á theilgean aici
being projected by her
Arae mhuise, nach álainn go deo an rud é an chéad chuach a chloisteáil thar na garrantaí agus í ag fógairt thráthnóntaí breátha fada an tsamhraidh! Agus nach binn agus nach bog an blaoch ag teacht uaithi, an mantra "cu cúú… cu cúú…"
á theilgean aici go hard san aer.
faoi chóipcheart
covered by copyright
Cé go bhfuil Napster ag feidhmiú go fóill, tá gach rud a bhí
faoi chóipcheart air á bhaint de réir a chéile agus is beag amhrán nó píosa ceoil atá fágtha.
aisti féin
by herself
Agus nach amhlaidh a thiocfadh sí le duine dá comhscoláirí nó
aisti féin ar chúla téarmaí.
go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce
that a drain had been blocked by water treatment works
Fuarthas amach
go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce agus seans go raibh fearadh ainmhithe ag dul isteach san uisce dá bharr sin.
de ghlan mheabhair
off by heart
Bhí an plean leagtha amach go beacht acu, bhí na preasráitis réidh, bhí "an líne"
de ghlan mheabhair acu.
le seo
by now
" Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige
le seo.
le seo
by now
" Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige
le seo.
a ghoradh a dhéanamh leis
warm himself by it
Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus
a ghoradh a dhéanamh leis.
an samhnas le bia
feeling sickened by food
"
"Gheobhaidh mise tacsaí," arsa Cian, agus fuair, nó ní raibh lá suime aige sa tseanrámhailligh a bhí ar Dhónall faoin "chloigeann mhór", "an teangaidh ramhar", "an goile dóite", "
an samhnas le bia" nó "tinneas póite".
a ghoradh a dhéanamh leis
warm himself by it
Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus
a ghoradh a dhéanamh leis.
an samhnas le bia
feeling sickened by food
"
"Gheobhaidh mise tacsaí," arsa Cian, agus fuair, nó ní raibh lá suime aige sa tseanrámhailligh a bhí ar Dhónall faoin "chloigeann mhór", "an teangaidh ramhar", "an goile dóite", "
an samhnas le bia" nó "tinneas póite".
méadaithe faoi dheich
multiplied by ten
Smaoinigh ar an tocht agus ar an fhearg a bhí ort ag breathnú ar thórraimh íobartaigh bhuama na hÓmaí
méadaithe faoi dheich.
de ghlanmheabhair
off by heart
Uaireanta, cuirimid béim rómhór ar fhíricí a fhoghlaim
de ghlanmheabhair, seachas tuiscint a fhorbairt ar fhadhbanna agus ar cheisteanna an tsaoil.
Thabharfá mionn an leabhair
you'd swear by the Bible
Thabharfá mionn an leabhair gur as Ros Muc nó Carna an duine céanna agus é ag seanchas le Mattie Joe Shéamais agus Máirtín Jamsie, atá ag caitheamh seal i Siceágo ar a suaimhneas.
diaidh ar ndiaidh
bit by bit
"
Tá siad á dhéanamh sin, áfach,
diaidh ar ndiaidh.
cliathánach leis
by his side
Chonaic mé fear, mar shampla, ina shuí ar an gcosán agus scálaí tomhais
cliathánach leis.
De chinniúint
by chance
De chinniúint a bhíos féin i Manhattan.
trí thimpiste
by accident
Ní
trí thimpiste a bhí foireann na hIarmhí chomh maith agus chomh sciliúil in aghaidh na Mí faoi thrí i mbliana.
de réir
judging by
Tá roinnt mhaith Éireannach ann,
de réir na nuachtán atá le fáil (fiú an *Irish News* ó Bhéal Feirste) agus na tithe tábhairne inar féidir leat amharc ar chluichí CLG ar an teilifís.
déanaigí bhur ngoradh
warm yourselves (by the fire)
Bainigí díbh na cótaí agus
déanaigí bhur ngoradh.
faoin tráth sin
by that time
Comhscór! Bhí an teannas agus an choimhlint ag méadú go tapa
faoin tráth sin agus le 60 nóiméad caite bhí na foirne fós ar comhscór, 1-10 i gcoinne 2-7.
ceann ar cheann
one by one
Thug an fear a thug na ceachtanna tiomána treoirliosta dó agus bhí sé ag dul fríd
ceann ar cheann.
trí chaighdeán na híomhá a ísliú
by reducing the standard of the image
Mar sin, caitear an méid eolais a laghdú
trí chaighdeán na híomhá a ísliú chun go mbeidh sé praiticiúil é a chraoladh.
