beagnach de dhlúth agus d'inneach ann
almost innate
Bhí siad
beagnach de dhlúth agus d'inneach ann anois agus ní ligfeadh an eagla dó a rá lena athair nach raibh dea-thomáint aige agus é ar an bhealach leis na cianta.
Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell
the yellow colour on the hall wall almost blinded Nell
Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell.
ann ach go raibh a dhá shúil amuigh ar a chloigeann
his eyes almost popped out of his head
Thóg sé ó theach a muintire ar maidin í agus
ann ach go raibh a dhá shúil amuigh ar a chloigeann nuair a chonaic sé í ag déanamh a bealach anuas cosán an tí.
gurbh ann ach gur chuala siad cloigín an dorais
that they almost didn't hear the door-bell
Bhí siad sáite an oiread sin sa chomhrá
gurbh ann ach gur chuala siad cloigín an dorais an tríú huair.
gur bheag nach raibh siad ag bualadh an smigid aige
that they almost touched his chin
Shuigh Rufus ar an tolg agus bhí an tolg chomh híseal sin agus cuid cos Rufus chomh fada sin
gur bheag nach raibh siad ag bualadh an smigid aige.
chóir a bheith
almost
Mar is gnách, bhí an plé uilig
chóir a bheith dírithe ar an mheá sheicteach, ar bhuaiteoirí agus chaillteoirí sa chluiche cumhachta idir náisiúnaithe agus aontachtaithe a leanfaidh an t-atheagrú ó bhun go barr ar an chóras rialtais áitiúil anseo.
ba bheag nach ndeachaigh sé i léig.
it almost died out.
I
ndiaidh an Reifirméisin i 1560,
ba bheag nach ndeachaigh sé i léig.
tá an t-othar beagnach marbh,
the patient is almost dead,
Sea,
tá an t-othar beagnach marbh, agus na súmairí á fhágáil, de cheal fuil úr le hól.
chóir a bheith,
almost,
Is dráma é atá thar a bheith go maith, ach, anuas air sin, ag pointe amháin bhí an chuma ar an lucht féachana gur chuid den dráma iad, gur bhraith siad ceangal fisiciúil,
chóir a bheith, leis an scéal a bhí á insint ar an ardán.
mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach.
as it comes directly almost from the vat.
Gach Aoine, idir 5 -7 pm, osclaítear doirse na grúdlainne chun seans a thabhairt don phobal an bheoir a bhlaiseadh
mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach.
Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn
the next Christmas is almost with us
Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn – Nollaig nach bhfeicfidh mé m’iníon lena linn agus Nollaig nach mbeidh mé in ann taitneamh a bhaint aisti ina héagmais.
nach mór,
almost
An t-am seo an bhliain seo caite, d’fhógair mé go raibh m’albam féin – a rabhas ag obair air le blianta – curtha i gcrích,
nach mór, agus go rabhas cinnte go n-eiseofaí an t-albam san athbhliain.
Is geall le
It is almost a
Is geall le* Rapid Revision on Issues pertaining to the Irish Language* é an saothar seo, ach ní ar bhealach díspeagúil a deirim sin agus tá súil agam nach gcuirfidh an cur síos olc orthu siúd a bhí bainteach leis.
Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá
the police of America are almost like an army
Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá le tamall anuas.
is geall le clós páirceála
it is almost a car park
Cé nach bhfuil sé ach 100 míle ó Nua-Eabhrac, tá an smaoineamh céanna ag go leor de phobal Nua-Eabhrac agus
is geall le clós páirceála an Parkway tar éis 8.
is geall é le
it is almost like
Agus na leathanaigh phearsanta seo agat, a deir Mark,
is geall é le stáisiún teilifíse de do chuid féin a bheith agat.
chóir a bheith.
almost
Bhí mé ábalta intinn na *Einsteins* seo a chluinstin ag oibriú,
chóir a bheith.
