tú breá cluimhrithe
well done up/spruced up
Tá leat, mar is dócha go sílfidh do chuid cairde go bhfuil
tú breá cluimhrithe.
tú breá cluimhrithe
well done up/spruced up
Tá leat, mar is dócha go sílfidh do chuid cairde go bhfuil
tú breá cluimhrithe.
Tá boladh breá agat
it smells good (referring to the food)
Sa deireadh, le cor a chur sa chaint, dúirt sí, "
Tá boladh breá agat, Bolognaise ab é?"
"Is é.
Ionad breá oidhreachta
a fine heritage centre
Ionad breá oidhreachta atá ann anois, ach ní raibh sé oscailte nuair a bhí mise ansin.
ionad cultúrtha breá nua
a fine new cultural centre
Cúpla lá ó shin, chuaigh mé go dtí An Droichead,
ionad cultúrtha breá nua i ndeisceart Bhéal Feirste, le páirt a ghlacadh in oíche chomhrá.
bua breá
fine victory
In ainneoin go raibh
bua breá ag Áth Cliath ar Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh le déanaí, is é is dóichí ná go mbeidh Cill Chainnigh róláidir dóibh nó do Laois ar an 8 Meitheamh.
taispeántas breá
fine display
Rinne siad féin éacht tré Chluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach agus
taispeántas breá a thabhairt iad féin in ainneoin na míbhuntáistí atá acu ó thaobh taistil agus cluichí a imirt i dtuaisceart na tíre.
bonnóg bhreá úr
a fine fresh scone
Thug sí cupán tae agus
bonnóg bhreá úr dom agus d'imigh sí léi ansin agus í faoi dheifir, mar oibríonn sí sa Siopa Beag fosta.
tugadh sochraid mhór bhreá dó
he was given a fine big funeral
Tugadh an corp anall agus
tugadh sochraid mhór bhreá dó, agus síneadh a chnámha sa reilig álainn sin atá tamaillín lasmuigh de Chuan Dor.
a bhfuil muintir na háite breá cleachta leo
that the locals are used to/familiar with
Nach dtiocfaí an rud céanna a dhéanamh i gcás an iolair mhara? Nach é sin an sórt ruda atá na turásóirí ag iarraidh a fheiceáil?
Aer úr gan truailliú - a leithéid sin, agus rudaí simplí bunúsacha eile, a mheallann na turasóirí, rudaí
a bhfuil muintir na háite breá cleachta leo ach atá tarraingteach do strainséirí, atá ainchleachta leo.
sna tithe breátha faiseanta
in all the fine fashionable houses
Ach ar fhilleadh go Baile Átha Cliath dom dúirt cara liom gur in Coca Cola a cócaráileadh an liamhás
sna tithe breátha faiseanta ar fad in Sandymount an bhliain sin freisin.
stór breá amhrán
a fine store of songs
Tá
stór breá amhrán aici agus múineann sí na hamhráin do pháistí an cheantair.
breá clúthar
nice and cosy
Bhí mé i mo luí i mo leaba agus mé
breá clúthar nuair a chuala mé mo mháthair ag trup trapáil thart fán teach sula dtáinig an lá.
ceann dubh a d'fhóirfeadh go breá do thórramh
a black one that would do for a funeral
Ceann dearg a bhainfeadh an dá shúil asat,
ceann dubh a d'fhóirfeadh go breá do thórramh agus ceann dúghorm a dhéanfadh gnaithe breá.
Dhéanfaidh mé gnaithe breá
I'll do fine
"
Dhéanfaidh mé gnaithe breá," arsa Ingrid, agus tharraing sí uirthi péire bróg agus bheir sí ar mhála agus síos léi an staighre.
Réitigh mé go breá leo.
I got on fine with them.
Réitigh mé go breá leo.
críoch bhreá
a fine ending
Tar éis beagnach aon uair déag i mo shuí san áit chéanna, ba mhór an t-áthas a bhí orm nuair a fuair mé amach nach raibh Basil Fawlty ag feitheamh orainn ag an deasc fáiltithe!
