Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cur i bhfolach coireanna the cover-up of crimes
" Cuireann scéal Buckley i gcuimhne do dhaoine an chumhacht a bhaineann le creideamh, ag am nuair atá go leor ag ceistiú cuid d'airteagail bhunúsacha an Chaitliceachais; cuireann sé i gcuimhne do dhaoine chomh maith gurb é atá i gceist leis an Eaglais Chaitliceach ná friotháil ar na daoine breoite, na bochtáin agus na díbeartaigh, seachas líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach agus cur i bhfolach coireanna amháin.
faoi cheilt covered up
" " Lena chois sin, deir an foilsitheoir: "Nuair a tháinig scannail ghnéis na hEaglaise chun solais arís is arís eile le blianta beaga anuas, agus nuair a d'éirigh sé soiléir go raibh cliarlathas na hEaglaise tar éis iad a chur faoi cheilt, ní raibh Breslin ábalta réiteach a dhéanamh idir a chreideamh agus an réaltacht nua seo.
a cheilt to cover up
" Is measa i bhfad na heaspaig a rinne iarracht an scéal a cheilt agus a chur faoi chois.
clúdaíodh was covered up, draped
" De dheasca ghearán oifigiúil na tíre sin, clúdaíodh an mhír seo le brat dubh.
Forcheilt cover-up, concealment
" Forcheilt Coinníodh Edmonds ina tost ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin go dtí gur cuireadh an Coimisiún um 9/11 ar bun i 2004.
bhforcheilt cover-up
" Bhí baint mhór ag athair an tseanadóra i bhforcheilt ar cheann de na heachtraí ba scanrúla i stair mhíleata SAM.
Cumhdaímis sinn féin go maith let’s cover ourselves up well
" Cumhdaímis sinn féin go maith, téimis amach ag siúl nuair is mian linn, ar neamhchead don aimsir, agus ná coimeádtar cúbtha sinn inár gcimí faoi chaolach an tí.
d’eagraigh siad forcheilt they organised a cover up
" Sin an fáth gur athraigh siad ráiteas agus a d’eagraigh siad forcheilt.
d’eagraigh siad forcheilt faoin imeacht they organised the cover up of the event
" Ise a bhí ina Príomh-Aire ar an lá 15ú Aibreán 1989 nuair a chaill Anne Williams a mac Kevin, 15 bliana d’aois, i dtubaiste Hillsborough, agus ise a thug tacaíocht iomlán do na póilíní i Yorkshire Theas nuair a d’eagraigh siad forcheilt faoin imeacht.