfuil an rialtas agus an tAire beag beann ar thuairim an phobail.
níos mó forbartha more development
" Is breá liom siúlóidí fada leis an seinnteoir miondioscaí! AÓF: Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach fós, ó thaobh an cheoil de? SJW: Ar leibhéal pearsanta, ba mhaith liom níos mó forbartha a dhéanamh ar an stíl atá agam agus a bheith dílis don traidisiún ag an am céanna.
forbairtí developments
" Tabharfaidh an bóthar seo torann, soilse agus tuilleadh forbairtí in éineacht leis.
tuilleadh forbairtí more developments
" Tabharfaidh an bóthar seo torann, soilse agus tuilleadh forbairtí in éineacht leis.
forbairt development
" Má tá forbairt le déanamh ar Pháirc an Chrócaigh, bíodh sí ina forbairt Ghaelach, dar leo.
tuilleadh forbartha more development
" Tá ag éirí thar na bearta leis an tionscadal sin agus ba mhaith leis an mBord tuilleadh forbartha a dhéanamh air.
Fostaíodh Oifigeach Forbartha a Development Officer was employed
" 1998 Fostaíodh Oifigeach Forbartha.
oibre forbartha development work
" Chomh maith leis sin, déanaimid roinnt mhaith oibre forbartha ar son na Gaeilge.
plean forbartha na Comhairle the Council's development plan
" ) Leis an nasc láidir atá againn le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas cheana féin, go láidreofaí plean forbartha na Comhairle chun aitheantas speisialta a thabhairt don Ghaeilge i gcúrsaí pleanála sa chontae.
le straitéis fhorbartha idirnáisiúnta international development strategy
" Seasfaidh an t-aitheantas sin go mór le Telegael agus an comhlacht ag leanacht le straitéis fhorbartha idirnáisiúnta a thosaigh dornán blianta ó shin, a deir Pól Ó Cuimín.
go leor forbartha a lot of development
" Is maith linn go bhfuil muid in ann teacht isteach le comhlachtaí a bhfuil go leor taithí acu cheana féin sa ngnó seo mar ciallaíonn sin go bhfuil muid ag obair ar thionscadail a bhfuil go leor forbartha déanta orthu.
forbairt bhreise additional development
" " Mothaíonn sé go bhfuil áit straitéiseach aimsithe ag an gcomhlacht, áit éigin idir Bostún agus Beirlín, rud a chabhrós leo forbairt bhreise a dhéanamh amach anseo.
forbairt development
" " Leis an bhforbairt atá déanta ar uirlisí logánaithe agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta ar nós Unicode le blianta beaga anuas, tá sé i bhfad níos éasca ag comhlachtaí ríomhaireachta an próiseas logánaithe a chur i bhfeidhm.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" An bhfuil duine ar bith fostaithe ag an Chumann? Ní raibh ag an Chumann ach oibrithe deonacha go dtí go bhfuair muid deontas ó Fhoras na Gaeilge in 2001 le hOifigeach Forbartha a fhostú.
stiúrthóir na dtionscadal forbartha the director of the development projects
" Cén ról atá agat féin in Ciarraí Beo Teoranta (CBT) agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an rúnaí comhlachta (deonach), mar aon le stiúrthóir na dtionscadal forbartha a bhíonn á reáchtáil againn le tacaíocht ó FÁS (Foras Áiseanna Saothair) agus Foras na Gaeilge.
i bhforbairt an duine óig in the development of the young person
" Tá an-suim ag Colmán Ó Flatharta sa spórt ach, níos tábhachtaí ná sin, tá spéis ar leith aige i bhforbairt an duine óig tríd an spórt.
drochfhorbairt bad development
" Shroich an drochfhorbairt seo a buaicphointe an bhliain seo caite nuair a cailleadh os cionn 500,000 post.
fonn forbartha desire for development
" Tá an tír á reáchtáil ag rialtas cumannach a bhfuil fonn forbartha air.
forbairtí developments
forbairt airgeadais financial development
" Anois, tá Ray freagrach as forbairt chruthaitheach *agus *forbairt airgeadais an ionaid.
forbairt shóisialta social development
" Ach níl mé sa phost seo ar mhaithe le forbairt shóisialta.
