Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
staonadh ó ghnéas sexual abstinence
" Le gairid, cuir i gcás, cheadaigh an tUachtarán Bush curaclam coimeádach gnéasoideachais do na scoileanna poiblí i dTexas, clár a chuireann an bhéim go léir ar staonadh ó ghnéas go dtí an pósadh.
Chumann Réadóirí Um Lánstaonadh na hÉireann Irish Pioneer Total Abstinence Association
" “Má dhéanann an clár seo de chuid *The Simpsons *na flaithis a léiriú mar áit ina bhfuil daoine sona, níl fadhb ar bith agamsa leis,” a dúirt an tAthair Mícheál Mac Gréil, cathaoirleach Chumann Réadóirí Um Lánstaonadh na hÉireann, sa *Times*.
an staonadh abstinence
" B’fhéidir go mbeidís in n-alcólaigh ar aon nós, ach seans maith nár chuidigh cultúr “an Corn a líonadh” agus an cheiliúrtha leo nuair ab é a bhí uathu agus iad óg ná an staonadh agus an staidéar.
Charghas; abstinence
" Lourdes, mo thóin! Fatima, mo thóin! Cnoc Mhuire, mo thóin! Dia go deo leis na seanlaethanta nuair nach gcuireadh múinteoirí na hÉireann spéis ag an am seo den bhliain ach sna crosóga Bhríde agus sa Charghas; sna plúiríní sneachta agus sa ghlóthach fhroig; sa tuiseal ginideach agus sa mhodh coinníollach; agus in aoibhneas síoraí na n-anamacha sa Phurgadóir.
tréanas abstinence
" “Tá an ceart ar fad agat, a Bhiffo,” arsa Balor, “ach ná déan dearmad go bhfuil an Carghas ann agus go bhfuil muid in ainm troscadh agus tréanas a dhéanamh.
tréanas abstinence
" Níl iontas ar bith go mbeidh gá le hardú mór ar an deontas a fhaigheann Seosamh ó Fhoraois na Gaeilge ar an bhliain seo chugainn, nó ní thiocfadh le duine ar bith tréanas ná troscadh ná féinsmacht féin a chur i leith Laoch na Súile Nimhe agus na Tóna Toirtiúla i dtaca le feoil agus ól.
tréanais abstinence
" Ní i mbun troscaidh ná tréanais a bhí Enda, ámh; ná i mbun machnaimh ná marana, faraor; ná i mbun paidreacha buíochais, fiú; ach ag amharc dó amach thar shleasa garbha an tsléibhe dhiaga ar thír na hÉireann a bhí ina luí mar a bheadh stól coise aige agus é ar a ríchathaoir.