Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éagmais lack, absence
" Is ansin amháin a bhíonn seans acu an costas a sheasamh ar rud nach dtig leo seinm ina éagmais - an pionta.
in éagmais in the absence of
" Chaill an Clár i gcoinne Chorcaí agus i gcoinne na Gaillimhe in éagmais Sheáinín agus Chóilín Uí Loingsigh a cuireadh den pháirc freisin.
d'uireasa in the absence of
" Tá sé den tuairim go léiríonn an scéal seo faoi na táillí seirbhíse go raibh dul amú ar na tráchtairí sna meáin a dúirt gur fearrde an próiseas daonlathach sa tír d'uireasa an *dual mandate*.
D'uireasa na seirbhíse in the absence of the service
" D'uireasa na seirbhíse le 30 bliain anuas bheadh an teanga níos boichte agus níos scáinte agus ní bheadh sí chomh beo ná chomh fairsing, dar liom.
de cheal "na streachailte armtha" in the absence of the armed struggle
" Den chéad uair, tá an pobal náisiúnach ag glacadh leis, de cheal "na streachailte armtha", gur beag *raison d'etre *atá ag an IRA.
in éagmais tacaíocht cheart ón stát in the absence of proper state funding
" Tá an tIontaobhas ag iarraidh deontóirí eile a aimsiú chun a chinntiú go dtig leo borradh a choinneáil faoin Ghaelscolaíocht ó thuaidh, fiú in éagmais tacaíocht cheart ón stát.
in éagmais in the absence of
" Ach in éagmais freasúra láidir, ní bheidh stró ar bith ar an rialtas fanacht in oifig.
díobháil cuntasachta, the absence of accountability,
" Luaigh sé teip d’aon turas taifid a choinneáil, díobháil cuntasachta, coinneáil siar faisnéise agus fianaise, síos fríd an réimse iomlán, dúnmharaithe á ndéanamh ag gníomhairí an Stáit san áireamh.
in éagmais in the absence of
" Bhí díospóireacht ann faoi cé acu an féidir le daoine nach bhfuil gluaisteán acu a bheith páirteach i saol na cathrach in éagmais córas maith iompair phoiblí.
in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal. in the absence of a mention being table by the Houses of the Oireachtas to cancel them
" Thiocfadh na rialacháin i bhfeidhm i ndiaidh 21 lá in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal.
ina héagmais. in her absence
" Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn – Nollaig nach bhfeicfidh mé m’iníon lena linn agus Nollaig nach mbeidh mé in ann taitneamh a bhaint aisti ina héagmais.
dá n-éagmais in their absence
" Mura bhfuil sé d’acmhainn acu nuachtán laethúil den chaighdeán seo a fhoilsiú – agus creidim gur bunriachtanais iad na gnéithe sin thuas nach féidir a bheith beo dá n-éagmais i margadh iomaíoch na nuachtán – b’fhearr éirí as an bhfoilsiú laethúil agus nuachtán seachtainiúil a dhéanamh de *Lá Nua* arís, nó é a fhoilsiú dhá nó uair uaire sa tseachtain, agus díriú ar chúrsaí an Tuaiscirt den chuid is mó.
In éagmais in the absence of
" In éagmais a leithéid de bheart leanfar leis an chur i gcéill.
ina héagmais. in its absence
" Caithfear an mhuinín sin a chothú; ní tharlóidh rud ar bith fiúntach ina héagmais.
arbh fhearrde an ócáid ina éagmais in whose absence the occassion would be better
" An t-aon pholaiteoir mór le rá a bhéas i láthair ag an gcoinbhinsiún ná George Bush, agus faraor do McCain, is eisean an t-aon duine iomráiteach arbh fhearrde an ócáid ina éagmais.
nach mbeidís ábalta maireachtáil dá n-uireasa. that they wouldn't be able to survive in their absence
" Táthar ann a deir nach mbeidís ábalta maireachtáil dá n-uireasa.
neamhláithreacht absence
" Thig liom féin a dhearbhú, áfach, nach neamhláithreacht an chultúir atá ag cothú na suime doshásaithe seo.
uireasa absence
" Tá súil ag Balor go ndéanfaidh Enda Aoibhinn Aoibhiúil fógra mór nuair a bheidh an Seanad curtha ar scor aige, nó beag seans go dtabharfar a uireasa faoi deara.
díobháil absence
" Tá nasc díreach idir an díobháil litearthachta agus an choiriúlacht,” ar sé.
tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais L.’s literary talents arose from a feeling of absence
" D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais.
Phléigh muid an easpa seo we discussed this absence (of a statue)
" Éirímís!’ Éiríonn Caoi Ruda Caoi Ruda Eile ============ Phléigh muid an easpa seo sa Labour Committee on Ireland (scaifte Éireannach atá ina mbaill de Pháirtí an Lúcht Oibre) i Learpholl i 1982.
Uireasa a mhéadaíonn cumha absence makes the heart grow fonder
" Uireasa a mhéadaíonn cumha mar a deir an seanfhocal, nó b’fhéidir gurb amhlaidh go gcuireann sé luach an chultúir dhúchais ar a shúile do dhuine.
ina éagmais in his absence
" Cad a dhéanfaidh *Western Sydney Wanderers* ina éagmais? Sin ceist nach bhfuil freagra ag éinne uirthi.
mairfidh a shaothar ina éagmais, his work will last in his absence,
" Stiúrthóir scannán non pareil ab ea Ingmar Bergman agus mairfidh a shaothar ina éagmais, dar le Pat Butler.