Is mór, gan amhras, idir ciúnas draíochtúil na n-oileán agus trácht agus torann Ghlaschú, ach cuireadh
críoch bhreá leis an turas i Leabharlann Partick.
comhluadar breá i m'fhochair
fine company along with me
Bhí sé d'ádh orm tamall ó shin bheith ag imirt gailf ar chúrsa álainn agus
comhluadar breá i m'fhochair.
gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga
that Fionn found it fine and easy to lie
"
Mhol Eilís leis, ach bhí sí ag meabhrú di féin
gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga.
bheinn breá sásta
I'd be happy
Ach, chun an fhírinne a rá,
bheinn breá sásta dá leanfadh muid ar aghaidh inár gcónaí ansin.
tine bhreá mhóna
a fine turf fire
Bíonn *parties* ag ár gclann ann agus is breá leis na daoine óga an seanathig deas seo, le
tine bhreá mhóna, coinnle agus lampaí íle agus arán a dheinim féin.
ar chainteoir breá Gaeilge é
who was a fine Irish speaker
Ainneoin ráiteas an Uasail Burke -
ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
ar chainteoir breá Gaeilge é
who was a fine Irish speaker
Ainneoin ráiteas an Uasail Burke -
ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
comhluadar breá
fine company
I dteach tábhairne ceann tuí i gceartlár Ghaeltacht Chonamara a bhíos agus
comhluadar breá i mo thimpeall agus cé gur thit an ghruaim ar an gcomhluadar ar feadh scathaimhín tar éis an chluiche ba ghearr gur thosaigh an ceol agus an amhránaíocht agus an spraoi arís.
radharcanna breátha a cheilt
to hide fine views
Ní dóigh liom gur dul chun cinn atá ann ár dtír ghalánta a loit leis an rófhorbairt agus
radharcanna breátha a cheilt ar mhuintir na hÉireann.
laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh
long sunny days of summer
Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus
laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
tá rithim an tsaoil breá mall
the rhythm of life is nice and slow
Tá an bia iontach, tá an bheoir saor agus
tá rithim an tsaoil breá mall.
táth breá bláthanna
a fine bunch of flowers
Ní ábhar iontais a bheadh ann dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta mar laethanta breithe ach fiú muna mbíonn i gceist ach bualadh isteach chuig cara, ní haon rud thar an gcoitiantacht é
táth breá bláthanna bheith ina ghlac ag Polannach.
caithfidh gur thuill sí suim bhreá airgid di féin.
she must have earned a nice sum of money for herself.
Agus an leabhar sin, *Mary McAleese: the Outsider* ar liosta na leabhar ba mhó a raibh ceannach orthu nuair a foilsíodh é i 1999,
caithfidh gur thuill sí suim bhreá airgid di féin.
breá soiléir
very clear
“Bíonn daoine ar ‘How Clean Is Your House’ agus é
breá soiléir nach bhfuil roinnt acu ábalta an ceann is fearr a fháil ar an saol.
go raibh mé breá friochanta ar mo chois
that I had a spring in my step
Bhí a gcuid fonn agus a gcomhcheol chomh deas sin
go raibh mé breá friochanta ar mo chois agus mé ar mo bhealach abhaile.
as broimeanna breátha bréana a scaoileadh
for letting off fine smelly farts
Agus éileofar deontas as machnamh a dhéanamh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta, agus as taibhreamh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta, agus
as broimeanna breátha bréana a scaoileadh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta.
léargas breá ar mheon an Phiarsaigh
a find insight into Mac Piarais' mind
Ach tá ábhar ansin ar cheart do gach duine ar spéis leis critic neamheaglach a léamh arís agus arís agus is trua nár scríobh tuilleadh ar an réimse seo nó tugann siad
léargas breá ar mheon an Phiarsaigh agus ar a dhearcadh i leith na staire.
óstáin bhreátha mhóra
fine big hotels
Tógadh
óstáin bhreátha mhóra agus vilí ar an chnoc.
tithe breátha
fine houses
Thóg ceannaithe saibhre
tithe breátha sa bhaile, atá ann go fóíll.
bollóga breátha blasta
fine tasty loaves
Is é an t-aon íomhá amháin a thiocfaidh isteach i m’intinn ná taos aráin á chur isteach agus
bollóga breátha blasta á dtarraingt amach.
breá sásta
totally satisfied
Chuir siad an script chugam agus bhí mé
breá sásta mar nach raibh mórán línte as Gaeilge agam agus shíl mé cinnte go dtiocfadh liom é a dhéanamh.