ag dul thairis aniar
passing him by
Bhí an saol
ag dul thairis aniar agus níor mhian le Fiachra é a chaitheamh á bhuaireamh féin fá cé acu a théann léine ghlas le briste gorm.
an figiúr sin a mhéadú fá thrí
to increase that figure by three
Nílim ag rá gur leor é, ba mhaith liom
an figiúr sin a mhéadú fá thrí ar a laghad as seo go ceann deich mbliana, ach fós is éacht ollmhór atá i gceist.
as a stuaim féin
by his own initiative
Dá bharr seo, b'iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis
as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta.
ar adhastar aige
being led by him
Arabach ag ól todóige agus leathghloine Jameson ina ghlac, beirt striapacha
ar adhastar aige.
ag dul thar bráid
passing by
Is féidir liom luí sa leaba san oíche agus nuair a chloisim carr nó trucail
ag dul thar bráid, bíonn a fhios agam cé leis an fheithicil.
ag dul thar bráid
passing by
Theith siad lena n-anam, ach bhain Balor barrthuisle as Ó Peann Luaidhe agus chuir an milleán ar dhuine neamhurchóideach den mhuintir ghorm a bhí
ag dul thar bráid.
smálaithe ag nicitín
stained by nicotine
Tá ballaí buí ann,
smálaithe ag nicitín, is dócha.
de ghlan mheabhair
off by heart
Samhlaím má chuirim a bhfuil ar an dá leathanach seo
de ghlan mheabhair go mbeidh meadhrán orm ina dhiaidh.
trí í a pholladh
by stabbing her
Ar an 21 Feabhra 2001, i Novi Ligure in aice le hAlessandria, dhúnmhraigh Erika De Nardo (16) agus a buachaill Omar (17) máthair Erika, Susanna,
trí í a pholladh breis is daichead uair, agus mharaigh siad deartháir níos óige, Gianluca, a bhí dhá bhliain déag.
á rialú ag
being ruled by
Ó dheireadh 1999 tá an tír
á rialú ag na Náisiúin Aontaithe.
trí chleas
by trickery
Faoi dheireadh, fuarthas iad
trí chleas agus tugadh os comhair na cúirte iad i Learpholl i Samhain 1916, "charged with being absentees under the Military Service Act" a dúirt an nuachtán áitiúil, *The Liverpool Echo*.
ar uillinn
by the elbow
Bhí Susan tar éis breith
ar uillinn orm do mo stiúradh go discréideach go dtí coirnéal neodrach.
Ní raibh a raibh fán doras
All of the stuff by the door
Ní raibh a raibh fán doras ag cur lá buartha ar Derek agus mheas sé nár cheart dó a bheith ina ábhar buartha ag duine ar bith a raibh fios gnaithe aige agus iad ag tarraingt ar theach faire.
ar ceant
by auction
An é go mbeidh Sotheby's ag díol na n-éadaí thuasluaite
ar ceant i gceann cúpla bliain? Bhíodh Mart and Market ar an raidió ag tabhairt phraghas na mbeithíoch dúinn - an mbeidh praghas g-string Lizzie á fhógairt ag an BBC lá de na laethanta seo?
Admhaím freisin, agus thug an sagart 20,000 coróin Mhuire dom ar an bpeaca marfach seo sa bhfaoistin, go raibh mise ag an Trooping of the Colour agus in Ardeaglais Naomh Pól nuair a bhí Micko's army ar an bpáirc sa Choiré in iomaíocht leis an Spáinn, ag iarraidh onóir Phoblacht na hÉireann a chosaint.
um an dtaca seo
by now
Tá Corn Sacair an Domhain thart
um an dtaca seo agus tá foireann na hÉireann ar ais sa bhaile nó ar saoire in áit éigin chiúin nach bhfuil aon seans ann go mbualfaidh siad le *fans!* Bhí ceiliúradh mór ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, agus 100,000 duine i láthair más fíor do na tuairiscí, chun fáilte abhaile a fhearadh roimh fhoireann Phoblacht na hÉireann agus aitheantas cuí a thabhairt dóibh as an ngaisce a rinneadar.
as a stuaim féin
by his own initiative
Ba chóir don fhoghlaimeoir na focail nua a mharcáil le peann agus iad a chuartú i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill, ach thar aon rud eile ba chóir dó a mharana a dhéanamh ar achan struchtúr teanga nó teilgean cainte a thuigeanns sé, siúd is go bhfuil a fhios aige nach dtiocfadh leis a leithéid a rá ná a scríobh
as a stuaim féin.
trí fáil réidh leis
by getting rid of it
8 milliún in aghaidh na bliana, creidtear nach ndéanfaí aon airgead a shábháil
trí fáil réidh leis, óir go mbeadh ar dhream éigin eile obair an tSeanaid a dhéanamh.
