An ‘Chastacht’
======
Agus é ag freagairt ceisteanna i dTithe an Oireachtais ón Teachta Éamon Ó Cuív (FF) agus ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) ar an cheist seo, b’é an míniú a thug an tAire Jimmy Deenihan ar an mhoilleadóireacht ná gur Roinn úr atá faoina chúram atá
comhdhéanta de fheidhmeanna ó ranna eile:
“cruthaíodh na taifid, atá le scaoileadh i mbliana, sular bunaíodh an Roinn agus fágann sin go bhfuil castacht ag baint leis an bpróiseas maidir le taifid a aithint agus a scaoileadh.