Is duine é ar breá linn fuath a bheith againn dó.
He is a person that we love to hate.
Is duine é ar breá linn fuath a bheith againn dó.
an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu
the fine new system that they had implemented
Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus
an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.
córas breá nua
the lovely new system
Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus an
córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.
radharc breá
good view
Bhí slua mór Éireannach i láthair agus sé nó seacht scáileán teilifíse timpeall an tí sa chaoi is go raibh
radharc breá ag gach duine ar an gcluiche.
gur bhreá léi canadh liom.
that she would love to sing with me
Bhuaileas léi blianta sula ndearnamar an taifeadadh agus dúirt sí ansin
gur bhreá léi canadh liom.
braithfidh sé breá nádúrtha.
it'll feel nice and natural.
Ach má bhaineann tú triail as ar feadh cúpla nóiméad,
braithfidh sé breá nádúrtha.
gur bhreá liom
that I would love to
Ansin, le linn dom a bheith i mbun léirithe ar an tsraith ‘Work Experience’, dúirt mé leis an stiúrthóir Mike Casey lá amháin – agus muid beirt istigh in Abrakebabra –
gur bhreá liom clár a dhéanamh faoin nGaeilge am éigin sa todhchaí.
stíl bhreá iriseoireachta
a nice journalistic style
Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad
stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
stíl bhreá nádúrtha
nice natural style
Bhí neart flosctha faoin scannán agus bhíothas ag moladh
stíl bhreá nádúrtha na n-aisteoirí Irglova agus Hansard.
breá cóngarach
nice and close
Chuirfinn roinnt comhairle ar dhuine atá ag smaoineamh ar dhul ar shaoire sciála: roghnaigh óstán atá suite i lár an bhaile agus atá
breá cóngarach do gach rud – na hardaitheoirí sciála, na *gondolas* agus na tithe leanna a mbíonn *après-ski *ar siúl iontu.
díospóireacht bhreá
a fine debate
“Ach déarfaidh mé an méid seo faoi: bhí
díospóireacht bhreá ann ar an lá! Tá dlúthbhaint ag an bhfoirgneamh sin le tús an Stáit – bhí banc Shinn Féin lonnaithe istigh ann ag tús na haoise seo caite, cuir i gcás, bhíodh Michael Collins ag feidhmiú as an áit ag tráthanna éagsúla agus rinneadh toghchán na bliana 1918 a phleanáil ansin.
Ba bhreá leis comhluadar a dhéanamh le daoine
he loved being in company
Ba dhuine suáilceach mórchroíoch é a raibh an-ghreann ann – gan trácht ar dhiabhlaíocht!
Ba bhreá leis comhluadar a dhéanamh le daoine agus ní iarrfadh sé aon phléisiúr ach a bheith ina shuí i measc cairde sa teach tábhairne, deoch os a chomhair amach.
atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde
who is well able to tackle his enemies
Willie O’Dea** (Lánchúlaí ar dheis): Fear
atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde ach is í cosaint an stáit, murab ionann agus cosaint na cearnóige, atá faoina chúram anois.
chompánach breá seilfe
fine shelf companion
Tá *Ón tSeanam Anall* ina
chompánach breá seilfe ag leithéidí *Laochas* le Séamus Ó Searcaigh, *Seanchas na bhFiann* le Niall Ó Dónaill, *Síscéalta ó Thír Chonaill *le Ó hEochaidh, Ní Néill agus Ó Catháin agus *Na Cruacha: Scéalta agus Seanchas* le hÁine Ní Dhíoraí.
an seansaol breá
the good old life
An Kinder Downfall
Leis an tréimhse fhada fhuar i Mí Nollag, bhí dóchas againn go mbeadh muid ag filleadh ar '
an seansaol breá'.
go breá scafánta
robustly
Más deacair a thuar ar go maith nó go dona a d'éirigh le Obama go fóill, ámh, níl amhras ar bith ach gur thosaigh sé an rás
go breá scafánta.
