Béal Feirsteach ‘onórach’ eile, an
tEilbhéiseach Heinrich Wagner a bhí ina ollamh le Ceiltis in Ollscoil na Ríona i lár na haoise seo chuaigh thart a rinne an chéad iarracht eile le taifeadadh eolaíochtúil a dhéanamh ar theanga bheo na Gaeilge ar fud réigiúin na Gaeltachta, agus gan dearmad á dhéanamh aige de na ceantair bheaga thréigthe taobh amuigh de na mórlimistéir Ghaeilge san iarthar, san iarthuaisceart agus san iardheisceart.