Chóir a bheith
almost
Chóir a bheith go bhfuair sé bás trí huaire, bhí an múchadh chomh holc sin, mar sin ní dheachaigh sé ar scoil go dtí go raibh sé seacht mbliana d’aois.
chóir a bheith
almost
Teip cumarsáide mar sin ó rialtas a bhfuil bolg ag teacht air tar éis
chóir a bheith dhá bhliain déag i gcumhacht.
bhí port na foirgníochta beagnach seinnte
the game was almost up for the building (trade)
Ach
bhí port na foirgníochta beagnach seinnte faoin am sin.
chorr a bheith
almost
Tá mé sásta go bhfuil an sprioc a bhí romham ag tús an turais
chorr a bheith bainte amach
agam – níl ach 10 ciliméadar le siúl inniu go Logrono! Ach, ar an taobh eile den scéal, níl fonn orm an Camino a fhágáil, turas a thug oiread sin sóláis dom le seachtain anuas.
gur geall le
it is almost
”
An droim láimhe a thabhairtIs léir go mbraitheann Harris
gur geall le géarleanúint an t-iompar seo.
mórán i ngan fhios dúinn
almost unbeknownst to us
Mothú an fhuadair agus an tsaothair
Mothaítear a lán den obair seo ó thráth go chéile, in ionad a bheith ag léamh faoi, glan soiléir, dubh agus bán, i gcolúin nuachtáin, nó éalaíonn a lán de scéal fíor ár linne féin tharainn,
mórán i ngan fhios dúinn.
nach mór
almost
Ba ghairid go raibh
nach mór deor faoi shúil mháthair an chailín in aice láimhe, nuair a d’éist sí lena naíonáin sinsir féin d’iníon i mbun comhrá beag Gaeilge le duine de mo chomhluadar féin.
nach mór
almost
Bhí an mhaith suite as an aer ar fad,
nach mór, ag an loscadh.
ionann is dodhéanta
almost impossible
An tAiséirí
Murab ionann agus dornálaithe, cuir i gcás, deirtear go bhfuil sé
ionann is dodhéanta ag lucht rothair teacht ar ais mar iomaitheoirí tar éis dóibh éirí as an spórt ar feadh scaithimh ar an ábhar gur spórt thar a bheith dian é a éilíonn leibhéal an-ard aclaíochta, nirt agus crógachta.
mórán chuile dhuine
almost everyone
Samhlaím go bhfuil
mórán chuile dhuine dena truaillitheoirí cláraithe le REPS, an Rural Environmental Protection Scheme, faoina bhfaigheann siad slám maith airgid chuile bhliain leis an dtimpeallacht a chaomhnú, mar dhea.
beagnach
almost
Cé gur chuala
beagnach gach duine iomrá ar 'Olagarcaigh na Rúise,' ní heol do mhórán daoine go bhfuil clóichead, nó pas, Iosraelach ag
beagnach gach duine díobh.
chóir a bheith thart
almost finished
Níl in aon ní ach seal a deir siad agus tá mo sheal sna Stáit Aontaithe
chóir a bheith thart.
nach mór
almost
Sílim nár mhiste na trí ráithe,
nach mór, atá caite agam i ‘dtír na deise’ a mheas.
chóir a bheith
almost
Seo mar a mhaíonn Fear na Súile Nimhe: “Deir mo sheanchara Daithí Atinburó (i nglan-Ghaeilg: Daithí Chathair na hAithne) go bhfuil an Turasórus Meiriceánus anois áirithe go hoifigiúil i measc na ndúl is teirce in Éirinn,
chóir a bheith chomh gann leis an dlíodóir bocht, an múinteoir saibhir agus an ceardchumannaí sásta.
beagnach
almost
Ní dhearna Séamus gearán faoi dhuine ar bith eile a bhí ag seinm in aice leis, bíodh sé sin
beagnach ag milleadh an cheoil ar achan duine eile.
mórán chuile thír
almost every country
Faoin am seo, is cluiche domhanda é an sacar, á imirt ag
mórán chuile thír ach an Vatacáin.
beagnach
almost
Polaiteoirí ar Díol
Cad chuige a bhfuil lucht Iosrael in ann
beagnach a rogha rud a dhéanamh i Washington? Is é freagra gearr na ceiste sin ná ‘airgead.