á hurrú ag
being sponsored by
Cuirtear imeachtaí eile pobail ar bun agus tá scéim spreagtha pobail i bhfeidhm atá
á hurrú ag Údarás na Gaeltachta.
as a stuaim féin
by their own initiative
Feiceann daoine céard atá déanta ag an CLG
as a stuaim féin agus nuair a fhéachann duine ar Pháirc an Chrócaigh tuigeann sé/sí gurb é an CLG an eagraíocht spóirt is mó cur chuige agus is fadradharcaí sa tír agus b'fhéidir san Eoraip.
ina haonar
by herself
Chuaigh sí ansin
ina haonar ach bhí aithne mhaith aici ar go leor ceoltóirí a bhí ag maireachtáil sa chathair de bharr go raibh tréimhse caite aici ag obair i gclub darbh ainm PN Hithouse i gceantar Schwabing a mbíodh grúpaí Sasanacha ag seinm ann.
ar an ríomhphost
by e-mail
Chuir seisean comhairle uirthi
ar an ríomhphost maidir leis na hamhránaithe arbh fhiú éisteacht leo agus na hamhráin ab fhiú a fhoghlaim, agus chuidigh sé léi ó thaobh na teanga chomh maith.
dala an scéil
by the way
(Cá bhfuil Mark Durkan ar an aimsir seo,
dala an scéil?)
Beidh an DUP ina seinntoir orgáin, taobh le moncaí an UUP.
maoinithe ag úinéirí na meán
financed by media owners
Linking libel reform to regulation is a narrow approach to both issues," a dúirt sé le *Beo!*
Ba mhaith le Dooley córas a bheith ann faoina ndéanfadh na hiriseoirí monatóireacht orthu fein, é
maoinithe ag úinéirí na meán ach gan smacht acu air.
de thaisme
by accident
"Chas mé le Paddy Bird
de thaisme san aerfort i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh," a dúirt sé liom.
faoi
by
"Cheannaigh muid ansin díreach é, agus bhí muid istigh ann
faoi mhí an Aibreáin.
ar an ríomhphost
by email
Gearán oifigiúil
=======
Phléigh mé an scéal le baill eile den NATFHE an lá ina dhiaidh sin agus d'iarr siad orm gearán oifigiúil a chur faoi bhráid an phríomhoide, Philip Lewis, rud a rinne mé
ar an ríomhphost.
forlámhas na Rúise san Eastóin
the domination of Estonia by Russia
Leabhar faoi phoblachtaí an lucht oibre sa nGearmáin i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda atá ag fear na Sualainne; baineann saothar Kross le
forlámhas na Rúise san Eastóin idir an dá chogadh; cur síos ar éirí amach sa gCréit in aghaidh na dTurcach thart ar 1870 atá i leabhar Galanaki.
á thairiscint acu
being offered by them
Níl aon chúrsa céime
á thairiscint acu fós ach MA sa Léann Éireannach, cúrsa dioplóma i nGaillimh agus in Inis, agus scoil samhraidh ag a mbíonn suas le céad duine, a bhformhór as Meiriceá.
faoin tráth seo
by now
Tá suas le scór amhrán scríofa agam
faoin tráth seo, comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta buaite acu faoi dhó agus amhráin dá gcuid taifeadta ag Sinéad Lohan agus Karan Casey.
a chruthaíonn dream
which is created by a group
Is ealaín í an Outsider Art
a chruthaíonn dream atá ar imeall ár sochaí de bharr mhíbhuntáiste éigin, meabhairghalar nó mar go bhfuil siad difriúil.
hobráid sheach-chonaire croí
heart by-pass operation
Strus oibre a deir sé ba chiontach le
hobráid sheach-chonaire croí a bheith aige roinnt blianta ó shin agus bhuail an tragóid a lámh ar a shaol chomh maith agus é ina fhear óg.
prioctha ag an bheach
stung by the bee
Fíor-nuacht atá i gceist agam - scéala nach bhfuil ag nuachtán ar bith eile!"