is breá leo
they love to
Tá na geansaithe acu agus
is breá leo iad a chaitheamh.
bhreá
fine, lovely
Is ag deireadh seachtaine na Cincíse a chuirtear tús leis an samhradh agus leis an aimsir
bhreá, más fíor.
caoi bhreá
good shape
Tá
caoi bhreá curtha air, agus usáidtear é le haghaidh na seirbhísí eaglasta a reachtáiltear ann go laethúil.
breá sásta
perfectly happy
Is é mo bharúil féin go raibh cuid áirithe de mhuintir na tíre seo, is é sin mná céile go leor,
breá sásta le toradh an chluiche, ach scéal eile é sin.
breá
lovely
Deacair a chreidiúint gur imigh an duilliúr
breá a mhaisigh i rith an tsamhraidh iad agus go bhfuil na duilleoga anois ag lobhadh ina screamh salachair.
cuma an-bhreá
grand appearance
Bhí
cuma an-bhreá ar Pháirc an Chnoic, an féar gearr mar ba chóir do chluiche iománaíochta, an dromchla mín agus an fód seasmhach.
breá
fine
Duaiseanna
=====
Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo:
Sé an Saol an Máistir
==========
Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir
Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór
breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
B’ionadh agus ba bhreá liom
I was amazed and delighted
B’ionadh agus ba bhreá liom an réimse leathan cáise atá ar fáil anseo – agus ar chostas réasúnta.
is breá
it’s lovely
Táim an-shásta a bheith anseo dá bhrí sin, ach ar ndóigh,
is breá dul ar ais abhaile agus a bheith ann i rith an tSamhraidh ar feadh tamaillín agus i rith na Nollag.
duais bhreá
fine prize
) Bronnfar an
duais bhreá sóláis seo uirthi ina éiric ach beidh cinnidh chrua le glacadh aici.
focail bhreátha
fine words
Mar a thuigimid anois, is beag tionchar a bhí ag an ngníomh, cibé
focail bhreátha a bhí ag Taoiseach Bertie Ahern timpeall an ama chéanna faoi riachtanas “Saoránacht Ghníomhach”.
Is breá le
love to
Is breá le lucht leanúna spóirt na hAstráile a mhaíomh go rialta go ngnóthaíonn fir agus mná spóirt na tíre i bhfad níos mó sna comórtais idirnáisiúnta éagsúla ná a mbeifí ag súil leis, nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil ach daonra de 22.
fógra breá mór
a fine large notice
Ag tiomáint trasna na teorann le cairde, thug mé faoi deara go bhfuil
fógra breá mór ann anois: "Welcome to Scotland/ Fàilte gu Alba," a deir sé, le brat na hAlban mar chúlra.
ghlór breá
fine voice
Chomh maith lena
ghlór breá, tá soiléire agus cruinneas focal go sonrach ag Pádraig sna hamhráin seo.
fógra breá úr
fine new sign
Chonaic mé an
fógra breá úr "Fáilte gu Alba" nuair a chuaigh mé thar an teorainn agus mé ar mo bhealach go Baile Chloichrigh, áit a raibh mé ag déanamh cúrsa treoraí siúl sléibhe geimhridh agus bhí mé ag súil go mór le seachtain sna Garbhchríocha.
go breá béasach
good-mannerly
“Arú, éirigh as an chac!” a dúirt Balor
go breá béasach, “agus inis an scéal mar atá! Nach é go bhfuiltear ag iarraidh fáil réidh leis an Oireachtas, agus nach bhfuil Foraois na Gaeilge ar na craobhacha!” Agus leis sin, shuigh sé siar agus straois air mar a bheadh ar chollach a raibh pian ina bholg agus ina thóin.
Gealadh Breá faoi
things are looking good for
Is iad na cásanna is gaire do mo chroí iad na healaíona dúchais, agus Oireachtas na Gaeilge, agus na dabhcha séarachais; agus an drámaíocht, dar ndóigh; agus na dabhcha séarachais; agus tithe a bheith saor ó tháillí; agus na dabhcha séarachais …”
Gealadh Breá faoi Fhoraois na Gaeilge
=================
“Is cuma daoibhse cé mé,” a d’fhreagair an duine anaithnid.