nach mór
almost
Is cosúil gur beag scéim Gaeltachta arbh fhiú a choinneáil agus go hindíreach tá cibé aitheantas a bhí ag an Ghaeltacht mar cheantar sonrach le stádas ar leith, le cur ar ceal
nach mór, d’aon ráib amháin.
nach mór
almost
Déanaim iarracht teacht amach as an ngluaisteán ag cúpla pointe i rith na slí lena turas sise abhaile a ghiortú, ach ní scaoilfidh sí liom go dtí go mbainfimid amach an cosán
nach mór i mbéal doras mo thí.
is beag nár fhág mé
I almost left
Ach
is beag nár fhág mé an ríomhaire sa bhaile ar fad.
bheagnach
almost
Tá tuairim is 520,000 den mhuintir dhúchais san Astráil, de réir an Bhiúró Staidrimh náisiúnta, agus tá daonra de
bheagnach 22 milliún duine ina iomlán sa tír.
mórán
almost
Síneann sé isteach i
mórán chuile bhaile agus chuile phobal.
chor a bheith
almost
Tá
chor a bheith achan leabhar ar an stailc ocrais léite agam.
nach mór
almost
Ó céadtoghadh, nó ó ceapadh, an bord reatha sa bhliain 2005, íocadh
nach mór €1.
nach mór le deich
almost ten
SMM: An mbeifeá sásta socrú síos áit éigin i nGaillimh? DÓS: Tá mé anseo anois
nach mór le deich mbliain.
beagnach
almost
Tá leathbhliain ann ó tháinig deireadh le Foinse agus
beagnach bliain ó stad Lá Nua ag trádáil.
beagnach
almost
Tiocfaidh síneadh beag ar na laetha go luath sa bhliain úr - oiread coiscéim coiligh gach lá – agus, cé go bhfanfaidh an aimsir go dona, ardóigh an ghrian ar an spéir de réir a chéile, agus
beagnach i ngan fhios dúinn beidh an geimhreadh thart is beidh snafach faoin lus agus flúirse fáis ar ball arís ann.
geall leis
almost
Bhí ar Michael na caighdeáin sin a thógaint, ina aonair,
geall leis, in Éirinn na n-ochtóidí.
ba gheall le foras
almost an institution
Ar nós Peter Allis atá ina thráchtaire don BBC le blianta fada ar chúrsaí gailf,
ba gheall le foras é Bill McLaren lena ghuth sainiúil, seanchaíoch a samhlófá léargas agus tuiscint ar leith a bheith ag baint leis agus nach raibh le fáil in aon tráchtaire eile.
geall leis
almost, equivilent
JW: Chuaigh líon íseal na gcainteoirí sna teangacha ar fad,
geall leis, i gcion orm go mór.
nach mór
almost
Tá Suu Kyi i gcarcair ag drong mhíleata na tíre le fiche bliain anuas
nach mór.
chóir a bheith
almost
Imríonn
chóir a bheith gach ball den fhoireann náisiúnta, a bheidh páirteach sa Chorn Domhanda, ar son foirne san Eoraip.
mórán le linn
almost as
Ní raibh a fhios agam go raibh timpíste ag titim amach
mórán le linn mo chainte féin.
geall le bheith
almost is
Má tá na Stáit Aontaithe
geall le bheith ina stát póilíneach anois, is ar Lieberman, thar éinne eile, is mó atá an locht.
beagnach go hiomlán
almost entirely
*
Tá ceist an daonra fite fuaite le dúnghaois inimirce mar go bhfuil fás an daonra ag brath
beagnach go hiomlán ar inimirce, ní hionann is an ráta beireatais atá ag titim san Astráil le fada an lá.
chomhair a bheith
almost
Mar sin, an dearcadh a bhí ag Poblachtanaithe Oifigiúla, na *“Stickies”*, agus eite i NICRA a mheas go dtiocfadh aontú na tíre mar thoradh ar leasaithe sna Sé Chontae, tá an dúnghaois sin anois á leanstan ag Sinn Féin an lae inniu
chomhair a bheith 50 bliain ó tháinig sé chun cinn.