Bhí Balor
prioctha ag an bheach.
trí thimpiste
by accident
I ndiaidh cúpla lá troda bhí líon mór de ghnáthmhuintir na tíre sin marbh agus bhí saighdiúirí de chuid na Breataine agus Mheiriceá tar éis a chéile a mharú
trí thimpiste.
faoi
by
Cé go bhfuil Sky i gcoinne iarrachtaí iad a thabhairt
faoi bhráid rialacha na hÉireann, b'fhéidir gur gá don rialtas anseo aird níos mó a thabhairt ar na seirbhísí atá á soláthar acu.
atá á soláthar acu
being provided by them
Cé go bhfuil Sky i gcoinne iarrachtaí iad a thabhairt faoi bhráid rialacha na hÉireann, b'fhéidir gur gá don rialtas anseo aird níos mó a thabhairt ar na seirbhísí
atá á soláthar acu.
trí dhiúltú
by refusing
" Creideann sé freisin go bhfuil baol ann go ndéanfaidh tíortha áirithe a míshásamh maidir leis an chogadh a léiriú
trí dhiúltú comhlachtaí ó thíortha na gcomhghuaillithe a íoc as a gcuid earraí nó b'fhéidir fiú cosc iomlán a chur ar aon trádáil leis na tíortha céanna.
más de thaisme féin
even if it was by accident
Ach shíl sé féin nach raibh faill ar bith ar an chúrsa léargas a fháil ar an traidisiún Caitliceach agus go raibh sé buartha go dtiocfadh leis daoine den traidisiún sin a mhaslú,
más de thaisme féin.
timpeallaithe ag
surrounded by
Tar éis cúpla uair, thug muid faoi deara go raibh muid
timpeallaithe ag saighdiúirí, iad ag fanacht le dreapadh.
a d'fhoilsigh
published by
Tá conspóid ag baint léi faoi láthair mar, de bharr na bhfigiúirí
a d'fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta, tá an chuma air go gcuirfear amach as an nGaeltacht muid.
fiú trí bhotún
even by mistake
Go mbeidh an tionscadal úr a luaigh mé cheana rathúil agus nach gceanneofar an Maxwell House dearg don cheaintín riamh arís -
fiú trí bhotún.
faoi seo
by now
Bhí sé tomhaiste ag na dochtúirí
faoi seo.
fás ar bith ar bheir an siocán air
any growth caught by the frost
Choinnigh sí uirthi ag baint lustain agus ag gearradh siar
fás ar bith ar bheir an siocán air.
ní raibh cuma uirthi gur bhain comhluadar an duine biongadh ar bith aisti
she didn't seem to be at all bothered/shocked by the company of a person
Bhí an spideog i gcónaí cineál dána agus
ní raibh cuma uirthi gur bhain comhluadar an duine biongadh ar bith aisti.
ag dul ar rann ar rann dá chéile
matching each other verse by verse
"Ó, nach gcuirfeadh an garraí ola ar do chroí," ar sí agus í ag éisteacht leis na héanacha i mbun ceoil mar a bheadh siad
ag dul ar rann ar rann dá chéile.
reáchtálann leithéidí
run by the likes of
Bíonn siad páirteach i seimineáir a
reáchtálann leithéidí Corrymeela nó Democratic Dialogue nó an Glencree Reconciliation Centre.
ag foghlaim trí choiste
learning by committee
Bhí muid
ag foghlaim trí choiste agus ní raibh dul chun cinn ar bith á dhéanamh againn.
diaidh i ndiaidh
little by little
*
Chuir muid fáilte roimh thosaitheoirí eile agus,
diaidh i ndiaidh, d'fhás ár rang i mBaltimore.
as a stuaim féin
by himself
D'fhoghlaim sé an phíb uilleann
as a stuaim féin trí bheith ag éisteacht le téipeanna ríl go ríl de Patsy Touhy, Tom Ennis agus Leo Rowesome.
ar saincheadúnas
by franchise
Cé mhéad duine atá fostaithe ag Gael Linn anois?
Cúig dhuine is fiche atá fostaithe go lánaimseartha agus dáréag eile fostaithe
ar saincheadúnas.
de lámh
by hand
Scríobh sí an rud ar fad
de lámh mar nuair a bhí sí ag fás aníos, "ní dhéanfadh státseirbhíseach ná ollamh a chuid clóscríbhneoireachta féin, agus go mórmhór bean, mar dá mbeadh clóscríbhneoireacht aici, is ag clóscríbhneoireacht a d'fhanfadh sí!"
