Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
géilleadh compromise
" Nuair a fógraíodh an t-athrú seo, bhí imní ar go leor daoine go mbeadh géilleadh an-mhór i gceist.
comhghéilleadh compromise
" An rud atá uathu ná Tuarascáil Patten ina iomláine - an comhghéilleadh bunúsach a bheadh inghlactha ag náisiúnaithe.
comhréitigh compromises
" Bhí saoradh luath na bpríosúnach - daoine a bhí ciontach as na dúnmharaithe ab uafásaí sa choimhlint ó thuaidh - ar cheann de na comhréitigh ba dheacra ag daoine glacadh leis.
chomhréiteach shochrach shóúil advantageous, comfortable compromise
" Stad mé de nós na humhlaíochta nuair a tháinig fís chugam go raibh gach aon bhómán agus liúdramán amuigh beo ar an chomhréiteach shochrach shóúil, gur lig siad d'fhorógra a bpáirtí a gcuid smaointe a mhúnlú.
chomhréiteach compromising
" " Dúnmharaíodh é fosta, ar ndóigh, de bharr gur tháinig sé ar chomhréiteach leis na Briotanaigh, rud a chruthaigh Éire nua-aimseartha agus an chríochdheighilt.
chomhréiteach compromise
" " Mar chomhréiteach, táthar ag moladh go dtógfaí leacht cuimhneacháin faoi leith do "na laochra in éide" i mBattery Park, atá in aice láimhe.
comhghéilleadh stairiúil historic compromise
" comhghéilleadh stairiúil ======= Meabhróidh poblachtánaigh duit gur chuir an Trimbleach in éadan chóir a bheith gach gné de chur i gcrích an Chomhaontaithe, Weston Park, leasuithe i gcúrsaí póilíneachta, etc.
comhghéilleadh compromise
" Tá na tábhairneoirí agus a gcomhghuaillithe ag moladh go gcuirfí ar fáil seomra ar leith i ngach tábhairne agus bialann do lucht caite tobac, ach dealraíonn sé nach bhfuil an t-aire sásta le comhghéilleadh mar seo, fiú.
comhghéilleadh compromise
" Ligfidh sé seo dó cur ina luí ar vótairí gurb é polasaithe s'aigesan agus polasaithe an UUP a "shaothraigh" an comhghéilleadh seo (agus tuilleadh lena chois más fíor) ón IRA, rud a bhainfidh vótaí don pháirtí ag toghchán nuair a scairtear é.
an chomhghéilleadh stairiúil the historic compromise
" Chuir siad méid substaintiúil arm ó mhaith, ach deir siad nach ndéanfaidh siad a leithéid céanna arís go dtí go mbeidh siad sásta go bhfuil na haontachtaithe réidh leis "an chomhghéilleadh stairiúil" a dheánamh.
chomhréiteach compromise
" Ar a laghad, má éiríonn le Sinn Féin agus an DUP a theacht ar chomhréiteach, sin comhréiteach a mbeidh dúshraith bhuan faoi.
chomhréiteach compromise
" " Bhuel, b'fhéidir gur cheart dúinn, ar mhaithe le spiorad na bliana úire, teacht ar chomhréiteach.
chomhréiteach sealadach sobhriste breakable temporary compromise
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach.
comhréiteach compromise
" Cé gur mhaith liom féin gach pub a bheith mar atá The Ring O' Bells, is dócha go mbeidh an t-ádh orm mar chuirtear comhréiteach JD Wetherspoon i bhfeidhm.
chomhréiteach compromise
" Sa bhliain 1948, tháinig na Faróigh agus na Danmhargaigh ar chomhréiteach: rinneadh dlí Rialtais Dúchais a achtú a thug i bhfad níos mó cumhachtaí don rialtas áitiúil.
chomhréiteach de shaghas éigin a compromise of some kind
" Anois cheapfá, nó cheapfainnse ar aon nós, go bhféadfadh daoine atá chomh saibhir agus cumhachtach is atá na fir atá páirteach sa chonspóid spóirt seo teacht ar chomhréiteach de shaghas éigin eatarthu agus leanacht ar aghaidh ag déanamh an rud a bhfuil siad go maith chuige, is é sin ag déanamh níos mó.
comhréiteach compromise
" Agus bheadh an léitheoir ag déanamh nach mbeidh comhréiteach ar bith idir an dá shaol, go dtarlóidh scliúchas ag an rince agus go mbeidh Bullaí Mhártain ina cheartlár.
