Pota Focal Intergaelic
A | á | B | C | D
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
athuair a second time
" Baineann roinnt mhaith acu triail as an teanga a fhoghlaim arís, áfach, ach tagann lagmhisneach orthu athuair nuair a dhéanann siad freastal ar chúrsa nach bhfuil go maith.
an dara cur chuige is éifeachtaí the second most effective approach
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
coicís faoide agus coicís fáide first and second fortnights of February
" "An fhéile bheag sin i bhFaoilleach idir coicís faoide agus coicís fáide, Lá Fhéile Vailintín, a dhéanann maitheas dom gach bliain.
athláimhe second-hand
" Chomh maith leis sin, tá suas le 30,000 leabhar, idir chinn nua agus athláimhe, teidil as cló agus cnuasach seandachtaí sa siopa trí urlár seo.
lucht díolta carranna athláimhe second-hand car sellers
" Ach sin ráite, tá ceisteanna le freagairt ag an triúr, agus bíonn cuma lucht díolta carranna athláimhe ar urlabhraithe Shinn Féin bunús an ama agus iad faoi agallamh faoin chás.
an dara beart díchoimisiúnaithe the second decommissioning act
" Dúirt ceannaire an UUP go mbeadh cibé maitheas a chothaigh an dara beart díchoimisiúnaithe curtha ó mhaith dá mb'fhíor do na líomhaintí thuasluaite.
dara glúine second generation
" Ó bhí an t-olltoghchán ann, áfach, braitheann inimircigh dara glúine iad féin deighilte amach ón tsochaí Ollannach, próiseas a thosaigh tar éis uafás an 11 Meán Fómhair agus a bhfuil treisiú ag teacht air ó bhí an 6 Bealtaine ann.
achan darna duine every second person
" Ar shiúl chun na hIodáile, ar nós achan darna duine in Éirinn, atá Balor an mhí seo.
an darna babhta the second round
" Liúdramáin phiteogacha iad nach dtiocfadh leo dul níb fhaide ná an darna babhta de Chorn na Cruinne.
foilseofar dara tuarascáil an chathaoirligh the second report of the chairperson will be published
" Tá an fiosrúchán poiblí i Halla na Cathrach i Manchain i mbun oibre arís anois tar éis shos an tsamhraidh agus foilseofar dara tuarascáil an chathaoirligh, Dame Janet Smith, san Earrach 2003.
dhara rogha na coitiantachta second favourite
" Díol spéise é go raibh Ledwith mar dhara rogha na coitiantachta nuair a ceapadh an Cairdinéal Desmond Connell mar Ard-Easpag ar Bhaile Átha Cliath i 1988.
athláimhe second-hand
" Deir sé nár theastaigh uathu gur "eolas athláimhe ar Éirinn nó aithne athláimhe orthu féin mar Éireannaigh a bheadh ag ár gcuid leanaí orthu féin, go mbeidís ag brath orainne ar fad leis an nasc a dhéanamh le hÉirinn.
den dara glúin of the second generation
" Mhúin mé an bunrang ann anuraidh agus an seomra lán d'Astrálaigh óga den dara glúin a bhfuil suim mhór acu sa Ghaeilge.
an dara haerlíne ba mhó the second largest airline
" I Meán Fómhair 2001, cuireadh Ansett, an dara haerlíne ba mhó sa tír, i lámha an riarthóra.
lena gcol seisir with their second cousins
" as Meiriceá ag bualadh lena gcol seisir agus col ochtair as Éirinn.
ár ndara leanbh our second child
" Is dócha go raibh tionchar níos mó ag na comharthaí nua seo ar fad de chuid 9/11 orm féin de bharr go raibh mo bhean chéile ar tí ár ndara leanbh a bheith aici.
meandar second
" Is fiú meandar a chaitheamh ar an nóisean sin.
an dara tír is boichte the second poorest country
" Ainneoin go bhfuil saibhreas mór mianraí sa tír, ainneoin gurbh í ceann de na tíortha ba thábhachtaí sna meánaoiseanna nuair a bhí sí faoi riail ag na Spáinneach, is í an Bholaiv an dara tír is boichte i Meiriceá Theas sa lá atá inniu ann.