nach mór
almost
Síos liom maidin Dé Luain is fuaireas jab an chreamary agus bhíos ann
nach mór 35 bliain.
ionann
is almost
Bhí sé sin le sonrú ach go háirthe sa seasamh a ghlac sé níos luaithe i mbliana nuair a léirigh iniúchadh de chuid Nuacht TG4 go raibh
ionann is beirt as gach triúr a fuair díolúine ón Ghaeilge de bharr míchumas foghlama ar nós disléicse, ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach eile don Ardteist.
nach mór
almost
Gan choinne ar bith leis, d’éirigh le hiarrthóir an Pháirtí Ghlais i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle, Marina Silva,
nach mór 20% de na vótaí a fháil.
nach mór
almost
Cinnte, bhí na céadta stáisiún teilifíse agus raídió ar fud na tíre, ach bhíodar uilig,
nach mór, comhcheangailte le ceann de na ‘líonraí’ móra, nach raibh ach trí cinn ann: NBC, ABC, agus CBS, a raibh monaplacht triarach acu ar aerthonnta Mheiriceá ó thús ré an chraolacháin.
geall le bheith
is almost
Le Janine ‘Smurf’ Cody tá bithiúnach cineamúil
geall le bheith Shakespeareach cruthaithe ag Michot agus ag Weaver dúinn.
i ngar do
almost
Anois tá chuid mhaith de na clubanna
i ngar do bheith bancbhriste, mar nach féidir leo an t-airgead mór atá imreoirí ag éileamh, a íoc.
mórán mar gheall ar an locht
almost because of the fault
(Bhraith muintir na Polainne locht gramadaí áirithe ar chaint Lech Wałęsa, ceardchumannaí longchlóis, nuair a d’fhógair sé na blianta siar go rithfeadh sé i dtoghchán le haghaidh na huachtaránachta sa Pholainn, ach thogh siad é,
mórán mar gheall ar an locht.
nach mór
almost
Tá an duilleog sin feoite anois,
nach mór, gan fágtha uirthi ach na cuislí móra.
beagnach gach
almost every
Déanann
beagnach gach gasúr bunscoile abhus staidéar ar an dán agus, cé go bhfuil nathanna seanreicthe go leor ann agus go bhfuil na mothúcháin maothintinneach in áiteanna, níl aon amhras ach go ndeachaigh na rainn i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile.
beagnach
almost
Bhí ceart vótála ag mná na tíre, cuir i gcás,
beagnach ón lá ar bhain an Astráil neamhspleáchas amach céad agus deich mbliana ó shin, tréimhse fhada sula raibh an ceart céanna ag mná i dtíortha forbartha go leor eile.
beagnach
almost
Is leamh an rud é go mairfidh an Teach atá freagrach as an phraiseach agus go gcuirfear deireadh leis an cheann atá
beagnach saor ó mhilleán!
Agus an tír báite i bhfiacha, is cóir gach caiteachas stáit a scrúdú, ach nílim ag teacht leis na tráchtairí a chuireann an bhéim ar chostas an tSeanaid mar chruthú gur chóir deireadh a chur leis.
nach mór
rite almost run
Tá trí bliana is ceithre fhichead slán ag Hessel, tuigeann sé go bhfuil a rás
nach mór rite aige, ach achainíonn ar dhaoine cur i gcoinne na héagóra agus an mhíbhuntáiste agus stop a chur le truailliú na cruinne.
beagnach
almost
Ar ndóigh bhí sé de phribhléid agamsa a bheith mar Aire Stáit agus mar Aire Gaeltachta le
beagnach 13 bliain anuas agus rinneadh rudaí san am sin a mbeidh tábhacht leo don teanga go ceann i bhfad.
gar do
near to, almost
Mí go leith tar éis na dtuilte agus an sciorradh tailte a mharaigh
gar do 900 duine sna sléibhte soir ó thuaidh as cathair Rio de Janeiro, tá anord fós i réim sa réigiún.
nach mór
almost
Tá iasacht de
nach mór billiún €uro á cur ar fáil ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta fána choinne, ach tá an fhadhb chomh forleathan.
