Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní fheicfeá an dá shúil ina ceann leis an chaoineadh her eyes were swollen because of crying
" Bhí Bríd bheag sa tseomra ó tháinig an corp agus ní fheicfeá an dá shúil ina ceann leis an chaoineadh.
ochón crying
" ) Ach má bhí aontachtaithe ag dúil go dtosódh olagón agus ochón ó na poblachtánaigh, bhí dul amú orthu, agus seo an fáth.
ar tí pléascadh amach ag caoineadh about to burst out crying
" Maidir liom féin, ní raibh a fhios agam an raibh mé ar tí pléascadh amach ag caoineadh, nó mo bhricfeasta a chur amach le teann déistine de bharr na sonraí uafásacha a bhí á gcloisteáil agam.
ag éamh crying
" Chuala Peadar geabhróga agus faoileáin ag éamh san aer os cionn chladach an locha.
dóbair gur bhris mo ghol orm I nearly broke out crying
" Ba dheacair dom é seo a chreidiúint, agus dóbair gur bhris mo ghol orm nuair a chuala mé an scéal uafásach seo.
ba bheag nár bhris an gol orm I nearly started crying
" Mhol mé an áit go hard agus mé ar an bhealach ansin leis an lucht teilifíse, ach nuair a bhain muid An Port amach ba bheag nár bhris an gol orm.
thorann na mbuamaí agus éagaoin a muintire the noise of bombs and the crying of their people
" Ar an drochuair, tá cluasa cuid mhór aontachtach bodhar mar gheall ar thorann na mbuamaí agus éagaoin a muintire le linn 35 bliain na dtrioblóidí.
bhris an caoineadh uirthi she broke down crying
" “Tá mé i gceart,” ar sise leis agus bhris an caoineadh uirthi ansin ar chosán os cionn tolláin i Londain.
nuair a phléascann leanaí óga amach ag caoineadh when you children burst out crying
" Ní féidir leat ach gáire nuair a ritheann 50 páiste ón mbaile áitiúil i do threo ag béicíl *“Oboruni Mary, how are you?”, *nó nuair a phléascann leanaí óga amach ag caoineadh toisc gur tusa an chéad duine geal atá feicthe acu riamh.
nuair a phléascann leanaí óga amach ag caoineadh when you children burst out crying
" Ní féidir leat ach gáire nuair a ritheann 50 páiste ón mbaile áitiúil i do threo ag béicíl *“Oboruni Mary, how are you?”, *nó nuair a phléascann leanaí óga amach ag caoineadh toisc gur tusa an chéad duine geal atá feicthe acu riamh.
ag gol crying
" Bhí sé suite go sona sásta faoin mbord ag spraoi lena bhréagán, ach tar éis nóta nó dhó de sheinnt Phádraig stop sé den spraoi agus thosaigh ag gol.
ag gol crying
" Bhí sé suite go sona sásta faoin mbord ag spraoi lena bhréagán, ach tar éis nóta nó dhó de sheinnt Phádraig stop sé den spraoi agus thosaigh ag gol.
Bhris an caoineadh ar Thomás Tomás started crying
" ” “Bhuel,” arsa an t-athair, “nach bhfuil a dhath le rá agat?” Bhris an caoineadh ar Thomás agus ní raibh sólás le tabhairt dó.
a raibh deora léi who was crying
" Bhí cailín in aice liom - as Fear Manach ó dhúchas - a raibh deora léi nuair a maraíodh fear de chuid an IRA.
mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh. as a central part of the celebration or crying.
" Nuair a dhéantar cluiche ceannais a bhuachan nó a chailliúint, cluichí scoile san áireamh, bíonn an t-alcól mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh.
ag gol crying
" Athair Ger in aice liom, é go hiomlán trína chéile, é ag breith barróige orm; Dee, máthair pháistí Ger, ag gol is ag gol is ag gol; Bríde, deirfiúr leis, ciúin, dúnta, faoi scáth; aghaidheanna bána, báite le brón i ngach cúinne den tigh.
ag caoineadh crying
" Leanann an-chuid alumni na n-ollscoileanna a bhfoirne go deireadh a saoil, agus is minic go bhfuil iar-mhic léinn feicthe agam ag caoineadh agus iad ag éisteacht le hamhráin pheile a n-ollscoile.
a bhfuil na deora leis who is crying
" Tá corrdhuine, áfach, a bhfuil na deora leis agus cairde cruinnithe timpeall air ag iarraidh sólás a thabhairt dó.