in áit na leathphingine in second place
" Siúd is go bhfuil craiceann na fírinne air seo, ní leithscéal ar bith é go bhfuil an Ghearmáinis agus an Bhaváiris fágtha in áit na leathphingine sa lá atá inniu ann.
siopaí athláimhe second-hand shops
" Ansin chuaigh mé go dtí siopaí athláimhe ag lorg éadaí a bheadh fóirsteanach d'oifigí mar nach féidir T-léinte a chaitheamh iontu.
fhoireann thánaisteach second team
" Le ceathracha bliain anuas, is iad Loch Garman agus Uíbh Fháilí atá san iomaíocht don stádas mar fhoireann thánaisteach Chúige Laighean (Cill Chainnigh na taoisigh).
smaointe athláimhe second-hand ideas
" Thiocfadh dó gur ag diúltú dóibh a bhíonn sí ó nach léi féin iad mar smaointe sa chéad áit; ós smaointe athláimhe iad.
gach re soicind every second second
" leac oighirice liomóidlemon ag diúlsucking bodhairedeafness béasamanners gránnahorrible cumhachtpower mo leithéidsethe likes of me docharharm múrshower caiteover fás maithgood growth ag feadaílwhistling sáite amachstuck out stróeffort leidclue bodhraithedeafened gleonoise oibleagáideachtobligingness cothrom na Féinnefair play dúnárasachreticent cantalpetulance aisteachasqueerness, strangeness ar fheabhasexcellently a chur as a riochtto distort sádh amach an cloigeann údthat head was stuck out an iarraidh seothis time coiscéimstep filltefolded muinchillesleeve plaitbald patch burlaí bána gruaigewhite trusses of hair malaíbrows ag sméideadh a chloiginnnodding his head gach re soicindevery second second in ard a chinnas loud as he could ríforearm clúmhachdown (on face) smigchin dallamullóg a chur ormto hoodwink me nár thug mé neamhaird airthat I didn't ignore him ar feadh na síoraíochtafor an eternity bearnagap tuillteearned meangadhsmile clamhsáncomplaint luaigh séhe mentioned bréanfoul tá fíorbhrón ormI'm really sorry múiscnausea slisínslice chinn mé arI decided a chur díomto give up tioncharinfluence á tochasbeing scratched go gontaconcisely eachtra gadaíochtatheft incident trealamh lofarotten equipment ag geonaílwhimpering croitheadh uafásachterrible shaking samhlaighimagine a scáthhis shadow leata chomh móropen so wide macallaecho boinnsoles ag coisíochtpacing ag comhaireamh na gcoiscéimeannacounting the steps óltachdrunk dheasaighadjusted mo bhaithisthe top of my head luasc siarrocked backwards sálaheels glanbhearrthaclean-shaven olldoirdbasses bhreac mé na sonraí cuíI wrote down the appropriate details ceann dúbáiltea double bhain searradh asam féinI stretched myself shéid séhe blew á spreagadhencouraging him á thionlacanaccompanying him clingireachttinkling cantaireachtchanting grágaílcroaking, braying dalltavery drunk ag éalúescaping go séimhgently a chonúisyou useless person an oiread fuadair faoi teitheadhtrying to flee so quickly bailigh leat mar singet lost then mallachtaícurses líomhaintíallegations mhaslaigh éI insulted him barántas gabhálaarrest warrant ionchúiseamh poiblípublic prosecution cillíncell luaithreadáinashtrays stóltastools go ngéillfeadh sé gach rud domuntil he would surrender everything to me pleotafool sciotaíl searbhasachsarcastic tittering uirlisíinstruments píopaí lonrachashining pipes tiubhthick tanaíthin boghabow sreangáinstrings béicílyelling búireachroaring leis an imeacht thar fóir seofor this going overboard bródpride uabhararrogance i mbarr mo réimeat my peak a admháilto admit ní raibh neart agam airI couldn't help it iomrascálaíwrestler togha a
an dara hiarracht the second attempt
" an dara hiarracht ======= Is é an tArd-Cheannfort Harry Breen an ball is sinsearaí den RUC a mharaigh an IRA riamh.
