Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caibidil chapter
" Tharla sé seo agus VOTF - grúpa de Chaitlicigh chráifeacha atá ag brústocaireacht ar son leasuithe atá, dar le go leor, measartha - ar tí cúpla caibidil nua a oscailt i mBrooklyn agus Queens.
chaibidil chapter
" Ansin scríobh mé caibidil, nó b'fhéidir dhá chaibidil, agus thosaigh mé ag iarraidh oibriú amach cad a tharlódh i ngach caibidil eile.
chaibidil chapter
" Tá an teideal "August Belmont and His Subway", fiú, tugtha ag Cudahy ar chéad chaibidil a leabhair.
caibidle chapter
" Sna seachtainí atá romhainn, beidh Martin Cullen, an tAire Iompair, ag foilsiú phlean infheistíochta iompair deich mbliana an Rialtais, agus beidh go leor daoine agus grúpaí ag scrúdú na caibidle dar teideal “Iarnróid” go géar.
gach caibidil each chapter
" Pléann gach caibidil sa leabhar le gach lá a chaith sé ar an *camino*, cuireann sé síos ar na daoine a casadh air, ar na radhairc a chonaic sé agus ar a chuid mothúchán féin.
Caibidil eile another chapter
" Caibidil eile i stair na hÉireann atá againn sa scannán *Saoirse?* ina bpléitear leis an tréimhse 1919-1922.
an chéad chaibidil the first chapter
"an chéad chaibidil scríofa cheana féin ag Daniel Cassidy.
i gcéad chaibidil an leabhair in the first chapter of the book
" Tá cur síos i gcéad chaibidil an leabhair ar na blianta 1959 – 1990, tréimhse a chaith Mac Grianna in ospidéal meabhairghalair Naomh Conall i Leitir Ceanainn.
Sa chéad chaibidil in the first chapter
" Spailpíní Chúige ChonnachtSa chéad chaibidil deir sé go raibh a lán Éireannach i Learpholl roimh an Ghorta.
ina chaibidil in his chapter
" **Éacht**Tá éacht bainte amach chomh maith ag Ruairí Ó hUiginn ina chaibidil siúd, “The Irish Language”, ina bhfuil cur síos ar fhréamhacha na teanga.
na hamhráin mar chaibidlí. the songs like chapters
" “Bhí cur chuige iontach ag Frank; chonaic sé albam mar *entity* iomlán, cosúil le leabhar agus na hamhráin mar chaibidlí.
chaibidil chapter
" Sa chéad chaibidil, cuireann sé síos ar a mhuintir – “an dream ar daofa mé” – agus tuigeann sé na gaolta casta agus an stair ar fad a bhaineann leo.
cur síos sa chaibidil a description in the chapter
" Le tosach a bhaint de na hionsaithe ón dream ciontach, tugann sé cur síos sa chaibidil, “An Frith-Sheimiteachas Nua,” ar an imeaglú a dhéanann grúpaí ar nós an Anti-Defamation League (ADL) ar dhaoine, idir Ghiúdach agus Ghintlí, a thagann salach ar na Síónaigh.
chaibidil chapter
" Agus an deireadh tagtha nach mór leis an chaibidil seo de mo shaol, thig liom a dhearbhú gurbh é an bhliain thar lear seo an t-am is mó a mhúnlaigh mé agus an tréimhse is fearr dá raibh agam go dtí seo.
chaibidil chapter
" " Aontaíonn an chaibidil a scríobh Karen Corrigan le Frank Neal, mar shampla nuair a deir sí: "*Indeed, there are numerous recorded cases of migrants who were Irish-speaking monoglots*.
caibidil chapter
" I stair ghlórmhar an Chumainn Lúthchleas Gael beidh caibidil ar leith á scríobh fúthu, an fhoireann iomána ab fhearr riamh dar le go leor, cé go mb’fhéidir go bhfuil seanbháireoirí i gCorcaigh nó i dTiobraid Árann a rachadh ag sárú faoin moladh áirithe sin.
eadarlúid interlude, chapter
" Níl ann ach go gcaithfidh gach páiste a chuireann isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge Cré na Cille a fhoghlaim de ghlan mheabhair – achan eadarlúid san áireamh.