Breá bog anois
take it easy now
‘
Breá bog anois!’ Cheansaíos é.
go breá réidh
nice and easy
D’ainneoin fadhb aitheanta na nua-Naitsithe a bheith sa Ghearmáin, in Oirthear na tíre ach go háirithe, ghlac die Polizei - na póilíní
go breá réidh leis gur ar bhithiúnaigh eachtrannacha amháin a bhí an fhreagracht iomlán as na dúnmharuithe brúidiúla seo.
Is breá liom
I love
Is breá liom na radharcanna galánta de na Beanna Boirche i bhfad uaim nó de thuaisceart Aontroma sa treo eile, nó de Bheann Mhadagáin, tírdhreach a cruthaíodh “sula dtáinig blianta nó laetha chun an tsaoil as broinn chian cheoch na haimsire,” mar a scríobh Séamus Mac Grianna faoi Ghaeltacht Thír Chonaill in An Druma Mór.
gloiní uisce breá fuar
glasses of lovely cold water
Tháinig bean áitiúil amach as a teach le
gloiní uisce breá fuar do na siúlóirí agus d’ól siad a sáith.
príomhthéama a leabhair bhreá sheanchais
the main theme of his lovely folklore book
B’iad na dúshláin tuisceana seo
príomhthéama a leabhair bhreá sheanchais ar an gCailligh Bhéarra, *The Book of the Cailleach: Stories of the Wise-Woman Healer (Cork, 2004)*, áit a ndearna sé mionscagadh ar an gcultúr béil Gaelach.
gur breá léi cuideachta daoine
she loves peoples’ company
Is léir arís mar sin, nach ealaíontóir scoite ón fhíorshaol atá in Julie Feeney,
gur breá léi cuideachta daoine.
Ba bhreá leis gar a dhéanamh do dhuine
he liked to do someone a good turn
Ba bhreá leis gar a dhéanamh do dhuine, cuma cé bhí ann”.
Is breá liom
I really like
‘Uncle Boonmee (who can recall his past lives)’ le Apichatpong ‘Joe’ Weerasethakul
(An Téalainn 2010) New Wave Films NW023
====================
Is breá liom an ‘Joe’ sin i lár baill thuas! Seo an té a thug cineama na Téalainne chuig nideog-phobal, .
ghríosaigh cláracha breátha
fine programs (on TG4) encouraged
Ní foláir nó gur
ghríosaigh cláracha breátha TG4 mar gheall ar stair an Chongó an lucht féachana chun tabhairt an athuair fé sheanleabhar cáiliúil Conor Cruise O Brien ó 1962, To Katanga and back: A U.
ar laethanta breátha samhraidh
on fine summer days
Chuala mé trácht ar liathróid shalach go minic fiú amháin
ar laethanta breátha samhraidh gan ruainne puití le feiceáil ar bhuatais ná ar gheansaí imreora ar bith.
gur bhreá leis a bheith i gcomhluadar na foirne
he really liked being with the team
Is cuimhin leis “go raibh sé gafa leis an spórt, d’imir sé ar chaighdeán ard agus
gur bhreá leis a bheith i gcomhluadar na foirne.
fear breá ina steillebheatha romham
a well put together man was there before me
”
Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí
fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
smaointí breátha fá choinne
fine ideas about
Ar ndóigh, is féidir ceachtar den phéire seo a leanúint ar Twitter, Facebook nó ar Pinterest nó is féidir nuachtlitir a fháil go rialta le
smaointí breátha fá choinne dinnéir nó d’ócáidí ar leith atá ag teacht aníos.
meáchan breá folláin 10 gcloch ann
weighing a good healthy ten stone
Bliain is fiche d’aois, 5’11” ar airde agus
meáchan breá folláin 10 gcloch ann, ní bheadh a fhios agat ag breathnú ar Simon Metin faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha.
is breá liom na cuimhneacháin
I love the memories awakened
Cé nach léiríonn an rogha sin leabhair é, is breá liom léamh agus
is breá liom na cuimhneacháin a mhúsclaíonn gach leabhar ar an tseilf.
breá fuinniúil go fóill
still fit and active
Tá mé
breá fuinniúil go fóill.
féilte breátha pléisiúrtha
fine pleasurable festivals
Bailte móra, ollscoileanna, agus fiú ardscoileanna féin a bhíonn á reáchtáil, agus is
féilte breátha pléisiúrtha iad a mbíonn daoine ag súil leo ó cheann ceann na bliana.