mórán chaon
almost every single
Sna ceantair sin mar a bhfuil teanga ardghradaim chun tosaigh mar chéad teanga (L1, an Spáinnis, an Ioruais, an tSualainnis, an Fhionlainnis, an Rúisis, an Ghearmáinis) níl ach aon chóras scolaíochta amháin a thabharfaidh dátheangachas go rathúil do mhic léinn agus is é sin, córas ina múintear tríd an sprioctheanga (L2), ar nós chóras na gaelscolaíochta in Éirinn mar ar L2 í an Ghaeilg ag
mórán chaon dalta.
beagnach
almost
Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a léiríonn go bhfuil an Astráil chun tosaigh ar
beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é.
nach mór
almost
I ndiaidh breis agus deich n-uaire an chloig a chaitheamh ar an mbóthar, bhí mé sásta go raibh ár gceann scríbe
nach mór bainte amach againn.
nach mór
almost
Tá sé ar bhóthar eadarstáit 95, an mótarbhealach a ritheann ó cheann ceann an cheantair seo, an bóthar is mó trácht sa tír,
nach mór, agus tá na tranglaim tráchta chomh dona air go moltar anois tiomáint air i lár na hoíche agus é a sheachaint go hiomlán i rith an lae!
Más ea, bhuaileamar bóthar i lár an lae mar sin féin, agus mar a tuaradh, chaitheamar seacht n-uaire an chloig ar an mbóthar seachas an trí go leith a thógfadh sé gan trácht.
nach mór
almost
Ach, is suntasach an líon gortaithe a bhfuil tionchar fad tréimhse agus do-leigheasta
nach mór ag baint leo.
geall leis
almost
An dála céanna
geall leis i gcás teannán na hioscaide agus maidhm sa teannán cúlmhurnáin, nó teannán Aichill.
beagnach
almost
*‘Language is the social fact par excellence’* - Saussere
===============================
Anuas tríd an chuntas sin ar chúla téarmaí,
beagnach, ritheann uimhreacha daonra.
Ar feadh nach mór
for almost
Ar feadh nach mór fiche nóiméad, scaoil sé a chuid urchar leis na siopadóirí lena ghunna uathoibríoch.
caithfidh tú a bheith ag riar air beagnach mar cheart
You have make a provision for it almost as a right
“Má tá na healaíona agus an cultúr le bheith mar chuid de bhonneagar do bheithe, den dóigh a fhorbraíonn muid ár bpearsantacht ar bhonn pearsanta agus sa phobal,
caithfidh tú a bheith ag riar air beagnach mar cheart.
beagnach
almost
Is dream atá tugtha don imirt iad muintir na hAstráile agus tá
beagnach gach saghas cearrbhachais dleathach abhus dá bharr.
a seal geall le bheith tugtha
his time is almost up
Conas mar a bheidh ag na páistí ina éagmuis? Níl fhios acu, ná ag éinne, go bhfuil
a seal geall le bheith tugtha.
geall leis
almost
Athrú mór ón mbliain roimhe nuair a buadh gach cluiche
geall leis.
is beag nár rith
almost ran
) Déanann sé roinnt mhaith poiblíochta do chomhlachtaí agus do dhreamanna agus déarfar ‘seo fear,
is beag nár rith sé don toghchán.
nach mór leathchéad
almost fifty
Maríodh
nach mór leathchéad saighdiúir as Éirinn ann.
chóir a bheith
almost
*"Islam out u bums ulster is british NO SURRENDER"* an ceann a bhaineann barr bómántachta amach agus ainneoin go bhfuil 123 "ball" ag an leathanach,
chóir a bheith nach bhfuil teachtaireachtaí ar bith air.
beagnach ídithe
almost depleted
Deirtear go mbíonn 40% d’uisce na tíre in úsáid leis an khat a chur ag fás agus go bhfuil fadhb anois ann mar tá bord an uisce thart ar Sa’ana
beagnach ídithe.
Tá sé ionann is réidh
it’s almost ready
Tá sé ionann is réidh le cur ag na clódóirí.
buailte linn
almost upon us
Tá an Nollaig
buailte linn agus buaileann driopás áirithe sinn go minic faoi Nollaig chomh maith.
