Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar a theitheadh on the run
" Fhad is bhí sé ar a theitheadh, thóg an t-arm an Bóthar Míleata i gContae Chill Mhantáin (atá fós ann) mar iarracht ar throdairí an chontae a chur faoi smacht.
ar a dteitheadh on the run
" Chaith Ned, a dheartháir Dan agus beirt chomrádaí leo dhá bhliain ar a dteitheadh de bharr eachtra inar maraíodh triúr póilíní.
ar a sheachnadh on the run
" "Chonacthas é ar na mallaibh i dTigh Mhac i gCarna, áit a bhfuil sé ar a sheachnadh le tamall.
ar a sheachnadh on the run
" Tá Hosanna Bin Ó Loideáin fós ar a sheachnadh in Iorras Aithneach, é féin agus Johnny Mháirtín Learaí agus Josie Sheáin Jeaic ag caitheamh siar piontaí achan oíche agus ag cur mearbhaill ar spiairí an CIA thiar le leagan úr d'amhrán cáiliúil na hAfganastáine: "Níl Mo Theaichín i mo Phluaisín".
dul ar mo sheachaint go on the run
" B'fhéidir gur cheart dom dul ar mo sheachaint.
ar a sheachaint on the run
" Fínín ab ab é agus bhí sé ar a sheachaint ó na póilíní in Éirinn.
ar a sheachnadh ón dlí on the run from the law
" B’fhéidir gurb é Whitey Bulger as Bostún an bithiúnach deireanach Éireannach atá ar a sheachnadh ón dlí.
ar a sheachnadh on the run
" Bhí sé gníomhach tráth i gcúrsaí polaitíochta – chaith sé seal sa phríosún agus seal eile ar a sheachnadh i nDún Dealgan.
ag reáchtáil cúrsaí ar gach gné den chultúr running courses on every aspect of the culture
" Tá muid ag reáchtáil cúrsaí ar gach gné den chultúr agus ina theannta sin tá muid ag tógáil leabharlainne agus cartlainne faoin gcultúr céanna.
ar ruathar aonair on a solo run
" Is breá leis dul ar ruathar aonair i ngan fhios dá chomhimreoirí.
an tsráid a ritheann na tairbh uirthi the street on which the bulls run
" Chonaic muid an *Plaza de Torres* agus an tsráid a ritheann na tairbh uirthi le linn na féile móire a bhíonn ar siúl in Pamplona gach samhradh.
ar a gcoiméad on the run
" Samhlaigh déagóirí armtha ar a gcoiméad, díoltas á imirt acu ar na tuistí is ar gach saghas údarás a thiomáin don bpleascphoinnte iad agus tá an pictiúr agat.
ar a coimeád on the run
" Bhuail sé i bPáras leis an Ghiúdach mhná as an Pholainn, Gerda Taro, a bhí ar a coimeád ó na Nazaithe agus thosaigh caidreamh grámhar agus gairmiúil eatarthu.
ar teitheadh on the run
" Is i nGleann an Niolu a chaitheann sé an chuid eile dá shaol ar teitheadh ó fhórsaí an dlí.
ar a sheachnadh on the run
" Tá Treiber, 47 bliain d’aois, ar a sheachnadh ó shin.
thug sé an sliabh air féin he went on the run
" com) ar an 13 Deireadh Fómhair, déanann sé cur síos ar an saol nua atá aige ó thug sé an sliabh air féin - an ceo maidine nuair a dhúisíonn sé, an t-iora rua go cruógach ag cur lena stóras bia sula dtitfidh codladh an gheimhridh air nó an tseanbhean a casadh air agus a thug torthaí agus glasraí dó ag rá ‘go mbeidís ag teastáil uaidh’ agus cuma uirthi gur thuig sí cé a bhí ann.
ar a seachnadh on the run
" Dúirt Maimeo go mbíodh daoine ag fanacht sa teach, an mhuintir ar a seachnadh, mar a déarfá.
imithe ar ruathar aonair gone on a solo run
" Fós féin, tháinig a chuid cainte aniar aduaidh ar dhíograiseoirí Gaeilge de chuid an pháirtí, ar nós Dinny McGinley agus an chosúlacht ar an scéal go raibh ceannaire an pháirtí imithe ar ruathar aonair ar an cheist.
dul ar a dteitheadh go on the run
" Scar sí leis an bhfear seo, ach níorbh mhór do Assange agus dá mháthair dul ar a dteitheadh ar feadh cúig bliana ón gcultas.
ar a gcoimeád on the run
" I measc na scéalta suimiúla a luann Mary Ward sa leabhar tá cur síos ar eachtra inar chuir fear ón Lucht Siúil (glantóir poll deataigh) agus daoine ón bpobal buanlonnaithe an dallamullóg ar na Dúchrónaigh i nGaillimh nuair a bhí na Tans ag lorg gunnaí agus iad sa tóir chomh maith ar fhir a bhí ar a gcoimeád.
haithreacha ar teitheadh fathers on the run
" Bhíodar cráite agus scaipthe, na fuinneoga briste i gcuid des na scoileanna ann, agus na haithreacha ar teitheadh agus ní raibh a fhios ag na mná cá rabhadar agus ní raibh a fhios ag na páistí cá rabhadar, ach fuaireadar aire mhaith ón Rialtas, déarfainn é sin, agus ós na dochtúirí agus na haltraí.
imithe ar a seachaint gone on the run
" Gabhadh triúr den ghrúpa agus cuireadh “amhasóireacht” ina leith – coir is deacair a shainmhíniú - agus tá na baill eile, a bhí páirteach san eachtra, imithe ar a seachaint.
rinne siad feachtas ar an idirlíon ina choinne they ran a campaign against it on the internet
" Bhí an mórshiúl i mí Dheireadh Fómhair le bheith ann ar dtús, ach fuair na faisistigh scéala faoi agus rinne siad feachtas ar an idirlíon ina choinne.
ar an ngeábh deireannach on the last run
" "An Treo seo! Tá sibh ar an ngeábh deireannach!" Agus an ceart aici.
sclábhaí a bhí ar a choiméad a slave who was on the run
" Basctar and bristear é go dtí go nglacann sé, ar phian a mharaithe, ionannas ‘Platt’ – sclábhaí a bhí ar a choiméad tar éis na cosa a bhreith leis as Georgia.
ceist na ndaoine ar a seachnadh the matter of the on the runs
" Go gearr i ndiaidh ceist na ndaoine ar a seachnadh pléascadh ar gach meán nuachta i gcéin agus i gcóngar, bhí mé ag caint le hiarchime poblachtach faoin cheist.
an-tóir ar ranganna Gaeilge a great run on Irish classes
" Bhí an-tóir ar ranganna Gaeilge a d’eagraigh muid i scoileanna i Sasana mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i mbliana,” arsa Christy Evans ó Choláiste na nGael.
taispeántas ar an gcaoi nár cheart feachtas a reachtáil an exhibition on how not to run a campaign
" Tháinig seo aniar aduaidh uirthi, gan amhras, ach b’fhiú d’éinne a bhfuil suim sa pholataíocht acu breathnú ar an scéal seo - le comhfhreagraithe polaitiúla Cheanada ag rá gur taispeántas ar an gcaoi nár cheart feachtas a reachtáil atá ann.