Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá scaoll fúthu they're in a panic, running scared
" Tá an chuid is mó den phobal sna Stáit Aontaithe paranóideach agus tá scaoll fúthu mar gheall ar eachtraí an 11 Meán Fómhair.
Tá an bhlagaid sa dream againn baldness runs in the family/our lot
" "Tá an bhlagaid sa dream againn, tá a fhios agat.
san iomaíocht do in the running for
" Chuir sé síos ar roinnt de na YBAs (Young British Artists) mar bhómáin nach léann dadaí agus atá leamh mar dhaoine! Speisiúil go leor, bhí smaointe a bhí ag teacht le cuid Collings ag Jake Chapman, ealaíontóir atá, in éineacht lena dheartháir Dinos, san iomaíocht do Dhuais Turner.
ní bheidh rath air sa bhfadtéarma, it won't be a success in the long run,
" Níl sé ag oibriú mar atá sé eagraithe agus ní bheidh rath air sa bhfadtéarma, dar liom.
Riarann mamaí cúrsaí an tí; Mammy runs things in the house;
" Riarann mamaí cúrsaí an tí; mar sin is féidir *An Rialtas* a thabhairt ar mhamaí.
san iomaíocht in the running
" Agus ar ndóigh, moladh go mbeadh Kings san iomaíocht d’ainmniúchán Oscar.
san iomaíocht in the running.
" Agus ar ndóigh, moladh go mbeadh Kings san iomaíocht d’ainmniúchán Oscar.
san iomaíocht in the running, in the competition
" Lena chinntiú go mbeimid san iomaíocht le tíortha eile agus go mbeidh teacht againn ar fhoinsí neamhspleácha eolais dár gcuid féin, caithfimid fáil a bheith againn ar ár seirbhísí satailíte féin.
dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta. if it was run in a more professional way.
" SnaG Ceapadh é ina bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge, ar phost páirtaimseartha é ag an am, agus thuig sé an poitéinsiúil a bhí ag baint leis an bhféile ó thaobh líon na ndaoine a d'fhéadfaí a mhealladh chuig an teanga lena linn dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta.
Tig leo a drochbhail a bheith orthu they can be in bad condition, run-down
" Tig leo a drochbhail a bheith orthu agus a bheith contúirteach agus bíonn go leor daoine gan dídean ar na sráideanna, go háirithe thart ar an stáisiún bus agus an stáisiún traenach.
san iomaíocht in the running
" Cheana féin, tá sé fógartha ag úinéir *Foinse* agus ag úinéir *Lá Nua* go mbeidh siad san iomaíocht don chonradh agus is dócha ná a mhalairt go mbeidh suim ag an nuachtán laethúil Feirsteach, *The Irish News*, ann fosta.
an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil that which runs free in the veins
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
is i mBéarla a bhí sé á reachtáil aige he was running it in English
" Bhíos féin ar an gcéad chúrsa traenála, ar feadh leath uair an chloig! Eoghan Harris a bhí i mbun an chúrsa ach is i mBéarla a bhí sé á reachtáil aige! Ar ndóigh níor cheart go mbeadh ar an Údarás a rá le Eoghan Harris go gcaithfí an cúrsa a chur ar fáil i nGaeilge.
le go laghdófaí costais riartha an stáit in order to pull back the costs of running the state
" Táthar i gcónaí a rá go bhfuil barraíocht daoine ag obair san earnáil phoiblí ó thuaidh agus go gcaithfidh an earnáil phríobháideach jabanna a chruthú dóibh le go laghdófaí costais riartha an stáit, ach níor fhás an earnáil phríobháideach le 58 mí anuas.
cuidiú ina reáchtáil to help in running it
" Ba í seo an chéad uair riamh don fhéile a bheith i nDoire nó fiú i dTuaisceart Éireann, agus ba mhór an onóir agus an t-ábhar pléisiúir a bhí ann do mhuintir na cathrach é fáiltiú rompu agus cuidiú ina reáchtáil.
tá guth acu i stiúradh an airgeadra they have a say in running the currency
" Ar a laghad tá feisirí acu i Londain faoi láthair agus tá guth acu i stiúradh an airgeadra.
a reáchtáiltear which is run (in other parts of Ireland)
" Ag tús na seachtaine, cheap mé go raibh an gnáthcholáiste, a reáchtáiltear sa Ghalltacht, i bhfad níos éasca, ach níorbh fhada go ndeachaigh mé i dtaithí le saol is le caint na Gaeltachta.
san iomaíocht in the running
" Tá ardmholadh á fháil aige agus táthar ag rá go bhféadfadh sé a bheith san iomaíocht d'ainmniúchán Oscar.
san iomaíocht in the running.
" Tá ardmholadh á fháil aige agus táthar ag rá go bhféadfadh sé a bheith san iomaíocht d'ainmniúchán Oscar.