forbairt dhaonna human development
" Táim anseo ar mhaithe le forbairt dhaonna.
forbairt gheilleagrach economic development
" De réir a chéile, áfach, fágadh an focal "eacnamaíocht" ar lár sa teideal mar aithníodh, chun go mbeadh fad saoil agus rath i ndán don chomhphobal nua seo, go gcaithfeadh níos mó ná forbairt gheilleagrach bheith i gceist - gur ghá díriú ar ilghnéitheacht thraidisiúin chultúrtha na mór-roinne chomh maith.
forbairt áiseanna teagaisc the development of teaching resources
" Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Tá réimse leathan oibre ar bun: taighde, forbairt áiseanna teagaisc, foilsitheoireacht, soláthar seirbhísí taca, ionad áiseanna a choimeád suas chun dáta, suíomh gréasáin a uaslódáil go seachtainiúil, freastal ar chruinnithe a bhaineann le freagrachtaí na COGG, agus mar sin de.
forbairt development
" Le linn di bheith ag obair sin, ba é an t-ábhar sainspéise a bhí aici ná forbairt na bpolasaithe a bhaineann le húsáid satailítí.
fhoráis development
" Tá an méid sin eitleán nua ordaithe ag Ryanair go bhfuil orthu bheith i gcónaí ag tosú bealaí nua, díreach chun úsáid a bhaint as na heitleáin nua seo, ach tá sé ag éirí níos deacra luas an fhoráis a choimeád agus bealaí nua brabúsacha a aimsiú.
forbairt development
" Tá stádas breathnadóra bainte amach ag Ionad na dTeangacha in ALTE (Association of Language Testers in Europe), eagraíocht a bunaíodh i 1989 agus é mar aidhm aici caighdeáin thrasnáisiúnta a fhorbairt maidir le gnéithe difriúla den mheasanú teanga, mar shampla, forbairt scrúduithe agus marcáil scrúduithe.
forbairt scrúduithe agus marcáil scrúduithe the development and marking of exams
" Tá stádas breathnadóra bainte amach ag Ionad na dTeangacha in ALTE (Association of Language Testers in Europe), eagraíocht a bunaíodh i 1989 agus é mar aidhm aici caighdeáin thrasnáisiúnta a fhorbairt maidir le gnéithe difriúla den mheasanú teanga, mar shampla, forbairt scrúduithe agus marcáil scrúduithe.
forbairt ghnó business development
" freastal ar chustaiméirí) bíonn forbairt ghnó, forbairt mhargaíochta agus cúrsaí poiblíochta ar siúl againn.
forbairt mhargaíochta marketing development
" freastal ar chustaiméirí) bíonn forbairt ghnó, forbairt mhargaíochta agus cúrsaí poiblíochta ar siúl againn.
forbairt mhoillithe delayed development
" B’fhéidir go raibh forbairt mhoillithe i gceist i mo chás féin agus i gcás mo chairde – sin nó tá níos mó le plé ag dream óg an lae inniu, mar léiríonn suirbhé a foilsíodh le gairid i Sasana go bhfuil guthán póca ag 24% de pháistí seacht agus ocht mbliana, agus ag 13% den dream atá cúig agus sé bliana.
forbairt ghnó business development
" freastal ar chustaiméirí) bíonn forbairt ghnó, forbairt mhargaíochta agus cúrsaí poiblíochta ar siúl againn.
forbairt mhargaíochta marketing development
" freastal ar chustaiméirí) bíonn forbairt ghnó, forbairt mhargaíochta agus cúrsaí poiblíochta ar siúl againn.
forbairt gheilleagrach economic development
" Agus is cnámh spairne ceart é seo! Dar leis an eagraíocht atá ag lorg athoscailt an riain, *West On Track*, is áis an-luachmhar é agus, má osclaítear é, go dtiocfaidh forbairt gheilleagrach ina dhiaidh.
gcoiste forbartha development committee
" Níos measa fós, sílim gur léirigh an tUachtarán Seán Ó Ceallaigh easpa cinnireachta nuair nár chuir sé brú ar an Ardchomhairle agus ar an gcoiste forbartha (nó pé teideal atá air) an fód a sheasamh don tréimhse a bhí leagtha amach.
