Is ceist bheo í seo, gan amhras ar bith agus tá an cuimsiú fairsing seo le moladh go mór tharla gur ríchosúil go bhfuil tobar ár saíochta, an slabhra gan briseadh sin, an Ghaeltacht, i gcontúirt mhór, faraor.
bhfuil an slabhra gan briseadh úd acuthey have that unbroken chain
Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.