Is é an rud a chonaic sé a chuir fearg air ná pictiúr den Chroch Chéasta agus seamhan ag sileadh aisti agus, ar an taobh clé di, bod crua ina sheasamh suas díreach.
Is cúrsaí inscne atá á scrúdú sa phíosa seo fosta ina bhfuil siorc, a fheictear mar shiombail ionsaitheach go minic, le feiceáil ina sheasamh mar bhod ach a bhfuil cruth banúil air mar go bhfuil cíocha ar a bhrollach agus gúna air de chré-umha fite.