Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
conas a mhaireadar how they lived
" Chuaigh beirt mhac léi go scoileanna Seapánacha agus chuir Neasa aithne ar mhná Seapánacha agus ar conas a mhaireadar.
saol rúnda á mhaireachtaint secret life being lived
" Le linn an ama seo go léir, mar is eol dúinn anois, bhí saol rúnda á mhaireachtaint ag CJ Haughey.
Mhair an naomh seo this saint lived
" Mhair an naomh seo ag an am chéanna is a mhair Colm Cille (521-597).
a raibh cónaí air who lived
" “Meastar gur daoine de bhunadh an deiscirt amháin atá iontu, ach bhuail mé féin le fear as baile Aontroma a raibh cónaí air ar na sráideanna.
Bhí mé i mo chónaí ansin I lived there
" Bhí mé i mo chónaí ansin sa bhliain 1998 in Tampere, atá suite 100 míle ó Heilsincí.
áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala. places where white people lived.
" Mar sin, ní théadh misinéirí de chuid na heaglaise go dtí áit ar bith san Afraic taobh amuigh den Afraic Theas agus Namibia, áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala.
mhair sé he lived
" Tháinig Micí Bán Ó Beirn ar an saol ar an Chaiseal in iardheisceart Dhún na nGall sa bhliain 1899 agus mhair sé go dtí 1980 ina cheantar dúchais.
Ar scáth a chéile a mhair muid we lived in each other's shadow once
" Ar scáth a chéile a mhair muid tráth agus ní rófhada óna chéile a d’imíomar ar strae ó shin.
Mhaireadar they lived
" Mhaireadar i gciúnas agus chanadar san eaglais idir ceithre agus ocht n-uair an chloig in aghaidh an lae.
Mhair go leor many lived
" Mhair go leor acu fríd na Trioblóidí fuilteacha – arbh fhiu an braon fola? - fuil a sileadh in aisce, agus ní mian leo dul ar ais chuig laethanta na himeagla nuair a bhíodh eagla ort do dhoras a oscailt go mall san oíche.
mhair lived
" Tré sheift cineamúil an réalachais draíochta, agus an corrghal mídhleathach, is cosúil, tagann an laochfhealsúnaí Eric Cantona chun comhairle a cur ar Eric an phoist.
fadsaolach long-lived
" Tá coimhlintí uafásacha ar siúl i bPoblacht Daonlathach an Chongó (PDC) ó treascraíodh an deachtóir fadsaolach Mobutu Sese Seko i 1998.
chónaigh lived
" Chreidtí sa tSín i Chang O, bandia na gealaí a chónaigh in áras ansin.
Mhair lived
" Mhair Cearbhallán (mar a thug an cruitire dall air féin) sa tréimhse 1670 go 1738.
mhair sé he lived
" Bhí fear amháin leis ó *Oklahoma* agus mhair sé cúig míle déag as *Texas* agus ní raibh sé ann ach uair amháin ina shaol.
mhair siad they lived
" Creidim gur mhair siad ionam agus tríom le linn na teaspána, is go bhfuilid á n-iompar istigh anois ionam ó shin.
mhair lived
" Nuair a smaoiním ar an fhuacht mharfach agus ar dhorchadas an gheimhridh, smaoiním i gcónaí ar na daoine a mhair fadó, i bhfad roimh ré an téimh lárnaigh! Tráth nach raibh tithe ann ar chor ar bith, tráth nach raibh ann ach an duine in aghaidh na ndúl.
bhí cónaí ar lived
" Ní ionadh, ina fhianaise sin, gur timpeall ar na haibhneacha Tigris is Eofrait i ndeisceart na hIaráice a bhí cónaí ar an muintir seo go stairiúil.
mhair lived
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar, Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin le Pádraig Ó Baoighill, móide an dá dhiosca, ó Choiscéim: **Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin** (Séamas Mac Amhlaoibh) Pádraig Ó Baoighill Cuir síos anseo ar an scéalaí cáiliúil a rugadh sa bhliain 1879 agus a mhair sa Ghaeltacht Lár i dTír Chonaill.
mhair lived
" Tá seanainmneacha a mhair gos an lá inniu – Jane agus William a bhí coitianta ocht gcéad bliain ó shin – agus cuid eile a chuaigh i léig – Bede nó Atherol.
mhair lived
" Ba é Conn - a mhair idir 1480 - 1559 - céad Iarla Thir Eoghain ach tá an droichead áirithe seo inniu in iarthar Chathair Bhéal Feirste, ceann de na ceantracha is dílse dá bhfuil ann.
Mhair lived
" Athfhianna - An Chéad Bheirt le Cóilín Ó Corrbuí ======================= Mhair na Fianna na mílte bliain ó shin.
mhair lived
" Fir Óga Scoite ====== Fir óga, ciúine a bhí sa bheirt dhúnmharfóirí, fir a mhair ina ndomhan féin, scoite amach ón ngnáthshaol.
mhair a réimeas their regime lived
" Ó thuaidh, deirtear go raibh rialtais Aontachtacha sna 50 bliain ina mhair a réimeas níos faide ar an eite dheas ná Atilla the Hun, agus tá an fhianaise ann.