Saolaíodh Máire Mhac an tSaoi i mBaile Átha Cliath.
as mo stuaim féin
by my own initiative
Ceann de na rudaí ba shuimiúla a tháinig as an gcuid seo den chomhrá ná nuair a dúirt sí gurbh é sin an chéad chinneadh riamh a rinne sí di féin, "an chéad uair riamh gur ndeineas aon tsocrú
as mo stuaim féin gan díreach ligint le sruth agus glacadh le pé cúinsí a tháinig romham.
a mealladh ag comhairle Mhary O'Rourke
enticed by Mary O'Rourke's advice
Tá mé ar na hamadáin sin
a mealladh ag comhairle Mhary O'Rourke agus ródseó Alfie Kane nuair a bhí Eircom á ramhrú don mhargadh.
á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise
being driven by worn-out right-wing ideology
Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann?
Botúin
=======
Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad
á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise.
dála an scéil
by the way
Umhlaíocht is náire
=======
D'umhlaigh na Baváraigh don dearcadh seafóideach sin gan fhios dóibh féin agus ghlac go fo-chomhfhiosach leis go raibh Gearmáinis cheart nó "mar ba chóir" á labhairt ag an dream a tháinig aduaidh (rud nach fíor,
dála an scéil!).
arna stiúradh ag
directed by
Is tionscadal é a bhfuil breis agus 200 d'aos dána na Gaeilge agus na Gàidhlig rannpháirteach ann, idir phéintéirí, fhilí, pheannairí agus scoláirí,
arna stiúradh ag Calum Mac Gill Eáin ó Phroiseact nan Ealan in Albain.
á reáchtáil ag
being run by
AÓF: Conas ar thosaigh tú ar an gcláirseach?
HL: Gach bliain bhí cúrsa traenála do mhúinteoirí an cheoil thraidisiúnta
á reáchtáil ag Comhaltas sa Chultúrlann agus bhíodh muide ag dul ann mar fhoghlaimeoirí do na múinteoirí seo a bhí á dtraenáil.
ceann ar cheann
one by one
Bíonn ar an úsáideoir bocht na fuinneoga breise sin a dhúnadh
ceann ar cheann - agus go minic nuair a dhúntar ceann amháin, osclaíonn ceann eile.
as a stuaim féin
by its own initiative
Tá an BBC ag geallstan go mbeidh iarratas ar bith a chuirfear chuig an Chiste Craolacháin sa bhreis ar chláracha ar bith a dhéanfaidh an BBC
as a stuaim féin," arsa Aled.
de ló is d'oíche
by day and by night
Ní bheidh aon athrú ar an scéal sin go dtí go mbeidh aon chineál nua cairr le fáil ar phraghas cosúil leis na ceanna atá anois againn, a bheas in ann taisteal go neamhspleách
de ló is d'oíche ar a laghad 400 nó 500 ciliméadar sula mbeidh gá le tuilleadh breosla agus go mbeidh sé sin le fáil go sciobtha, go héasca agus ar phraghas réasúnta.
a d'fhág an taoide agus í ag trá
left by the retreating tide
Bhí cairn mhóra néalta frithchaite sa ghaineamh, a raibh luisne lonrach air
a d'fhág an taoide agus í ag trá.
sa gcáipéis a réitigh an chomhairle
in the document prepared by the council
Moltar táillí eile ann chomh maith, mar shampla, táille €3,600 ar áiteanna páirceála do charranna, cé nach dtugtar mórán eolais faoi sin
sa gcáipéis a réitigh an chomhairle.
de ghlan mheabhair
off by heart
Ní hamháin go raibh na hamhráin aige féin, ach bhí siad
de ghlan mheabhair fosta ag neacht dá chuid, a raibh cónaí air léi.
Dála an scéil
by the way
Mar atá an scéal, tá mé ag fhoghlaim Ghaeilge na hÉireann faoi láthair de bhrí go sílim go gcabhródh sí liom focail nua a chruthú dúinne - b'fhéidir go mbeinn in ann téarmaíocht ón Oireachtas a athchóiriú?
Dála an scéil, caithfidh mé a rá go bhfuil an Ghaeilge cuid mhaith níos deacra ná an Ghàidhlig.
trí chomhtharlúint
by coincidence
Go mí-ámharach, áfach, cailleadh an t-údar agus go gairid ina dhiaidh sin foilsíodh leabhar faoina shaol ina raibh (
trí chomhtharlúint) an-chuid den eolas céanna a bhí bailithe ag Bríd.
iarrachtaí eolaithe
attempts by scientists
Thuas seal, thíos seal - sin mar a bhíonn an saol teicneolaíochta go hiondúil agus ní haon eisceacht iad
iarrachtaí eolaithe spásárthaigh a thuirlingt ar Mhars le déanaí.