Tá sé ’chóir a bheith
it’s almost
Tá sé ’chóir a bheith céad bliain ó d’fhág an long is cáiliúla ar an domhan, an Titanic, cuan Southampton i Sasana le tosú ar a céad turas tráchtála riamh go Nua-Eabhrac i Meiriceá.
a fear chéile ar imeall a bhriste
her husband almost broken
Altaímis an Ealaín
=======
Tá brídeog ar imeall a céille ón ngalar dubhach,
a fear chéile ar imeall a bhriste de dheasca a míshláinte siúd - gan trácht ar ghéarchéim an domhain féin, ar imeall a scriosta.
nach mór
almost
Bhí na hAirí i Rialtas Stormont faoi smacht iomlán
nach mór ag an Ord Oráiste, a raibh leagan amach seicteach neamhleithscéalach acu.
is beag nár ghlac
almost accepted
Diaidh ar ndiaidh, go háirithe le dúnghaois den chineál seo, chaill an páirtí vótóirí an láir, agus
is beag nár ghlac dreamanna sainleasa na heite deise seilbh iomlán ar an bpáirtí.
beagnach iomlán na ndaoine
almost all of those
Tharla rud eile suntasach i dtréimhse an Tíogair Cheiltigh agus ba é sin go raibh
beagnach iomlán na ndaoine a bhog chun na tíre, a lonnú ins na cathracha agus na bailte móra.
beagnach trian
almost a third
Bhí
beagnach trian den lucht oibre fós ag obair sa réimse sin sa bhliain 1960.
geall leis
almost
Má fhéachaimid ar scéal na hiomána a imrítear don chuid is mó (a) in Éirinn nó i measc Éireannach lasmuigh den tír agus (b) go fairsing i gceantair áirithe agus go tearc i gceantair eile, de réir teoiric na dtosca aiceanta a tháinig an iománaíocht chun cinn i réigiún ina raibh (i) neart den ábhar cuí, fuinseog, ar fáil (ii) aeráid thais, mheasartha agus ithir dhomhain, thorthúil a chuidigh le fás na fuinseoige agus le fás féir ó cheann ceann na bliana
geall leis agus (iii) dálaí aimsire a chuidigh le himirt an chluiche ar feadh formhór na bliana.
Beagnach gan mhaith
almost useless
” (
Beagnach gan mhaith, dála an scéil, ach sin scéal eile.
is beag nach bhfuair mise
I almost received
Ach níos mó ná sin, tharraing an focal a leithéid de fhíseanna im’ intinn
is beag nach bhfuair mise íde bhéil freisin leis an neamhaird a bhí á déanamh agam ar an gceacht a bhí idir lámha againn.
agus é beag beann beagnach ar
while he almost turned a blind eye to
Dhiúltaigh Lincoln íde speisialta a thabhairt dos na Stáit theas
agus é beag beann beagnach ar a gcuid tréas bunreachtúil, agus dhiúltaigh Andy an t-idirdhealú céanna a dhéanamh ina shearmóin.
chóir
almost
Ciallóidh sé sin go mbeidh
chóir a bheith ceithre bliana caite ag cur is ag cúiteamh fán chóras nua agus gan a dhath ar a shon ach an ghangaid agus an lagmhisneach.
beagnach crochta
almost hung out to dry
Nuair a bhí an t-ualach
beagnach crochta agam, d’fhill cuid de na ceoltóirí.
beagnach dosheachanta
almost unavoidable
Ach i ndáiríre, tá sí
beagnach dosheachanta.
ar fad, nach mór
almost all
) Sa triaróg seo cé go bhfuil nanóicí liogacha ag na carachtair
ar fad, nach mór, a ligeann dóibh cumarsáid a dhéanamh thar ghréasán gan trealamh ar bith eile allamuigh agus cé go bhfuil siad in ann ceimicí áirithe a scaoileadh chun cabhrú leo suíomhanna áirithe a láimhseáil, tá na brúanna céanna orthu is atá orainn ar na saolta seo.