an dara gníomh díchoimisiúnaithe the second act of decommissioning
" Thug siad leid mhór i mí Aibreáin 2002 leis an dara gníomh díchoimisiúnaithe, éacht a bhí aontaobhach agus substaintiúil.
den dara glúin second generation
" Agus é ag tabhairt cuairte ar an Irish Hunger Memorial i gceartlár Manhattan - cúpla bloc go díreach ó Ground Zero - rinne Cochrane a thionscadal a phlé le beirt Ghael-Mheiriceánach den dara glúin.
don dara babhta for the second time
" Ach d'fháistinigh sé rud eile ag an am fosta: go mbeadh an dara téarma aici sa Pháirc, gan dua, agus go bhfanfadh sí go dtí go mbeadh sí suite go te san Áras don dara babhta lena cuid athruithe a chur i bhfeidhm sa tír seo.
cilibheart sa soicind kilobytes per second
" Le leathanbhanda, is féidir le húsáideoirí luas atá deich n-uaire níos tapa a fháil ná mar a fhaightear le móideim 56 cilibheart sa soicind (cbss).
mo dhara ríomhaire glúine my second laptop computer
" ? seanchaitewell-worn leidprompt inphógthakissable seithehide ceimiceáinchemicals g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes loinnirbrightness líonadh a meallaher charms used to fill mo dhá bhasmy two palms cuaracurves sleasasides go cleitiúillike a feather néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure a bharrchigiltto tickle a chaiteáthat you would wear na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes choisbheartfootwear briathra binnesweet words i ndiaidh na coisíochtaafter walking mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer craiceann crogaillcrocodile skin méarchlárkeyboard lannablades d'íslíodh siadthey used to lower sclábhaí deonachvoluntary slave mo mhianmo desire spíontaexhausted in ísle brídepressed d'fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead smálmark máchailíblemishes scórthaí na snáthaideneedle scratches fíneáltachtdelicacy nochtnocht brocachfilthy tolgcouch mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs fá dtaobh den chruthabout the appearance easnacharibs ciúnasquietness glór scairdinnilljet-engine voice cúil na dramhaíolathe rubbish heap fonóid faoiscoff at ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled
col seisir second cousin
"col seisir leis sa Dáil, Séamus Healy, Teachta Dála neamhspleách i dTiobraid Árann Theas.
gach mac máthar every second person
" Nuair a gheobhaidh muid stádas don teanga san Eoraip, beidh go gach mac máthar ag foghlaim na Gaeilge sa dóigh is gur féidir leo ceann de na postanna breátha a fháil.
saoránaithe den dara grád second-class citizens
" Níor cheart do mhuintir Dhún na nGall bheith sásta fanacht ina saoránaithe den dara grád níos mó.
an dara sraith the second series
" Bheifeá réasúnta cinnte de do chuid airgid dá gcuirfeá geall nach mbeidh an dara sraith ann! Tuigeann polaiteoirí, go háirithe lucht an Rialtais, gur féidir leis an taoide casadh go fealltach ina n-aghaidh; seans gur seo an chéad mhaidhm!
an dara babhta cáilithe the second qualifying round
" Thuill Shelbourne €400,000 de bharr a gcuid iarrachtaí san Eoraip anuraidh, agus bhí samhradh cuibheasach brabúsach acu i mbliana nuair a shroich siad an dara babhta cáilithe i Sraith na Seaimpíní.
an Chéad agus Dara Cogadh Domhanda the First and Second World Wars
" * Le linn an Chéad agus Dara Cogadh Domhanda rinneadh an deilbhín as plástar mar chomhartha tacaíochta don fheachtas náisiúnta cogaidh.
an dara rogha a second choice
" “Creidim rud amháin, agus mura gcreidfinn, bheadh orm a rá gur rud mímhorálta a bhí sa chogadh a throid na poblachtánaigh, ach creidim nach raibh an dara rogha acu ar feadh i bhfad.
ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda in which the wrongs of the Second World War will be remembered
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil ar a laghad tír amháin san Eoraip ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda go ceann tamaill mhaith eile.
carr athláimhe second-hand car
" Bhí borradh nua san aer, agus cad a rinne m’athair Pat, an fear sa gharda onóra le Dev in athshealbhú na gcalafort cabhlaigh ar Inis Pic i 1938, ach a chéad ghluaisteán – carr athláimhe, Ford Prefect, uimhir DPI 206 – a cheannach.
ar athláimh second-hand
" Ba leor cloí leis an bhuntrealamh nó earraí a cheannach ar athláimh.
don dara babhta as a chéile for a second time in a row
" Ach oiread le galfairí Mheiriceá, is deacair a thuiscint cén fáth go bhféadfadh peileadóirí Mhaigh Eo a bheith chomh dona don dara babhta as a chéile (2004 an uair dheireanach) ar an lá is mó sa bhliain i gcúrsaí peile.
Chuaigh sé mhilliún Polannach ar shlí na fírinne de dheasca shléacht an Dara Cogadh Domhanda. Six million Poles died as a result of the Second World War.
" Chuaigh sé mhilliún Polannach ar shlí na fírinne de dheasca shléacht an Dara Cogadh Domhanda.
sa dara sráid ba dhílsí in the second most loyalist street
" “Caithfidh mé a rá gur tógadh mise sa dara sráid ba dhílsí sa chathair, taobh amuigh den Fountain.
is ar éigean gur féidir liom an dara hochtach a shroichint. I can barely reach the second octave.
" Lá i ndiaidh lae, sé lá, seacht lá agus fós is ar éigean gur féidir liom an dara hochtach a shroichint.
gach dara heitleán a thuirlingíonn nó a éiríonn den talamh every second airplane which lands or takes off
" Tá Heathrow mar dhaingean ag British Airways – is leo gach dara heitleán a thuirlingíonn nó a éiríonn den talamh ann – agus go dtí seo d’éirigh leo cur ina luí ar Rialtas na Bhreataine an *status quo* a choimeád.
an dara scannán the second film
" Seo an dara scannán atá eisithe ag Gael Linn san fhormáid seo agus tá tuilleadh beartaithe.
an dara huair the second time
" Nuair a bhíodh suim aici in amhrán, deireadh sí leis an duine a raibh sé aige é a cheol uair nó dhó agus an dara huair bhíodh sé aici.
gach re líne every second line
" Briseann a ghuth gach re líne – níl fonn dá laghad air canadh.
den dara bliain as a chéile. for the second year running.
" Lean cúilín cúilín eile agus ar deireadh bhí bua cuimsitheach ag peileadóirí Átha Cliath ar Chiarraí den dara bliain as a chéile.
an dara duine is saibhre the second richest man
" Deirtear go minic gurb é Peter aghaidh phoiblí na ndeartháireacha Quinn – is é Seán Quinn (atá i bhfad níos príobháidí mar dhuine) an dara duine is saibhre in Éirinn, agus baint aige le táirgí cairéalaithe, árachas agus an tionscal fáilteachais, i measc rudaí eile.
ar an dara gloine seaimpéin on the second glass of champagne
" Má chloiseann tú a leithéid seo – “Tá an chosúlacht ar an scéal ag an bpointe seo”, nó, “de réir na bhfigiúirí tallaí”, nó “táthar á rá go dtoghfar Mary Halpin ar an gcéad chomhaireamh agus go mbeidh a lá ag Barry Andrews agus Eamon Gilmore chomh maith” – glac leis go bhfuil an triúr acu ar an dara gloine seaimpéin cheana féin – go príobháideach, pé scéal é.
tá an Mhaoiris ar an dara teanga is mó Maori is the second biggest language
" 9% de na daoine sa tír, ach tá an Mhaoiris ar an dara teanga is mó ar féidir le daoine gnáthchomhrá a bheith acu inti (4.
Gach re uair a chasann tú, every second time you turn around,
" Gach re uair a chasann tú, bíonn iontas nua le feiceáil.
siopaí athláimhe second-hand shops
" Téann Leith Walk, ar sráid mhór lán tráchta agus siopaí athláimhe í, ansin ó lár na cathrach, nó is féidir siúlóid dheas shuaimhneach, ar a dtugtar Water of Leith, a dhéanamh cois abhann.
