Fós gafa faoi chumhacht, nó faoi dhraíocht, nó faoi áilleacht, nó faoi uafás - bíodh do rogha agat – nó, an féidir gur faoi gheasa ‘Melancholia’ a fágadh sinn? Agus ní ar sodar dall i ndiaidh an Danmhargaigh dána ach oiread atáim (féach ‘Antichrist’, Eagrán 100 ‘Beo’, Lúnasa 2009).
B’iad chéad iarrachtaí sin Huygens agus fear de bhunadh na Danmhairge darbh ainm Thomas Walgensten a thug ar eolaithe agus aireagóirí tuilleadh dua a chaitheamh le teoiricí a bhain le cúrsaí solais, lionsaí, teilgeadh íomhánna agus eile.