Pota Focal Intergaelic
been | taen | tee | teem | teens
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sna déaga in the teens
" Nuair a bhí sí sna déaga, phill siad ar an tír chéanna agus chuir siad fúthu i Milano.
sna déaga in his teens
" "Dá mbeadh a fhios agam go raibh sé chomh simplí sin scríobh i mBéarla," a deir sé, ag spochadh as an dream seo, "is fadó riamh a bheinn tar éis tabhairt faoi!" Deir de Paor go bhfuair sé tacaíocht i gcónaí ó fhilí na Gaeilge, go háirithe nuair a bhí sé ag dul i mbun pinn agus é fós sna déaga.
sna déaga in the teens
" Toraigh ======= Thug Lillis cuairt ar Thoraigh ar dtús nuair a bhí sé sna déaga agus tá sé ag tarraingt ar an áit ó shin.
sna déaga in the teens
" É fós sna déaga ar nós Setanta, bearradh lom gruaige aige ("skinhead" a thugtaí ar a leithéid, agus bhí sé an-neamhchoitianta i measc imreoirí peile agus iománaíochta san am), rinne Jimmy Barry rud nach bhfuil déagóir in ainm is a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann: cúl dána, sotalach a ghnóthú a bhuafadh an chraobh i gcoinne rogha na coitiantachta.
an ráta toirchis i measc déagóirí teen pregnancy rate
" asp) Cuid 1 den alt anseo Ó thosaigh an curaclam ina gcuirtear béim ar staonadh ó ghnéas amháin i 1995, tá an ráta toirchis i measc déagóirí tar éis titim in Texas i gcoitinne - agus i Lubbock County go háirithe - ach ní chomh sciobtha is atá sé ag titim ar bhonn náisiúnta.
sna déaga in his teens
" Ag an chruinniú céanna, labhair Rose Gentle, máthair Gordon Gentle, saighdiúir Albanach sna déaga a fuair bás ar dualgas san Iaráic i mbliana, agus Azmar Begg, athair Moazzam Begg, atá i ngéibheann i gCampa X Ray i mBá Guantanamo.
sna déaga in the teens
" Tá comhlacht amháin Meiriceánach, Firefly Mobile, ag díriú ar mhargadh na bpáistí nach bhfuil sna déaga go fóill, agus tá sé beartaithe acu guthán póca a chur ar an mhargadh a dearadh go speisialta do pháistí níos óige.
sna déaga in the teens
" Caithfidh tú tosú le páistí, caithfidh tú léitheoirí a dhéanamh as daoine ón uair a thosaíonn siad ag léamh, caithfidh tú coinneáil leis na daoine sin agus iad sna déaga agus caithfidh tú ansin féachaint chuige go leanfaidh siad ag léamh agus iad ina ndaoine fásta.
sna déaga; in his teens;
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
ag tarraingt ar na déaga, approaching the teens,
" ” Nuair a bhí an chlann ag tarraingt ar na déaga, rinne an t-athair cinneadh iad a chur chuig an choláiste samhraidh i Rann na Feirste.
le linn a déaga during her teens
" Agus í ina girseach óg, ní chuireadh sí críoch le dán go dtí go mbíodh léaráid déanta aici le cur leis, agus le linn a déaga dhéanadh sí cur síos ildaite ar na brionglóidí a bhíodh aici.
sna déaga, in their teens,
" Bhí an sagart a bhí i gceannas na scoile *in loco parentis* agus mídhiscréid bheag a bhí i gceist a dhéanfadh *lads* óga ar bith sna déaga, agus gan dochar mór ar bith déanta, ach d’éirigh an réimeas an-dian ina dhiaidh sin, deirtear liom.
luathdéaga early teens
" Is minic ar ndóigh nach mbíonn athair na bpáistí ina gcónaí sa bhaile anois, rud a fhágann go bhfuil an baol ann nach mbeidh teagmháil rialta ag sciar maith de pháistí na hÉireann le fear go sroichfidh siad na luathdéaga, tráth a bhainfidh siad an mheánscoil amach.
sna déaga in the(ir) teens
" Níl duine ar domhan nach cuimhin leo an uair sin sna déaga nuair a chéad chomhlíon leannán gach folús iontu.
scread na ndéagóirí the teens claims
" Dein ‘I’m going to explode’ a ghúgláil agus beidh sé le léamh agat ó scread na ndéagóirí sna blagspotaí, na bhfóram agus na gclárchainte éagsúla go bhfuil méar Neranjo ar chuisle na n-óg.
luathdéaga early teens
" Agus mé sna luathdéaga tharla go raibh mé féin agus mo mhuintir ar saoire i gCiarraí in áit álainn darb ann Kell’s Cove nach bhfuil i bhfad ón gCoireán.
déagacht corraitheach turbulent teen years
" Cíorann Sam Taylor Wood déagacht corraitheach John Lennon i ‘*Nowhere Boy*’, scéal an triantáin ilchasta ghrá idir an reibiliúnaí óg ceoltóra, a Mham is a Aintín - triúr, is baolach, a raibh an brachán doirte eatarthu.
déaga teens
" Agus é sna déaga, d’fhoghlaim Lula léamh agus scríobh.
déaga aige his teens
" Phós a mháthair faoi dhó roimh na déaga aige, an dara huair le fear a bhí páirteach i gcultas aoise nua, darbh ainm *“The Great White Brotherhood”*.
sna déaga luatha in her early teens
" Ag dul thart ar theach amháin, chonaic mé cailín sna déaga luatha ag bualadh sliotair in éadan ghiall an tí.
is blianta deacra iad na déaga the teens are difficult years
" Cúrsaí Oideachais ====== **CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?** DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.