ón dara glúin from the second generation
" Ach bhí an chuid is mó de na craobhacha lonnaithe i gceantair Éireannacha i Learpholl agus bhí Éireannaigh ón dara glúin gníomhach iontu.
oideachas dara leibhéal second level education
" Cuireadh oideachas dara leibhéal ar Kieran ar Choláiste Cholm Cille i nDoire agus bhain sé céim chéad onóracha amach sa Léann Ceilteach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
oiread agus aon soicind amháin dá shaol for even a second of his life
" In ainneoin cé chomh láidir is a bhí an sruth sin, sruth lagmheasa nó dímheasa go minic, ní raibh amhras dá laghad airsean oiread agus aon soicind amháin dá shaol gur amadáin an dream a raibh lagmheas nó dímheas acu ar an rud seo.
coicís faoide agus coicís fáide first and second fortnights of Febuary
" Tá mí na bhFaoilleach buailte linn arís, a chairde – coicís faoide agus coicís fáide romhainn amach, an dá cheann acu ar na coicísí is faide agus is fadtriallaí agus is fadálaí agus is leadránaí dá mbíonn sa bhliain.
dara mílaois. second millenium
" Rinne Wallace bocht dearmad fosta gur i bhfad ar shiúl ó *Jurassic Park* atá an chuid is mó de mhuintir na hÉireann tráth seo an dara mílaois.
dara lá den pharlaimint nua, second day of the new parliament
" Ar an dara lá den pharlaimint nua, ní háibhéil é a rá go raibh aird an náisiúin dírithe ar an gcéad seisiún i dTeach na nIonadaithe.
an dara rian, the second track,
" Agus tar éis dom éisteacht leis d’fhilleas arís agus arís eile chuig an dara rian, “La bas la bas”.
tar éis eisiúint an dara halbam, after the release of the second album
" Ba é Christy Moore príomhamhránaí Moving Hearts agus nuair a d’fhág seisean tar éis eisiúint an dara halbam, bhí sé deacair ag an ghrúpa leanúint ar aghaidh.
dhíoltóirí carranna athláimhe second-hand car salesmen
" Más fíor do na suirbhéanna faoi dhearcadh na nAstrálach i leith na ngairmeacha éagsúla – a fhoilsítear sna meáin abhus go rialta – tá drochmheas ag muintir na tíre seo ar pholaiteoirí, mar atá acu ar dhlíodóirí, ar dhíoltóirí carranna athláimhe agus, sa lá atá inniu ann, ar lucht na teileamhargaíochta.
roimh an dara pobalbhreith before the second opinion poll
" Má éiríonn leis an bpobalbhreith seo, mhol an grúpa gur chóir tabhairt faoi chomhairliúchán forleitheadach pobail – a mhairfeadh ar feadh cúig bliana – roimh an dara pobalbhreith, ina roghnófaí an cineál poblachta ba mhian le muintir na tíre a chur ar bun.
dara téarma an rialtais reatha the second term of the current government
" Ach tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh ar mhuintir na tíre fanacht go dtí dara téarma an rialtais reatha, ar a laghad, sula mbeidh deis acu vótáil arís ar cheist na poblachta.
an dara cúis is coitianta the second most common reason
" Léiríonn an suirbhé (Eurobarometer) a rinneadh i ndiaidh an reifrinn, gurbh é an dara cúis is coitianta a bhí acu siúd a vótáil *Níl* ná go raibh siad ag iarraidh ár bhféiniúlacht Éireannach a chosaint.
an dara cúis is coitianta the second most common reason
" Léiríonn an suirbhé thuasluaite, a rinneadh i ndiaidh an reifrinn, gurb é an dara cúis is coitianta a bhí acu siúd a vótáil *Níl* ná go raibh siad ag iarraidh ár bhféiniúlacht Éireannach a chosaint.
Dara Cogadh Domhanda Second World War
" Bhí an Pholainn thíos go mór leis na cogaí domhanda agus cailleadh sé mhilliún saoránach le linn an Dara Cogadh Domhanda amháin.
Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí, the second meaning was more significant
" Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí, ámh: tús áite don tuath.
go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain. that Australians are the second fattest population in the world.
