Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúl a thabhairt leis an drámaíocht to turn his back on drama
" Ní raibh sé in ann cúl a thabhairt leis an drámaíocht, áfach, mar go raibh sé go smior ann.
thug siad droim láimhe they turned their back on
" Bhí na vótóirí ag iarraidh go dtiocfadh athrú ar chúrsaí agus thug siad droim láimhe don chomhrialtas de chuid na ndaonlathaithe sóisialta agus na liobrálach a bhí ag rith na tíre le hocht mbliana anuas.
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe that we would turn our back on an enlarged Europe
" Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe? Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht because they're turning their back on their heritage
" Creideann sí go láidir san aos óg agus tá sí den tuairim gur botún mór é a bheith ag tromaíocht orthu agus ag tabhairt amach dóibh de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht.
Thiontaigh sí a droim léi she turned her back on her
" Thiontaigh sí a droim léi agus chrom ar an obair.
ag iompó nathanna cainte droim ar ais turning phrases back to front
" Is breá leis bheith ag iompó nathanna cainte droim ar ais nó bunoscionn nó spraoi a bheith aige leo.
i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht after he had turned his back on architecture
" As Napoli ó dhúchas é Clemente agus tháinig sé chun cinn ar dtús sna seachtóidí i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht, a raibh sé ag déanamh staidéir uirthi sa Róimh, le díriú isteach ar an phéintéireacht agus ar an fhilíocht.
droim láimhe a thabhairt don fhoréigean to turn their back on violence
" Ní aithneodh dílseoirí sean-Kingstown, mar a bhíodh, an *Irish Times* anois mar atá! Creideann an *Times *go dtugann faicsean Adams/McGuinness an deis is fearr do phoblachtánaigh droim láimhe a thabhairt don fhoréigean, chun go mbeidís mar chuid den réiteach, in ionad bheith gafa laistigh de chiorcal seasc na faidhbe.
a chasfaidh a ndroim ar a gcreideamh who will turn their back on the religion
" Ní dóigh liom go bhfuil mórán Caitliceach a chasfaidh a ndroim ar a gcreideamh díreach mar gheall ar an scannán *The Da Vinci Code* a fheiceáil.
droim láimhe a thabhairt do Chomhaontú Chill Rimhinn. to turn their backs on the Saint Andrews Agreement.
" ) Tá an eagraíocht armtha seo ag moladh do dhaoine droim láimhe a thabhairt do Chomhaontú Chill Rimhinn.
droim á tabhairt againn ar an másailéam. turning our backs to the mausoleum.
" Bogaimid i dtreo an phríomhbhóthair, droim á tabhairt againn ar an másailéam.
a bheadh in ann droim láimhe a thabhairt do chinntí a ghlacann Tithe an Oireachtais. who could turn their backs on decisions made of the Houses of the Oireachtas
" Níl aon amhras ach go bhfuil sciar den phobal buartha faoi a thuilleadh flaithiúnais a ghéilleadh don Eoraip le go mbunófaí "ollstát" a bheadh in ann droim láimhe a thabhairt do chinntí a ghlacann Tithe an Oireachtais.
traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí a tradition which turns it back on the old understandings
" Traidisiúnta? Ní dócha é, ach seans mór gur ag cruthú traidisiún nua atá siad féin, traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí agus leis na seaneiseamláir ar shochaí.
a cúl a thabhairt le hobair theilifíse. to turn her back on television work.
" Bhí Carrie le feiceáil go leanúnach ar scáileáin na hÉireann i dtrátha an ama sin agus a hainm go mór i mbéal an phobail ach go tobann, ag tús na mílaoise nua, rinne sí cinneadh a cúl a thabhairt le hobair theilifíse.
droim láimhe a thabhairt don fhoréigean to turn back on violence
" Céim mhór chun cinn sa phróiseas síochána ab ea é, a léirigh go rabhthas toilteanach droim láimhe a thabhairt don fhoréigean agus go rabhthas sásta aghaidh a thabhairt ar shochaí nua shíochánta a chruthú.
droim láimhe a thabhairt leis an Ghaeilge to turn their backs on Irish
" Bheadh sé níos fusa ansin feoil is iasc a dhéanamh díobh siúd a bhfuil míchumas foghlama orthu i ndáiríre agus na daoine a bhfóireann sé dóibh droim láimhe a thabhairt leis an Ghaeilge mar ábhar.
le droim láimhe a thabhairt leis an homaighnéasachas. to turn their backs on homosexuality.
