Cá bhfuair sé an spéis seo sa teanga, agus céard a thug go dtí an Ghaeltacht an chéad lá riamh é?
Agus é ag fás aníos i gCloch Shiúrdáin i gContae Thiobraid Árann, bhíodh na múinteoirí ag labhairt Gaeilge leis na daltaí i gcónaí i gclós na scoile, agus nuair a chuaigh sé ar aghaidh go dtí
na Bráithre Proinsiasacha i gClóirtheach ina dhiaidh sin, bhí roinnt múinteoirí sa scoil sin a raibh an-spéis acu sa Ghaeilge freisin.