caibidil chapter
" Níl sa leanbh ach síneadh leis an scéal sin, caibidil eile i mbeathaisnéis an tuismitheora féin.
caibidil a chapter
" Scríobh sé caibidil don leabhar *‘The Impact of the 1916 Rising’* (in eagar ag Anthony Coughlin) agus scríobhadh sé corralt don *Irish Democrat*, nuachtán an Connnolly Association.
caibidil chapter
" Foilsíodh i mí na Nollag caibidil 19 de Thuarascáil an Bhreithimh Ní Mhurchú ar Mhí-úsáid Páistí in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath.
caibidil a chapter
" Saothar de chuid David Jacques atá ann agus bhain sé an t-ainm agus an t-inspreagadh as caibidil san úrscéal The Ragged Trousered Philanthropists le Robert Noonan.
chaibidil chapter
" Leis an chéad chaibidil léite agam, thug mé aghaidh ar an drochthaithí a fuair mé i mBaile Chloichrigh.
chéad chaibidilí dhraíochtúla sin those initial captivating chapters
" Ní furaist éalú ó scáth drúiseach Whitman agus úrscéal conspóideach Vidal The City and the Pillar (1948), nó na chéad chaibidilí dhraíochtúla sin ina chuid cuimhní cinn, Palimpsest (1995) a bhaineas lena ghrá geal do Jimmy Trimble, ógánach caillte an chúil cheangailte dár cailleadh le linn chath Iwo Jima i 1945.
níl aon mhaith in ailt bhunreachta chapters in the constitution ar worthless
" Ach níl aon mhaith in ailt bhunreachta mura bhfuil cúram leighis ar fáil do pháiste, mura bhfuil tacaíocht acu siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu sna scoileanna, nó mura bhfuil na háiteanna cuí ann d’ógánaigh a chur faoi choinneáil.
caibidil eile another chapter
" Nuair a léim sé amach as firmimintí an aeir, chuir Felix Baumgartner caibidil eile leis an scéal sin.
In alt amháin in one chapter
" *“Is it an X you put down when you sign for the sub?”* In alt amháin, déanann Mac Amhlaigh cur síos ar na mothúcháin casta a ghintear i gcroíthe na n-imirceach agus iad ag déanamh iarrachta saol a chruthú dóibh féin tar éis dá gcomhphobal dúchasach cliseadh orthu go leanúnach.
dhéanann cuntas ar an aonú caibidil déag gives an account of the eleventh chapter
" Dúirt an Cairdinéal Ravasi, stiúrthóir saothar Biennale na Vatacáine, gur deis a bhí ann an caidreamh idir an ealaín agus an creideamh a ‘atógáil’ agus é ag caint faoin taispeántas a dhéanann cuntas ar an aonú caibidil déag de Leabhar Gheineasas.
I gcaibidíl den teideal in a chapter entitled
" I gcaibidíl den teideal *‘The New Curate’* faoin Sagart Séamas Mac Daidhir, scríobh sé: ‘*Possibly the role that gave him most satisfaction was that of ladies man*,’ agus mhaigh sé go raibh mná na háite i ngrá leis.
D’fhoilsítí caibidil den teideal a chapter entitled .... was usually published
" 3% Air ================ D’fhoilsítí caibidil den teideal ‘*Detailed Family Outcomes*’ mar chuid de cháipéisí na cáinaisnéise le blianta fada anuas.
caibidil nua a new chapter
" Ach le borradh teicneolaíochta tá sraithe eile ann: conas gur féidir linn a bheith muiníneach faoi na mílte duine atá inár gciorcal soisialta anois? Conas is féidir linn muinín a bheith againn sna céadta seirbhísí idirlín a bhfuil sonraí pearsanta acu fúinn? Conas is féidir linn ár ngá don teicneolaíocht a chomhardú le príobháideachas agus le sábháltacht eolais? Tá caibidil nua, gan chaint ar leabhar nua, á dhreachtú (is athhdreachtú) faoi mhothú ionannas an duine, cúrsaí muiníne agus teorainn phearsanta.
chaibidil chapter
" Tá sí tosaithe cheana féin, leis, ar theanga eile a fhoghlaim anois mar go mbeidh sí ag caitheamh an chéad chaibidil eile dá saol le Fraincis i Quebec.