" Ar ndóigh, ní hí Iris amháin atá den tuairim láidir gur féidir daoine a spreagadh le droim láimhe a thabhairt leis an homaighnéasachas.
a chúl leis an teanga, (they) turned their back on the language
" Cé gur thug rialtas Mhanann a chúl leis an teanga, bunaíodh Yn Çheshaght Ghailckagh (Cumann na Manainnise) in 1899 chun an Mhanainnis a chaomhnú mar theanga náisiúnta an oileáin.
cinneadh droim láimhe a thabhairt le comhlachtaí ceirníní feasta. a decision to turn their backs on record companies henceforth
" ” Sa deireadh, níor cuireadh an t-albam *Dance the Devil* amach go dtí 1999 agus ansin, ar chasadh na mílaoise, rinne The Frames cinneadh droim láimhe a thabhairt le comhlachtaí ceirníní feasta.
cúl a thabhairt don turn its back on
" An gcuirfidh an meathlú brú ar Éire cúl a thabhairt don euro?* DMW: Is dóigh liom gur chóir i gcónaí smaoineamh ar gach rogha nó, ar a laghad, gur chóir gach rogha a scrúdú go hintleachtúil.
An droim láimhe a thabhairt to turn one's back on people
"An droim láimhe a thabhairtIs léir go mbraitheann Harris gur geall le géarleanúint an t-iompar seo.
Dá mbeadh breith aige ar a aiféala were he able to turn back the clock
" Dá mbeadh breith aige ar a aiféala deir Ó Seanacháin, ní dhéanfadh sé arís an rud a rinne sé an uair sin.
ní bheidh breith ar a n-aiféala acu they shall not be able to turn the clock back
" Faraor, ní bheidh breith ar a n-aiféala acu anois.
chas mé ar mo sháil I turned back
" ‘Go raibh mile maith agat,’ a deirim le mo chéile fichille agus chas mé ar mo sháil.
chas mé ar mo sháil I turned back
" Chas mé mo dhroim leis ach nuair a chuala mé dhá cluc cluc brónach, le hosna mhór, chas mé ar mo sháil arís agus leisean ar bhacainn mo láimhe, d’aimsigh mé crann dó agus chuir mé ar ghéig é, agus bheannaigh mé oíche mhaith codlata leis.
nó go mb’éigean dom casadh ar ais until I had to turn back
" Shiúil mé céad slat go glúin san uisce glégeal ar deireadh, na beanna scáfara chaon taobh díom, nó go mb’éigean dom casadh ar ais.
tá droim láimhe tugtha go hiomlan don láimh láidir we’ve turned our backs entirely on violence
" Táimid imithe go hiomlán i dtreo na polaitíochta reachtúla ó thaobh Éire shaor 32 contae a chur chun cinn agus tá droim láimhe tugtha go hiomlan don láimh láidir sa bpróiséas sin ar fad.
iompú droim ar ais turn it back to front
" 3 a iompú droim ar ais nuair a rialaíodh sa bhliain 1992 go raibh ceart ginmhillte faoin mbunreacht ag an gcailín óg 14 bhliana d’aois i gcás X, mar go raibh baol ann go bhféadfadh sí í féin a mharú, dá gcuirfí iachall uirthi an páiste a thabhairt ar an saol.
a shúil nimhe a chaitheamh siar ar to turn his evil eye back on
" Tá deireadh na bliana ag teannadh linn, a léitheoirí dílse, agus b’fhéidir nárbh fhearr rud a dhéanfadh Balor ná a shúil nimhe a chaitheamh siar ar imeachtaí na bliana.
thug sé cúl leis he turned his back on
" Faoin bhliain 1999, nuair a thug sé cúl leis an pholaitíocht, i ndiaidh cúig bliana a chaitheamh mar uachtarán ar an tír, bhí poblacht nua dhaonlathach bunaithe aige.
ag tabhairt cúl le cine turning his back on his people
" Sa dán Aros Mae'r Mynyddau Mawr atá na línte: Tá an seanfhód álainn i lámha eile An tseanchomharbacht tagtha chun deiridh An té ar leis an áit ag tabhairt cúl le cine Agus cúl le talamh spré agus cleamhnais.
ag tabhairt droim láimhe don turning their backs on
" Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!” Cailleadh nó Caomhnú? ======== Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla? “Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.
an clog a chasadh ar ais to turn the clock back
" Ach go cinnte dá mbeadh seans ag na Stáit Aontaithe an clog a chasadh ar ais go 2003, ní bheidis a leath chomh tapa Saddam Hussein a chur as oifig agus a bhí.