Mhair sí go sona she lived happily
" Ina chur i láthair ‘Ag cuimhneamh’ (2009), a rinne sé do Haus der Kunst i Munich, chroch sé 9,000 mála scoile ar bhalla leis an abairt ‘Mhair sí go sona ar feadh seacht mbliana ar an domhan seo’.
i ndiaidh a chónaithe having lived
" Is fánach an duine a bheidh de bhrabach aige uaireadóir galánta nó mála gáifeach de dhéantús clúiteach i ndiaidh a chónaithe in A Coruña.
mhair lived
" Sheas mé: Is anseo a mhair Michael I, Rí na Rómáine le linn dó a bheith ar deoraíocht sa nGearmáin tar éis an Chogaidh Mhóir.
aon ghasúr a raibh cónaí air laistigh any youngster who lived within
" ) Níl sé chomh fada sin ó bhíodh riail ann nach n-íocfaí deontas na mban tí as aon ghasúr a raibh cónaí air laistigh de theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta.
An Confadh nach Mairfeadh ach Seal the short lived bout of rabies
" An Confadh nach Mairfeadh ach Seal ================ Ba dheacair do Hugo spás pearsanta spriodálta a dh’fháilt dó féin de dheascaibh dha chineál brú ina shaol.
nuair a bhí sé linn while he lived
" ) Tuigimid sin anois nuair atá sé rómhall, ach cé déarfadh nach raibh fios de chineál ag cuid díobh siúd a bhreac go nimhe neanta ina aghaidh nuair a bhí sé linn? Creidim féin go dtuigeann roinnt mhaith de lucht an ainm chleite an dochar a dhéanann siad agus an dochar is féidir leo a dhéanamh fiú nuair nach mbíonn feiceáil ná cruthú air, ach déanann siad é dá ainneoin sin.
do bhanna a bhí lonnaithe to a band which lived
" “Bhí muid in iomaíocht leis na bannaí ceoil Cill Fhionnúrach agus An Tulach, agus mar sin bhí an bua an-speisialta do bhanna a bhí lonnaithe i Learpholl,” a dúirt Seán liom in agallamh sula bhfuair sé bás.
ruaigeadh ón talamh ar a raibh siad beo rooted out of the land they lived in
" " Ba chuma, ar ndóigh, cé acu Arabaigh nó dream ar bith eile a bhí iontu, níor cheart iad a ruaigeadh ón talamh ar a raibh siad beo leis na mílte bliain.
sóisialaí ba mhó dár mhair riamh the greatest socialist who ever lived
" An rud ba mhó ina saol ag an am sin, ag fáil amach gurbh é Íosa Críost an sóisialaí ba mhó dár mhair riamh.
is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil cónaí orthu no matter what side of the border they lived
" Vóta a Thabhairt do Gach Saoránach ================ Ní theastódh ach Bille a chur tríd an Oireachtas leis an vóta a thabhairt do gach saoránach fásta i roghnú an tSeanaid, is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil cónaí orthu nó cén tír ar domhan a bhfuil siad lonnaithe ann.
gan cónaí déanta ag ceachtar acu neither of them having lived
" Céard is teanga dhúchais ann más ea? Fear óg a rugadh sa mBreatain Bheag, mac le Gaeilgeoir nach de chuid na hÉireann é, agus gan cónaí déanta ag ceachtar acu in Éirinn riamh: nach cuid dá ndúchas san atá i dteanga Chéitinn agus Aogáin Uí Rathaille ach oiread le beirt ar bith as Dún Chaoin nó as Oileán Thoraí? Is ea, sa saol atá i ndán, sílim.
a mhair ar an mbeagán who lived on very little
" Tráthúil atá tiomnú an leabhair seo – do na fonnadóirí agus do na filí a bhí ann ach a d’imigh, a mhair ar an mbeagán, ach a d’fhág mórán.
agus í ar an saol when she lived
" Ní dhéanfadh Tinder mórán maitheasa do Ghráinne, dá mbeadh an áis sin aici agus í ar an saol, ach tá sé ag cabhrú le hÉireannaigh na linne seo beocht a instealladh sa saol rómánsúil acu féin.
slí bheatha ab ea ceird you lived by having a trade
" An uair úd, slí bheatha ab ea ceird agus ceol an cheird a bhí againne.
a chuaigh rompu who lived before them
" Má tá 300,000 cainteoirí maithe Gaeilge sa tír inniu, ba é teann a ndíchill a bheith gar ina gcumas cainte do na seanchainteoirí a chuaigh rompu céad agus fiche bliain ó shin.
cé a mhair leis an scéal a aithris who lived to tell the tale
" An cheist atá ann: má báthadh an slua, cé a mhair leis an scéal a aithris? Tá an freagra i seanchas na háite.
agus é ina ógfhear ag cur faoi when he lived as a young man
" Ba iad Gauguin agus Cézanne an dá mhórealaíontóir Francach a chuaigh i bhfeidhm go mór air agus é ina ógfhear ag cur faoi i bPáras.
conas a mhair how … lived
" ie/en/blascaod/) ná an t-eolas ar fad faoi conas a mhair muintir na mBlascaod in áit chomh garbh is eascairdiúil: na sonraí beaga faoi obair tí is iascaireachta, faoi chúram ainmhithe agus faoi thograí móra ar nós tógáil curaigh.