Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cairteitleán chartered plane
" Ag deireadh na míosa seo caite, d'fhág cairteitleán Torino ar a raibh líon mór Nigéarach a bhíothas ag cur ar ais abhaile agus a raibh roinnt mhaith coireanna tromchúiseacha curtha ina leith.
Cairteanna charters
" Cur i ngníomh bheartais, mholtaí agus threoir Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na gCairteanna Eorpacha.
chairt charter
" Tá an coiste seo ag obair ar chairt chearta daonna a chur le chéile don oileán uilig.
Chairt charter
" Thug an Ísiltír aitheantas do neamhspleáchas na hIndinéise i 1949, ansin i 1952 d'aithin siad ceart phobal Papua Thiar iad féin a rialú, de réir Chairt na Náisiún Aontaithe.
chur chun cinn na Cáirte Eorpaí the promotion of the European Charter
" Sa mhullach air seo, bíonn muid ag plé le heagraíochtaí eile Gaeilge agus eagraíochtaí stáit faoi chur chun cinn na Cáirte Eorpaí (do theangacha réigiúnda agus mionlaigh) agus forbairt phobal na Gaeilge i ndeisceart agus oirthear Bhéal Feirste.
cairt ríoga royal charter
" Ceiliúradh lá breithe Learphoill ar an 28 Lúnasa i mbliana mar b’ar ar an dáta sin sa bhliain 1207 a shínigh an Rí John cairt ríoga a thug aitheantas oifigiúil don áit mar bhuirg.
Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe Community Charter of Fundamental Social Rights of Workers
" Tabharfar stádas dlíthiúil do Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe agus, seiftiúil go leor, tabharfar cead den chéad uair do bhallstáit an tAontas Eorpach a fhágáil.
Chairt Charter
" Thaispeáin Marcas Mac Ruairí leathanach dúinn ó thuairisc a thug Rialtas An Ríocht Aontaithe do Choiste na hEorpa ar an dóigh a bhfuil siad ag cur an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha, nó Mionlaigh, i bhfeidhm (25.
Cairt charter
" Ag lorg aitheantas oifigiúil agus tuilleadh tacaíochta agus ag éileamh go gcuirfeadh an Fhrainc Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha i bhfeidhm a bhí siad.
gCairt Shóisialta na hEorpa the European Social Charter
" I dtuairisc a d’eisigh Coiste Eorpach na gCeart Sóisialta níos luaithe i mbliana cuireadh in iúl go raibh Éire ag sárú roinnt mhaith ceart atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa.
ba é aidhm na cairte the purpose of the charter
" Dar leis an staraí Sean Connolly, a scríobh an leabhar comórtha Belfast 400, ba é aidhm na cairte a bhunaigh Béal Feirste - agus bailte eile in Éirinn - "ní le bonn a chur faoi ghréasán úr uirbeach ach le dáilcheantair a chruthú a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu go dtoghfadh siad Teachtaí Protastúnacha don Pharlaimint Éireannach a bhí le theacht.
Seolaimid an Chairt seo we send this charter
" Seolaimid an Chairt seo sa bhliain chinniúnach seo ina bhfuiltear le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge, comóradh 120 Bliain d'athbheochan cultúrtha an 19ú Aois, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, agus sa Bhliain Comórtha seo ar Chairt Bhaile Bhéal Feirste a bronnadh ag Rí Shasana Séamas a hAon sa bhliain 1613.
faoin Chairt Eorpach under the European charter
" Níl an Rialtas ag comhlíonadh a dhualgas faoin Chairt Eorpach chun teanga mhionlaithe, nó mar a deir siad, mionteanga, a chosaint is a chaomhnú, agus níos measa, tá naimhdeas don Ghaeilge sa Tionól, deirtear.
cuireadh ‘cairt a charter was put
" Ina theannta sin, cuireadh ‘cairt’ os comhair an rialtais anuraidh darb ainm “Charte des valeurs québécoises” nó ‘Cairt na Luachanna Québec’, agus é á mhaíomh acu gur mhaith leo stop a chur le caitheamh ‘comharthaí creidimh’ sa tseirbhís phoiblí.
Cairt na Luachanna the charter of values
" Ina theannta sin, cuireadh ‘cairt’ os comhair an rialtais anuraidh darb ainm “Charte des valeurs québécoises” nó ‘Cairt na Luachanna Québec’, agus é á mhaíomh acu gur mhaith leo stop a chur le caitheamh ‘comharthaí creidimh’ sa tseirbhís phoiblí.
le beartas seo na cairte with this plan of the charter
" Maíonn an rialtas PQ go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh le beartas seo na cairte, a chuirfeadh cosc ar chaitheamh na croise móire, an burqa, an hijab, agus an yamalke d’éinne a oibríonn sa chóras poiblí - státsheirbhísigh, múinteoirí, altraí agus dochtúirí san áireamh.
an éireoidh leis an gcairt shall the charter succeed
" Níl a fhios an éireoidh leis an gcairt nó an gcaithfí i leathaobh é, ach is cinnte gur ardaigh sé ceist spéisiúil faoi chultúr agus faoin tsochaí nua-aimseartha ina bhfuil Québec.
gCairt um Luachanna Cultúir Charter of cultural values
" An Titim ar Lár agus ag Caolú Léi =============== Tá dearcadh Mhontréal fíordhifriúil ó Québec ar go leor bhealaí - le héagsúltacht béascna, teanga agus creidimh, níor aontaigh an chathair go mór leis an gCairt um Luachanna Cultúir a raibh sé i gceist aici cosc a chur ar chaitheamh comharthaí creidimh agus ní raibh tacaíocht Marois láidir ann dá bharr.
i ndiaidh bhronnadh a cairte after the presentation of its charter
" Na céadta bliain i ndiaidh bhronnadh a cairte ar Bhéal Feirste, míníonn Robert McMillen go bhfuil lucht na teanga mionlaithe ag cur in iúl go feidhmiúil gur cuid de fhíochán na cathrach iad féin fosta.