Múineann na cláracha breátha seo aige
these fine programs of his teach
With that knowledge, with that sense of the Jews having never had the power of their own national home, how could you not be a Zionist?*”
Múineann na cláracha breátha seo aige ceachtanna éagsúla dúinn, ceachtanna mar gheall ar iompar na nGiúdach san Éigipt agus mar gheall ar na foinsí Giúdacha a chruthaigh naimhdeas Wagner dos na Giúdaigh níos déanaí.
Ba bhreá liom mar sin
so I loved
Ba bhreá liom mar sin go raibh deis agam Gaeilge a labhairt le baill CCÉ na hArda i ndiaidh an taispeántas iontach a thug siad ar ardán na seaneaglaise.
Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne
you loved the satisfaction of lashing the ball of the gable end
Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne aige baile cúpla míle babhta.
D’amharc sé ar fholt breá gruaige
he looked at E.'s fine head of hair
D’amharc sé ar fholt breá gruaige Enda agus chonacthas dó go raibh sé ní ba ghile mar fholt ná folt fireann ar bith a chonaic sé lena bheo; agus chonacthas dó go raibh cuid gruaige fionnrua an Taoisigh ní ba shlíoctha agus ní ba réidhe agus ní ba mhínmhothaithí ná folt gruaige ar bith a chonaic sé riamh; gan ribe dá dhlaoi as alt; é gan barrchleite amach ná bunchleite isteach.
den tionscnamh breá seo
of this fine project
Ní foláir nó go mbeidh léargais iontasacha eile le scagadh nuair a fhoilseofar an tarna sraith
den tionscnamh breá seo sula bhfad.
ursa bhreá chloiche
a fine stone column
Agus is ann a chonaic mé
ursa bhreá chloiche ina seasamh le taobh an bhealaigh.
ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid
the British government would love it so
Cad é an mheisce a bhí ar Ard-Aighne Thuaisceart Éireann John Larkin nuair a mhol sé gan dul ar aghaidh le fiosrúcháin ar choireanna a tharla le linn na dTrioblóidí? Cinnte,
ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid ar mhaithe le cúrsaí airgid agus ar mhaithe le rúndacht (bhí alt ar an Guardian inné faoin dóigh ar loisc na húdaráis Bhriotanacha cáipéisí a chuirfeadh aiféaltas orthu sular fhág siad na tíortha Afraiceacha a bhain neamhspleáchas amach sna 1960í).
cosa breátha móra atá iontu
they’re great big feet
Tháinig Dinny ar an tsaol seo le dhá chois ar a cholainn, agus
cosa breátha móra atá iontu, bail ó Dhia orthu, nó is minic a chuir sé isteach ina chlab mór iad; agus cé gur fhoghlaim Dinny go hóg ina shaol an dóigh le seasamh ar a dhá chois féin, is léir go bhfuil an cumas sin caillte aige anois.
breá séimh
a fine pleasant
Dé Domhnaigh
breá séimh a bhí ann, an 24 lá de mhí na Samhna 2013.
scaifte breá daoine bailithe
a fine crowd of people
I ndiaidh aifreann na maidine, bhí
scaifte breá daoine bailithe le chéile ag an chrosbhealach, ceol binn na n-éan le cloisteáil mar mhaise ar cheol na cruite.
tá sé breá sócúil
it’s nice and comfortable
Maidir leis an taobh istigh den charr,
tá sé breá sócúil agus níl aon easpa slí ann.
Ba bhreá le
would like to
Rás Putin ina Chúlóg ar Each
=============
Ba bhreá le Balor dul ar chlár le *Miss Panti*, ach beidh air dul sa scuaine.
is breá leis imirt
he loves to play
Is ball díograiseach é dá chlub agus
is breá leis imirt in éineacht leis na cairde atá aige ó bhí sé sa naíonra (naíonra an CLG atá i gceist).