Sparánacht Fhorbartha Development Bursary
" Bronnadh Sparánacht Fhorbartha an Ghailearaí Grianghrafadóireachta air in 2004.
trí fhorbairt chonspóideacha three controversial developments
" Tá beart cróga déanta ag an Bhord Pleanála leis na cinntí a ghlac siad le déanaí maidir le trí fhorbairt chonspóideacha a bhí beartaithe i gConamara agus i gCorca Dhuibhne.
an fhorbairt gheilleagrach the economic development
" Ní fios cad é an fhorbairt gheilleagrach a bheadh curtha i gcrích sna Sé Chontae ach go bé an foréigean.
fhorbairt development
" Tá comhartha ceiste cheana féin faoi fhorbairt Bhóthar Lansdún agus sa chás nach dtéann an obair ar aghaidh an mbeifear ag súil agus ag éileamh go mbeidh Páirc an Chrócaigh ar fáil ar aon nós sa chás, mar shampla, go raibh cluiche mór rugbaí idir Éirinn agus Sasana? Seachas sin ar fad, beidh conspóid eile i gCLG féin, conspóid atá tosaithe agus a bhaileoidh neart.
Má scaoiltear le forbairt tithíochta if the development of housing is allowed
" "Má scaoiltear le forbairt tithíochta i gceantair ar nós an Spidéil, gan cúrsaí teanga a bheith á gcur san áireamh, ní fada go bplúchfar an Ghaeilge in áiteanna mar é,” a deir sé.
beartas forbartha development policy
" I measc na n-athruithe atá feicthe le tamall aige, tá an tAcht Teanga, TG4, ceangal idir pleanáil agus Gaeilge, ceapadh Coimisnéara Teanga, agus beartas forbartha an Údaráis.
plean forbartha teanga language development plan
" Cá huair a bunaíodh Togra Mhaigh Eo (TME) agus cé a bhunaigh é? Chuir Coiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge tús le plean forbartha teanga i Maigh Eo sa bhliain 2002.
Oifigeach Forbartha Development Officer
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé i m’Oifigeach Forbartha le Togra Mhaigh Eo agus tá mé beagnach bliain anseo anois.
fhorbairt development
" Údar mór misnigh dom go bhfuil an fhorbairt chéanna ar siúl i gcuid de na tíortha eile a bhfuil ballraíocht óg fhuinniúil sa CC acu.
forbairt na gcluichí the development of the games
" ie)) mar a bhfuil eolas faoi gach gné den chumann agus de na cluichí maidir le stair, cluichí le theacht, an nuacht is déanaí faoi fhoirne agus imreoirí, eolas ar pheil agus iománaíocht, forbairt na gcluichí agus mar sin de.
fhorbairt development
" Newheartlands an t-ainm atá ar an scéim úr atáthar ag brath a thógáil agus leagfar 20,000 seanteach ar Merseyside mar chuid den fhorbairt, trí oiread an méid a scrios an Luftwaffe sa cheantar sa *Blitz.
an oiread forbartha the extent of the development
" Is ábhar iontais é an oiread forbartha atá i ndiaidh theacht ar an ghrianghrafadóireacht thar na blianta.
forbairt development
" Le himeacht aimsire, tiocfaidh forbairt ar an tuiscint atá ag daoine ar an chóras digiteach agus beidh deireadh ansin leis an phróiseas ceimiceach.
mar uirlís fhorbartha pobail as a community development tool
" Tá féinmhuinín agus féiniúlacht cothaithe ag Pléaráca sa bpobal, ag úsáid na n-ealaíon pobail mar uirlís fhorbartha pobail.
an fhorbairt eacnamúil economic development
" Mar a dúirt Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael, sa treoirleabhar a d’fhoilsigh an comhlacht i 1997: “Dúinne i nGleann Cholm Cille, tá an fhorbairt eacnamúil agus an cultúr dlúthcheangailte lena chéile; ní gnáth-thurasóir a thig chugainn ach cuairteoirí ar spéis leo saibhreas sainiúil na Gaeltachta agus níl áit níos fearr leis sin a fháil ná paróiste seanda an Ghleanna.
an oiread forbartha the extent of the development
" Is ábhar iontais é an oiread forbartha atá i ndiaidh theacht ar an ghrianghrafadóireacht thar na blianta.