chomhréiteach compromise
" Is léir go bhfuil glactha ag Sinn Féin agus a lucht tacaíochta leis go bhfuil an choimhlint mhíleata thart agus go bhfuil glacadh go fonnmhar acu leis an chomhréiteach a cuireadh ar fáil le foirmle Chomhaontú Aoine Chéasta.
plean comhréitigh compromise plan
" Níl aon ghlacadh le guth an easaontóra, is cosúil, sa ghluaiseacht phoblachtánach! Is é an pointe is mó atá ag tarraingt airde ar an leabhar ná go raibh ceannasaithe na bpríosunach sa Cheis Fhada toilteanach glacadh le plean comhréitigh a bhí á thairiscint ag gníomhaire de chuid Rialtas na Breataine (“an dreapadóir sléibhe” mar a tugadh air) ach gur dhiúltaigh an Ard-Chomhairle taobh amuigh den phríosún glacadh leis an tairiscint.
diúltú na tairisceana the rejection of the compromise
" Cailleadh seisear stailceoirí ocrais sa tréimhse idir diúltú na tairisceana agus an uair a cuireadh deireadh leis an agóid ar choinníollacha nach raibh leath chomh flaithiúil leis an méid a bhí ar fáil ón “dreapadóir sléibhe”.
chomhréiteach compromise
" An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás? Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
iarrthóir comhréitigh compromise candidate
" Táid ann a deir gurb é Lemass a chuir an Loingseach chun tosaigh mar iarrthóir comhréitigh le scoilt sa pháirtí a sheachaint.
comhréiteach compromise
" Polaitíocht phraiticiúil a chleachtann McFarland – aithníonn sé gur gá comhréiteach a dhéanamh le Sinn Féin chomh luath agus is féidir – nuair atá Empey ag iarraidh DUP-Lite a dhéanamh dá pháirtí féin.
iarracht chomhréitithe an Aire Dempsey minister Dempsey's attempt at compromise
" Sa chomhthéacs sin, is beag is fiú iarracht chomhréitithe an Aire Dempsey go ndéanfaí measúnú riosca eile ar an tionscadal.
chomhréiteach compromise
" Níl aon amhras ach gur mhéadaigh feachtas an IRA an nimh idir an dá phobal ó thuaidh agus, dá réir, rinne ní ba dheacra é teacht ar chomhréiteach.
fear mór comhghéillte a great man for compromising
" Agus in aice leis, i mbloclitreacha móra tá scríofa *Up The Dubs*! Agus cad é atá scríofa ar an léarscáil seo in aice le príomhchathair Chorca Dhuibhne? Bhuel, ós rud é gur fear mór comhghéillte é Ó Caoimhnis, mar is eol do chách, agus ós rud é nach féidir an troid idir lucht an Daingin agus lucht Dingle a choinneáil ag gabháil mórán níos faide, rinne Balor tuar agus tairngreacht agus chruthaigh sé logainm úr a bheas inghlactha don dá thaobh: *Dingle Uí Chúis!* Do Mháire Ní Chlochráin, an bhean a chaith seal sa Roinn chéanna agus atá anois ag déileáil le cuótaí bainne, le coirce, le cruithneacht, le saill mhuice agus le feoil mhairt, tá bronntanas ar leith ag Balor ina shac Nollag – cúpla cloch meáchain de shiúcra candaí.
bealach an chomhréitigh a leanúint to follow the compromise route
" Beidh a chuid comhairleoirí ag tathant ar Harper bealach an chomhréitigh a leanúint – ar a laghad go dtí go mbeidh deis aige olltoghchán eile a ghairm agus an móramh sin a lorg amach anseo.
spiorad éacúiméineach an chomhghéillithe the eucumenical spirit of compromise
" Fear a mhol an rann seo leanas mar rosc náisiúnta nua in ionad “Amhrán na bhFiann”, anois go raibh spiorad éacúiméineach an chomhghéillithe san aer: God save our gracious Hyde! God save our noble Hyde! God save our Hyde! When Dev and Cosgrave clash He will do nothing rash, God bless his old moustache God save our Hyde! Shleamhnaigh an Bunreacht thar cheist stádas na poblachta.
comhghéilleadh compromise
" Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin, ní bheadh sé dodhéanta acu comhghéilleadh áirithe a dhéanamh ar a bpolasaithe ar an bhonn gurb é an leas coitianta agus náisiúnta é go mbunófaí rialtas buanseasmhach.