á mhaoiniú ag cúrsaí coireachta
being funded by crime
Ach ina ionad sin, le seachtainí anuas tá an tAire Dlí agus Cirt Michael McDowell ag craobhscaoileadh ar gach meán a thabharfaidh cuireadh dó go bhfuil Sinn Féin
á mhaoiniú ag cúrsaí coireachta.
um an dtaca seo
by now
Tá an tseanbhliain caite go maith
um an dtaca seo agus tá eachtraí spóirt na bliana 2003 díbeartha go dtí na tuairiscí staire agus curtha i dtaisce i bhfillteáin ríomhairí.
ar síntiús
by subscription
Léigh mé go rialta sna blianta tosaigh é, léigh mé ó am go chéile ar feadh fada go leor ina dhiaidh sin é, agus tá mé á fháil
ar síntiús na saolta deireanacha seo.
creach na hÁise ag an tSeapáin
the plundering of Asia by Japan
Coetzee, Auerbach agus *mimesis*,
creach na hÁise ag an tSeapáin aimsir an dara cogadh domhanda agus baint na Stát Aontaithe leis.
ar síntiús
by subscription
Léigh mé go rialta sna blianta tosaigh é, léigh mé ó am go chéile ar feadh fada go leor ina dhiaidh sin é, agus tá mé á fháil
ar síntiús na saolta deireanacha seo.
creach na hÁise ag an tSeapáin
the plundering of Asia by Japan
Coetzee, Auerbach agus *mimesis*,
creach na hÁise ag an tSeapáin aimsir an dara cogadh domhanda agus baint na Stát Aontaithe leis.
á íoc againne
being paid by us
Caithfear féachaint ar an gcomhthéacs inar tógadh an cinneadh seo agus an cúlra as a dtagann sé go náisiúnta, mar tá ceist níos scéiniúla agus níos leithne ná an mótarbhealach féin le freagairt anseo: Cén fáth go bhfuil an rialtas seo, agus Martin Cullen go háirithe, meáite ar oidhreacht chultúrtha na tíre agus Chontae na Mí a scrios? Ó tháinig sé i gceannas ar an roinn nua atá freagrach anois as an gcomhshaol, an oidhreacht agus rialtas áitiúil, tá borradh as cuimse tagtha ar fhorbairt na mbóithre, ach tá praghas nach féidir glacadh léi
á íoc againne mar náisiún.
Ghoill an cinneadh faoin loisceoir chomh mór sin ar UNESCO
UNESCO were so troubled by the decision regarding the incinerator
Ghoill an cinneadh faoin loisceoir chomh mór sin ar UNESCO gur scríobh siad chuig an rialtas anuraidh ag lorg eolais agus tugadh neamhaird orthu ar feadh sé mhí.
timpeallaithe ag
surrounded by
Cé go bhfuil dóchas ag roinnt daoine go mbeidh muid
timpeallaithe ag clibeanna go luath, tá an chuma ar an scéal go mbeidh orainn cur suas leis na scuainí in ollmhargaí go ceann cúpla bliain eile.
faoi chaibidil acu
being discussed by them
Is saineolaithe muid ar fad sna cúrsaí seo agus is breá linn ár dtuairim féin a nochtadh (baineann Des Cahill an-mhíleáiste as seo ar "Sportscall"!)
"Fadhbanna" Manchester United
=======
Ar an taobh eile den scéal, cuireann sé ionadh orm féin uaireanta cé chomh corraithe is a bhíonn daoine uaireanta agus ábhair spóirt
faoi chaibidil acu.
dála an scéil
by the way
B'fhiú é, an gaisce a rinne siad - agus anois, seo muid mar cheannródaithe glasa in athuair!"
Neart tionscadal eile
=======
Ó osclaíodh doirse na linne snámha (a bhfuil ag éirí go han-mhaith léi,
dála an scéil), tá neart tionscadal glas eile tagtha chun cinn, macasamhail an Wavegen "Limpet".
buailte go dona ag an ngorta
badly affected by famine
Beidh an Bhanglaidéis faoi uisce ar fad, nach mór, agus na milliúin teifeach ag brú isteach san Ind agus sa tSín, dhá thír mhóra a bheas
buailte go dona ag an ngorta.