Pota Focal Intergaelic
A | á | B | C | D
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
7 dtroithe seven feet
" Is é an tslí a gcuirtear an pharáid le chéile ná go ndéantar múnlaí de choirp bhó as snáithín gloine agus iad ar lánmhéid (7 dtroithe ar fhad, 4 troithe ar airde agus 2 throigh ar leithead), ansin tugtar cuireadh d'ealaíontóirí, idir aitheanta agus amaitéaracha, as na tíortha éagsúla atá ag glacadh páirte sa pharáid iad a mhaisiú ar a ndóigh féin.
an seachtú ceannaire the seventh leader
" Cibé bealach a tharlóidh sé, ná cuireadh sé iontas ar aon duine má bhíonn an seachtú ceannaire ag Fianna Fáil faoin am seo an bhliain seo chugainn.
atá i bhfoisceacht 7-10 gciliméadar which is within 7-10 kilemetres
" Cosnóidh an bóthar féin €680 milliún - é sin á chaitheamh agus caoi á cur ar an M2 atá i bhfoisceacht 7-10 gciliméadar den M3 nua.
seacht faoin gcéad 7%
" Faoi thús na mílaoise bhí an nua-aoiseachas tagtha go chuile chearn den tír agus ní raibh ach seacht faoin gcéad de mhuintir na tíre ag brath ar an fheirmeoireacht mar ghléas beo.
Seacht nAitheanta na hAthstraitéise the 7 commandments of the new strategy
" Mar sin, fógraím na foraitheanta seo a leanas: Seacht nAitheanta na hAthstraitéise ================= - Uimhir a hAon: Íocfar trí chéad Euro sa tseachtain le tuismitheoirí nó caomhnóirí páiste ar bith a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil, fhad is a bhíonn an páiste sin ag freastal ar an Ghaelscoil, agus fhad is a fhoghlaimíonn an páiste sin ar a laghad abairt nua Gaeilge amháin in aghaidh an lae.
7 and
" Tá muid sásta 7,000,000,000 acu a dhíol leat ar €5 an ceann – agus sin sladmhargadh nach bhfaighfeá i Read’s i Sráid Nassau.
nach cuid dá ndúchas san atá i dteanga isn’t the language (of C. 7 O R.) a native part of their upbringing
" Céard is teanga dhúchais ann más ea? Fear óg a rugadh sa mBreatain Bheag, mac le Gaeilgeoir nach de chuid na hÉireann é, agus gan cónaí déanta ag ceachtar acu in Éirinn riamh: nach cuid dá ndúchas san atá i dteanga Chéitinn agus Aogáin Uí Rathaille ach oiread le beirt ar bith as Dún Chaoin nó as Oileán Thoraí? Is ea, sa saol atá i ndán, sílim.
sa seachtú haois in the seventh century
" Bhí banfhile ann sa seachtú haois, Líadan, a thit i ngrá le file darbh ainm Cuirithir mac Dobharchon.