Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chiorrú cutting back
" Breathnaíonn sé ar an stáisiún mar Titanic a rachaidh go tóin poill mura dtagann deireadh leis an chiorrú agus leis an choilleadh leanúnach atá ar bun de bharr go bhfuil gach rialtas le scór bliain tar éis diúltú ardú ceart a thabhairt sa cheadúnas teilifíse.
gearradh siar go mór to cut back greatly
" " Gearradh siar ======= Tá sé beartaithe ag Ó Céidigh gearradh siar go mór ar an obair a dhéanann sé le hAer Árainn.
ag gearradh siar cutting back
" Antaine: An bhfuil sé deacair urraíocht a fháil don fhéile? Éilís: Tá a lán des na hurraí ag gearradh siar go mór.
ciorruithe cut-backs
" AÓF: Cad iad na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm ar an mbuiséad atá agat? LÓM: Bhí gearradh siar de 10% ann, ó €252,000 go €227,000, scun scan.
chun gearradh siar ar na himeachtaí to cut back on the events
" Tugaim faoi deara go bhfuil laghdú ag teacht ar an mhéid Oráisteach atá ag freastal ar na paráidí gach bliain agus b'fhéidir go bhfuil an t-ord sásta go bhfuil leithscéal acu chun gearradh siar ar na himeachtaí.
á ghearradh siar being cut back
" Ní leor a bhfuil againn agus tá scéala faighte againn go bhfuil ciste de €300,000 do théacsleabhair a gealladh dúinn á ghearradh siar go €100,000.
gearradh siar suntasach a significant cutting back
"gearradh siar suntasach ar an réimse leabhar Gaeilge atá i siopa leabhar Easons ar Shráid Uí Chonaill, cuir i gcás, agus is truamhéalach an scéal é ina lán siopaí eile, Waterstones agus mar sin de.
ag gearradh siar ar cutting back on
" Tá siad ag gearradh siar ar 3,500 post timpeall an domhain chun iarracht a dhéanamh a scairshealbhóirí a choinneáil sásta.
a ghearradh siar cut back
" Bhris sé mo chroí nuair a bhí orainn 51 iomaitheoir a ghearradh siar go 25.
gearradh siar cut back
" Ach tá an chosúlacht ar an scéal gur gearradh siar suntasach a bheas sa mhaoiniú seo le hais na suime atá á caitheamh ar nuachtáin Ghaeilge faoi láthair.
gearradh siar cut back
" Dá mbeifeá le comhairle a chur orthu, céard a mholfá dóibh?* DMW: Is cinnte gur chóir dóibh gearradh siar ar chaiteachas an rialtais.
Cuid de na ciorruithe some of the castrations, eh, cut backs
" Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar.
chiorrú ar cutting back
" Go deimhin déanadh oiread sin de chiorrú ar bhuiséad an Údarás Comhionannais (43%) gur bhraith Príomhfheidhmeanach na heagraíochta, Niall Crowley agus seisear ball den bhord, nach raibh an darna suí sa bhuaile acu, ach éirí as a gcúram.
chiorraigh sí she cut back
" Thug an tUachtarán le fios gur chiorraigh sí a tuarastal sise, rinne an rialtas amhlaidh agus chuideodh sé go mór le sinne, atá ag saothrú chuid Pháidín den mheacan, a thuiscint go bhfuil dream an tuarastail áiféisigh in ann taobhú linne in Éire Inc.
gearrtha siar cut back
" * Liúntas na Leanaí Óga gearrtha siar 50%; deireadh leis an bhliain seo chugainn, ach bliain réamhscolaíochta ag gach aon pháiste sa Stát ina ionad.
laghdaithe cut back, dropped
" Gá aici aire a thabhairt do chúraimí níos cóngaraí do bhaile fosta siocair go bhfuil líon suíochán Dhún Laoghaire laghdaithe go ceithre cheann agus Aire na Leanaí, Barry Andrews, mar leathbhádóir aici i soitheach atá ag dul go tóin poill go tiubh gasta.
mhaolú ease, cut back
" Níor shínigh an India an conradh riamh agus dhiúltaigh an rialtas nua san Astráil a dhúnghaois a mhaolú.
ciorruithe cut backs
" I measc na mbeartas eile a chuir na Fionlannaigh i bhfeidhm, tá arduithe ar an mhuirear chánach, béim ar an onnmhairiú a chothú, ciorruithe ar chaiteachas, agus cealú ar arduithe sna híocaíochtaí leasa shóisialaigh.
gearradh siar to cut back
" Tá sé i gceist aici chomh maith gearradh siar ar an méid aibhléise a ghintear ó bhreoslaí iontaise i rith an achair chéanna.
gearradh siar to cut back
" Tá sé i gceist aici chomh maith gearradh siar ar an méid aibhléise a ghintear ó bhreoslaí iontaise i rith an achair chéanna.
ciorrú cut back
" Baineann siad leas freisin as cleasa agus seifteanna chun ciorrú ar líon na bhfocal.