" Baineadh geit astu ní ba luaithe i mbliana nuair a foilsíodh tuarascáil a léirigh go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain.
scéal tánaisteach a second lead story
" Breis is coicís sular fógraíodh Cáinaisnéis 2009, bhí tuairisc eisiach mar scéal tánaisteach ar chéad leathanach The Irish Times an tSathairn faoin teideal: “Cost-cutting plan would end medical card deal for over-70s” (27/09/08).
Ní bheidh an darna suí sa bhuaile no second chance
"Ní bheidh an darna suí sa bhuaile agam ach dul ar ais chuig mo sheanphost i Timire An Chroí Ró-Naofa,” arsa Balor agus cuma iontach míshásta ar a ghnúis.
an dara suí sa bhuaile second chance
" Níl an dara suí sa bhuaile acu ach gealtacht a phléadáil i ndiaidh dóibh an tír a chur sa chac agus a thumadh sa chac agus a fhágáil sa chac.
leathmheandar a split second
" Dá n-ardófá do lámh go gasta gan choinne, bheadh céad piléar fríd do chorp taobh istigh de leathmheandar.
soicind second(s)
" Billiún soicind ó shin bhí muid i lár na bliana 1959.
tarna suíochán second seat
" Bíonn sé soiléir ón gcéad chomhairimh, de ghnáth, cé thógfas an chéad is an tarna suíochán.
col seisir second cousin
" Ní chosnaíonn na huirlisí cumarsáide seo mórán ó thaobh airgid de ach tá a fhios ag éinne a ghlac cuntas ar Facebook riamh gur féidir na céadta a chaitheamh gan stró ag breathnú trí ghriangraif bhainise col seisir éigin nach bhfuil feicthe agat ó do chéad chomaoineach.
gach ré nóiméad every second minute
" Tá cara ollscoile agam a chaitheann gach ré nóiméad dá saol ar Facebook: ag cur maise ar a próifíl, ag breathnú ar ár gcuid grianghraf uilig is ag fógairt don domhan mór céard atá ar bun aici faoi láthair.
meandair a second, short time
" Ar an Tulán Féarach Sheasas ar an "Grassy Knoll" ar feadh meandair ag déanamh mo mhachnaimh.
leathshoicind half second
" An té a scríobh an píosa seo, bhí sé in achar leathshoicind do bheith brúite isteach ar inneall a chairr féin ag tiománaí jíp ollmhór a bhí i mbun téacs gutháin a léamh ag 60 m.
chol ochtair second cousin
" (Betha Colaim Chille, DIAS) Ba é a chol ochtair, Conall a bhí ina rí ar Dhál Riata ag an am agus ceannas dá réir aige ar thailte in Albain agus in Aontroim ar an dá thaobh de Shruth na Maoile.
gach ré every second
" Foilsiú an Drochscéala Foilsíonn an Productivity Commission, eagraíocht de chuid an rialtais náisiúnta, tuarascáil gach ré bliain ina mbaintear úsáid as slata tomhais éagsúla – nó social indicators - le stádas mhuintir dhúchais na tíre a mheas.
darna suí sa bhuaile second chance
" Agus de réir an fhorógra seo, ní bheidh an darna suí sa bhuaile ag duine ar bith ach dul ar ais chuig an áit sa domhan Gaeltachta a dtáinig sé as.
leathmheandair a half second
" Bhreathnaigh lucht custaim na hAirgintíne ar mo phas Ísiltíreach ar feadh leathmheandair agus thug cead coise dom.
ngach ré every second
" Bhí monaplacht ag Western Union sa réimse seo san Fhrainc go dtí anois, ach más i ngach ré siopa tobac a bheidh seirbhís aistrithe airgid le fáil, bheifí ag súil le táillí i bhfad níos iomaíche.
dara duine clainne second born
" Cé gurb é an dara duine clainne agam é Odhrán, tháinig na deora liom nuair a chuala mé a ghlór don chéad uair.
meander a second
" Bhí an cluiche thart meander ina dhiaidh sin agus ba shin an uair a tháinig an réiteoir faoi ionsaí.