gol glórach faíoch a loud plaintive crying
" Bhí Gearmánach mná i m’fhochair agus níor luaithe cos leagtha aici ar thalamh an tsluachampa ná gur bhris gol glórach faíoch uirthi.
caoineadh crying
" Dá mbeadh Balor ag fáil €80,000 in aghaidh na seachtaine, mar atá cuid de na himreoirí sin, ní bheadh sé ag caoineadh, fiú mura dtiocfadh leis cúl a scóráil ó cheann ceann shéasúr an tsacair.
ag éamh san fhásach crying in the desert
" “Agus tarlóidh san am sin go bhfágfar iliomad daoine ag siúl na mbóithre agus ag éagaoineadh san fhiántas, ag éagnach ar na sléibhte agus ag éamh san fhásach nuair nach dtig leo teacht ar an áit a dtáinig siad as nó nach n-aithníonn siad an logainm úr.
bolscaireacht crying out
" Bhí páirt chomh tábhachtach ag William Kristol ag bolscaireacht i gcomhair an ionraidh sin gur thug Richard Cohen, colúnaí leis an Washington Post, “cogadh Kristol” air.
ag éamh crying
" An mbuailfear é le splanc tintrí má théann sé in aice na haltóra? Céad Litir an Duine Anaithnid 2: Maidir le m’iníon Maidir le m’iníon, is glór duine mé ag éamh san fhásach.
caoineadh crying
" ” Thart ar a trí a chlog ar maidin, thángthas ar an gcailín, ceithre bliana d’aois, i gcarrchlós na hóstlainne ina raibh an dioscó faoi lánseol agus í ag caoineadh.
ag sileadh deor crying
" Ní luaithe a bheifeá ag gáire leis ná ag sileadh deor mar gheall ar a scéal.
ag gol crying
" “Thosnaíos ag gol nuair a chuir ár gcúirt iachall ar Rialtas na hAfraice Theas drugaí frith-HIV a thabhairt do leanaí nuabheirthe.
Is beag gol nó gioscán fiacla little crying and grinding of teeth
" Is beag gol nó gioscán fiacla a chluinfear ó ranna áirithe stáit faoin chinneadh thubaisteach seo mar sin.
a hiníon ag caoineadh her daughter crying
" Chuala Lindy a hiníon ag caoineadh sa phuball oíche amháin agus nuair a bhí sí ag teannadh leis an bpuball chonaic sí diongó ag rith amach as an láithreán agus an ghineog ina dhraid aige.
ag ól crying
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
thiontaigh thart ag caoineadh I turned around crying
" Nuair a phléasc leis an bhuachalla a bhí amach romham agus nuair a hiompaíodh den talamh é ag screadaíl ar nós muice, sheas mé in aice leis mar nach dtiocfadh liom a iompar, thiontaigh thart ag caoineadh i dtreo an stócaigh a bhí dár lámhach.
caoineadh os comhair ceamara crying on camera
" Forbairt na Tuisceana ========== I ndiaidh do Bhean Mhic Róibín caoineadh os comhair ceamara sa tSomáil, thug sí ar aghaidh ar na meáin chumarsáide agus ar árais áirgiúla ‘an Iarthair’ agus labhair amach go láidir.
ag gol is ag scréachach crying and screaming
" Dar le Marius nár chomhraic sé in aghaidh an chúigir ach bhí sé chomh mór sin i bpian gur thosaigh sé ag gol is ag scréachach.
ag olagón faoin crying about
" Ag caint is ag olagón faoin nGaeilge is mó a bhíodh lucht na Gaeilge i mBleá Cliath nuair a chastaí ar a chéile iad go sóisialta.
ag olagón crying out
" Bheadh seisean ag gearán agus ag olagón: ‘Cén fáth go bhfuil cead ag Obama agus nach bhfuil cead agamsa?’ An Titim Chun Feola ======== **Balor: Luaigh tú cúrsaí meáchain ar ball, a Michelle.
ochón agus olagón crying and whining
" Ní plé a bhí ann i ndáiríre ach ochón agus olagón ó cheannairí na n-eagraíochtaí.
sa gháire agus sa ghol in laughing and crying
" Ach an bhfuil aon rud níos binne ná guth an duine? Tá feidhmeanna éagsúla ag an nguth, ar ndóigh, agus feidhm díobh sin is ea an féinghlanadh, sa gháire agus sa ghol, cuir i gcás.
roinnt mhaith impí agus caoineacháin quite a lot of begging and crying
" I ndiaidh d’Fhear na Súile Nimhe roinnt mhaith impí agus caoineacháin a dhéanamh, ámh, thug muid cead dó ráiteas seasca focal a chur ar fáil.