a bhfeidhm a chiorrú cut back on their influence
" Tá daoine go leor abhus, go háirithe i measc na dtráchtairí ar chúrsaí reatha, a mheasann go bhfuil sé thar am fáil réidh leis na rialtais dara leibhéal, nó a bhfeidhm a chiorrú go géar ar a laghad.
sceanairt slashing, cut back
" Is bréag a mhaíomh gur féidir don tuaisceart teacht slán ó sceanairt Státchiste na Breataine - b’fhéidir gur mó an t-ualach a iompróidh idir náisiúnaithe agus aontachtaithe ó thuaidh mar chúiteamh ar an mhaoiniú ollmhór atá a fháil ag an stáitín ó bunaíodh é.
ciorruithe cut backs
" Cur i gcéill agus séanadh atá i ráitisí na bpáirtithe móra tuaisceartacha atá ag caint ar sheirbhísí poiblí a chostaint ach a luaithe a bheas rialtas ag feidhmiú i *Westminster* agus staidreamh státseirbhísigh an Státchiste ina lámha acu, is cinnte go bhfeicfidh muid "ciorruithe", an "nuachóiriú" (*modernisation*) agus "laghdú méide" (*downsizing*).
gearradh siar cut back
" Deis iontach a bhí sa leathnú a dhéanfar ar a gcuid cúraimí le gearradh siar ar líon na mball a thoghtar.
laghdófaí would be cut back
" Tá said ag moladh fosta go laghdófaí líon na dteachtaí Dála, agus go ndéanfaí ceannairí na n-áisínteachtaí stáit a cheapadh go hoscailte agus go mbeadh na ceapacháin seo bunaithe ar chumas an iarrathóra seachas ar a cheangal le páirtí polaitíochta ar leith.
ghearradh siar to cut back
" Críostaí Soiscéalach, a fuair oideachas Caitliceach in Ollscoil Marquette in Milwaukee sular éirigh sé as gan chéim, mhol sé pá na n-oibrithe stáit a ghearradh siar go mór, cáin ar chomhlachtaí agus ar dhaoine saibhre a ghearradh siar leis, seirbhísí poiblí a ghearradh siar go mór, agus beartas ‘ar son na beatha’ a chur chun cinn.
ngearrfaí siar would be cut back
" Gan é ach cúpla seachtain san oifig, d'fhógair sé go ngearrfaí siar go mór ar thuarastal múinteoirí, agus go mbainfí an cead de na ceardchumainn idirbheartaíocht chomhargála a dhéanamh thar a gceann.
gearradh siar ar cut back on
" Lena chois sin, tá dualgas ar Éirinn faoin sprioc atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach gearradh siar ar na hastaíochtaí CO2 idir seo agus 2020.
ag gearradh siar cutting back
" php) Cé go bhfuil daoine go leor atá ag gearradh siar ar líon na mbronntanas atá le cheannach, trí Kris Kindle is a leithéid a dhéanamh, tá an té sin ann a mbíonn mála mhór le hiompar fós aige anuas an poll deataigh.
Gearradh siar were cut back severely
" Gearradh siar go mór ar scéimeanna leasa sóisialta, agus leagadh béim mhór ar Chríostaíocht ar shlí nach ndearnadh ó na caogaidí.
tá oiread ciorraithe déanta so much cutting back has been performed
" Go deimhin tá oiread ciorraithe déanta ar mhaoiniú na heagraíochta gur doiligh a shamhlú go mbeidís in innimh tabhairt faoi na cúraimí traidisiúnta seo go sásúil.
Ghearrfá siar you’d cut back
" Ghearrfá siar ar an méid maorlathais a bheadh ann agus d’fhéadfá an t-airgead sin a infheistiú.
Tháinig ciall chugam agus ghearr mé sin siar I got sense and cut that back
" Bheartaigh mé deich n-abairt Polannaise a shlogadh is a chleachtadh achan lá, rud a chiallódh an t-anmhéid 3,650 abairt faoi cheann bliana! Tháinig ciall chugam agus ghearr mé sin siar go 5 abairt achan lá, líon a bhéarfas 1,825 abairt ar mo thoil agam faoi cheann bliana.
ach líon na dTeachtaí Dála a ghearradh síos by just cutting back the number of TDs
" Ach d’fhéadfaí an méid céanna airgid a shábháilt ach líon na dTeachtaí Dála a ghearradh síos go 100.
an caiteachas a ghearradh siar to cut back on expenditure
" Má ghlacann tú leis go gcaithfimid an t-easnamh seo a cheartú, tuigfidh tú nach bhfuil aon rogha againn ach an cháin a ardú agus an caiteachas a ghearradh siar arís.
tar éis gearradh siar have cut back
" Tá teaghlaigh tar éis gearradh siar go mór ar chaiteachas riachtanach: bia, leictreachas agus breosla, gan trácht ar chaiteachas breise.
a bearradh ar an dóigh seo cut back in this way
" Chonaic mé sail dúchais amháin atá tuairim is scór go leith troighe ar airde a bearradh ar an dóigh seo.
Cuid de na ciorruithe some of the castrations, eh, cut backs
" Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar.