Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhlachtaí aistrithe removal companies
" Ach deir roinnt comhlachtaí aistrithe Éireannacha go bhfuil siad gnóthach ceithre huaire is fiche sa lá, seacht lá na seachtaine.
diúscairt dramhaíola waste removal
" Is é a bhí mar chúram orthu ná obair thruaillitheach cosúil le marú beithíoch is diúscairt dramhaíola.
Díbirt removal
" In áit an chamchleachtais seo a cháineadh agus tabhairt faoi mhí-ionracas aigneolaithe a chur teastais mhíchumais ar fáil do dhaltaí saibhre áirithe a bhí ag iarraidh éalú ón dualgas staidéar a déanamh ar an Ghaeilge, b'amhlaidh gur mhaígh Hayes gur léiriú eile a bhí ann nár cheart go mbeadh iachall ar dhaoine an teanga a staidéar don Ardteist! Díbirt Hayes ==== Bhí Hayes ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí an Teachta Kenny a dhíbirt as ceannaireacht an pháirtí agus chaill sé a phost san atheagar a tharla tar éis do fhear Mhaigh Eo na cosa a thabhairt leis.
an tagairt do dhiamhasla a scriosadh amach the removal of the mention of blasphemy
" Ní bheidh i gceist sa chomhdháil, áfach, ach athruithe beaga gan mórán tábhachta – an tréimhse in oifig atá ag an uachtarán, aois na vótála, an tagairt do dhiamhasla a scriosadh amach, srl.
chuir sí in aghaidh an aistrithe she opposed the removal
" I litir 17-leathanach a scríobh an bhean, rinne sí cur síos ar an íde a tugadh di nuair a chuir sí in aghaidh an aistrithe.
moill ar an bpróiseas aistrithe delay the removal process
" An chúis a thug GTRA leis an diúltú ná go gcuirfeadh an cur chuige a mholann an Chigireacht moill ar an bpróiseas aistrithe is go dtreiseodh teaghlaigh a naisc leis an mBreatain de dheasca na moille seo.
lá an tórraimh the day of the removal
" Is cuimhin liom féin lá an tórraimh agus an dúscaifte de dhaoine óga, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh a d'fhreastail air, bhí oiread sin geana ag daoine ar Terry Óg ach cad é mar a chuaigh de i bhfeidhm ar Fheargal? "Bhuel, le linn na tréimhse sin, chonaic mé daoine a bhí ag obair ar son an phobail, m'athair agus mo dhearthair agus nuair a chonaic mé an dlúthphairtíocht i mo theaghlach i ndiaidh an dúnmharaithe, dhaingnigh sé sin an dearcadh a bhí agam ar cad is pobal ann.