mar chomhréiteach comhchuí as a proper compromise
" Ach in aois seo an chomh-mheasa agus an chomhghéillte agus na comhthuisceana agus an chomh-gach-aon-rud, sílimse gur fearr, mar chomhréiteach comhchuí (agus in ómós do mo sheanchara, Aire na Galltachta Éamon Ó Caoimhnis) *Londondoire* a bhaisteadh ar an áit – bíodh an logainm sin ag teastáil ó na cónaitheoirí nó ná bíodh.
ag iarraidh a theacht ar chomhréiteach trying to reach a compromise
" Tá sé furasta go leor, ar ndóigh, rudaí a cháineadh ó na taobhlínte – mar a chruthaigh an DUP – ach is scéal eile ar fad é nuair atá freagracht ort agus tú i ndeabhaidh polaitíochta le do shean-namhaid agus sibh ag iarraidh a theacht ar chomhréiteach a shásódh an bheirt agaibh.
teacht ar chomhréiteach sásúil to reach a satisfactory compromise
" Ní gá duit a bheith i do bhall de Mensa le teacht ar an tuiscint nach gá go gcealódh ceachtar den dá ní a chéile, ach teacht ar chomhréiteach sásúil eatarthu.
mar chomhréiteach as a compromise
" Más féidir leis é féin a mhargú mar chomhréiteach do dhaoine nár mhaith leo vóta a chaitheamh ar son Obama nó Clinton, cá bhfios céard a tharlóidh tar éis an chácais in Iowa.
Táthar ag moladh comhréitigh a compromise is being recommended
" Táthar ag moladh comhréitigh idir an dá linn: úsáid gunnaí ar a dtugtar Tasers.
comhghéilleadh. compromise
" Ní mó ná sásta a bhí muintir Sydney agus Melbourne – an dá chathair is mó sa tír – leis an gcomhghéilleadh.
comhréiteach a aimsiú to find a compromise
" Is airsean a thitfidh sé comhréiteach a aimsiú idir muilte gaoithe a fhorbairt agus áilleacht na timpeallachta a chaomhnú.
comhréiteach compromise
" B'iontach an rud é nach raibh gá le comhréiteach ar bith agus gurbh í m’fhís féin a bhí á tabhairt chun cinn.
comhghéilleadh compromise
" Grád: C Eamon Ryan (An tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha) Aire cumasach - ach comhghéilleadh le déanamh ar chuid mhaith de pholasaithe na nGlasach ar chúrsaí fuinnimh de bharr costas ró-ard a bheith ag baint leo le linn cúlú mór eacnamaíochta.
chomhghéilleadh compromise
" Ghlac sé deich mbliana an socrú mór a fháil idir na seacht stát is fiche agus is iomaí chomhghéilleadh gránna atá ann.
comhghéilleadh compromise
" Chuir Gillard deireadh leis an bhfógraíocht i dtaca leis an RSPT a luaithe is a ceapadh í agus tá sí ag iarraidh comhghéilleadh a dhéanamh leis na comhlachtaí mianadóireachta.
Comhréiteach compromise
" Comhréiteach a bhíonn i gClár an Rialtais i dtólamh.
Rialacha Comhghéillte Compromise Rules
" Rialacha Comhghéillte a thugtar ar an gcluiche freisin, mar shampla ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus is ainm é a thugann nod dúinn faoi bhunús agus faoi chomhdhéanamh an chluiche.
má thagtar chun comhghéillte if a compromise is reached
" Dar leis go n-éireoidh le cruinniú Dheireadh Fómhair má thagtar chun comhghéillte maidir le plean gníomhaíochta a chruthóidh córas imirce idirnáisiúnta níos sábháilte a chosnaíonn cearta na n-imirceach, a chuireann leas geilleagair na bpáirtithe éagsúla chun cinn is a chuireann imircigh os comhair an phobail mar bhaill thábhachtacha den tsochaí, seachas mar dhaoine atá freagrach as fadhbanna sóisialta.
teacht chun comhghéillte to compromise
" Níl sé amuigh air, áfach, gur duine é a bhíonn réidh de ghnáth teacht chun comhghéillte.
teacht ar chomhréiteach to reach a compromise
" Má éiríonn le páirtithe polaitíochta na Sé Chontae teacht ar chomhréiteach an mhí seo beidh an-rath i ndán do phobal an chuige, a deir Robert McMillen.