leascheannaire second in command
" Ar ndóigh, tá conspóid go leor dúisithe faoin mbeartas faoi láthair, le daoine ag rá gurbh é Ioslam ba chúis leis an ionsaí, agus nach mbeadh sa mosc ach séideadh stoc an bhua do "creideamh an fhuatha", mar a thugann Jim Riches, leascheannaire Sheirbhís Dóiteáin Nua-Eabhrac, air.
dhá thrian 2 thirds
" Léirígh an Tuarascáil go raibh caighdeán sásúil i labhairt na Gaeilge ag dhá thrian de dhaltaí bunscoile na hÉireann i lár na n-ochtóidí, ach nach bhfuil caighdeán sásúil labhartha ach ag an tríú cuid de dhaltaí na hÉireann anois.
leascheannasaí Second in Command
" Bhí Countess Markievicz ag obair mar leascheannasaí leis san fhoirgneamh céanna.
dara babhta second round
" Ní raibh iontas ar mhórán anseo sa Bhrasaíl nuair a fógraíodh, trí uaire an chloig tar éis dheireadh na vótála, gur ag Dilma Rousseff a bhí an bua sa dara babhta de thoghchán na hUachtaránachta, an 31 Deireadh Fómhair.
Leas-Chéad Aire Second Minister
" Chonacthas é mar ionsaí seicteach ar scoileanna Caitliceacha agus cháin comhghleacaí Robinson, an Leas-Chéad Aire, Martin McGuinness, an méid a bhí le rá aige, ag tabhairt rabhaidh dó gan dul i ndeabhaidh leis an Eaglais Chaitliceach ar cheist na scolaíochta.
dara cogadh domhanda second world war
" Is cathair í Brest a d’fhulaing go mór ag deireadh an dara cogadh domhanda, nuair a scriosadh an chuid is mó de na foirgnimh ag buamaí Mheiriceá.
dara tréimhse second term
" Gan ach seachtain fágtha sa dara tréimhse mar uachtarán aige agus mé i mbun méarchláir, tá sé deacair smaoineamh ar pholaiteoir eile a bhfuil oiread measa ag a phobal air agus Luíz Inácio da Silva –nó Lula mar is fearr aithne air.
An Tánaiste second in command
" An Tánaiste agus tAire Oideachais: Éamon Gilmore ======================== Tá teacht i láthair den scoth aige agus gean an phobail saothraithe aige.
tarna second
" Dhearc mé ar an idirlíon aréir - ar liosta na vótóirí - agus cé go raibh an chéad chuid i nGaeilge, bhí an tarna cuid, ainm an bhaile agus ainm an chontae, i mBéarla arís.
darna second
" Mar eiseamláir thar a bheith greannmhar den darna gné seo sa Sunday Independent, féach <http://sns.
tAthóstán second hotel
" An tAthóstán ======= Bhí ciotaí sa scéal, áfach.
hateanga second language
" Is féidir an-fhreagra a thabhairt ar an cheist amaideach sin a chuirtí sách minic roimhe seo, "what good is Irish to anyone?" mar “it can save you for at least four years more from the effects of Alzheimer’s”! B’fhéidir ach an taighde a dhéanamh amach anseo, go bhfeicfear mar gheall ar éagsúlacht leagan amach na dteangacha a bheadh i gceist, vso móide athruithe tosaigh in éineacht le hateanga svo, iad siúd abraimis, le hais dhá theanga svo móide ateanga svo eile, go mbeidh i bhfad níos mó ná ceithre bliana saor ó dhrochthionchar na mallréire i gceist.
ar athreic second hand
" Is féidir leat cuairt a thabhairt ar an bPortaingéil Bheag, béile a ithe i mBaile Choiré, a bheith sáite in éadaí ar athreic ag margadh Kensington nó dul chuig an Annex, ceantar na mac léinn mar a bhfuil an t-atmaisféar is bíogúla sa chathair.
col seisir second cousin
" Dá mba iontas an tost urraime a fearadh roimh ‘God Save The Queen’ i gceannáras an CLG siar i 2007, ba mhíorúiltí ná sin fós go dtáinig col seisir na Banríona Eilíse 1 (ocht nglúin déag ar aghaidh, is cosúil) ar láthair naofa an tslada.