"Dá mbeadh a fhios agam go raibh sé chomh simplí sin scríobh i mBéarla," a deir sé, ag spochadh as an dream seo, "is fadó riamh a bheinn tar éis tabhairt faoi!"
Deir de Paor go bhfuair sé tacaíocht i gcónaí ó fhilí na Gaeilge, go háirithe nuair a bhí sé ag dul i mbun pinn agus é fós sna déaga.
É fós sna déaga ar nós Setanta, bearradh lom gruaige aige ("skinhead" a thugtaí ar a leithéid, agus bhí sé an-neamhchoitianta i measc imreoirí peile agus iománaíochta san am), rinne Jimmy Barry rud nach bhfuil déagóir in ainm is a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann: cúl dána, sotalach a ghnóthú a bhuafadh an chraobh i gcoinne rogha na coitiantachta.
Ag an chruinniú céanna, labhair Rose Gentle, máthair Gordon Gentle, saighdiúir Albanach sna déaga a fuair bás ar dualgas san Iaráic i mbliana, agus Azmar Begg, athair Moazzam Begg, atá i ngéibheann i gCampa X Ray i mBá Guantanamo.
Tá comhlacht amháin Meiriceánach, Firefly Mobile, ag díriú ar mhargadh na bpáistí nach bhfuil sna déaga go fóill, agus tá sé beartaithe acu guthán póca a chur ar an mhargadh a dearadh go speisialta do pháistí níos óige.
Caithfidh tú tosú le páistí, caithfidh tú léitheoirí a dhéanamh as daoine ón uair a thosaíonn siad ag léamh, caithfidh tú coinneáil leis na daoine sin agus iad sna déaga agus caithfidh tú ansin féachaint chuige go leanfaidh siad ag léamh agus iad ina ndaoine fásta.
Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
Agus í ina girseach óg, ní chuireadh sí críoch le dán go dtí go mbíodh léaráid déanta aici le cur leis, agus le linn a déaga dhéanadh sí cur síos ildaite ar na brionglóidí a bhíodh aici.
Bhí an sagart a bhí i gceannas na scoile *in loco parentis* agus mídhiscréid bheag a bhí i gceist a dhéanfadh *lads* óga ar bith sna déaga, agus gan dochar mór ar bith déanta, ach d’éirigh an réimeas an-dian ina dhiaidh sin, deirtear liom.
Is minic ar ndóigh nach mbíonn athair na bpáistí ina gcónaí sa bhaile anois, rud a fhágann go bhfuil an baol ann nach mbeidh teagmháil rialta ag sciar maith de pháistí na hÉireann le fear go sroichfidh siad na luathdéaga, tráth a bhainfidh siad an mheánscoil amach.
Dein ‘I’m going to explode’ a ghúgláil agus beidh sé le léamh agat ó scread na ndéagóirí sna blagspotaí, na bhfóram agus na gclárchainte éagsúla go bhfuil méar Neranjo ar chuisle na n-óg.
Agus mé sna luathdéaga tharla go raibh mé féin agus mo mhuintir ar saoire i gCiarraí in áit álainn darb ann Kell’s Cove nach bhfuil i bhfad ón gCoireán.
is blianta deacra iad na déagathe teens are difficult years
Cúrsaí Oideachais
======
**CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?**
DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.