Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deighilte ón tsochaí removed from society
" Le linn dó bheith ag obair i Muinseo, deir Bowler go ndeachaigh “taobh caimileonach daoine” i gcion air, “an tslí a n-éiríonn leo iad féin a chur in oiriúint do na spásanna ina maireann siad, is cuma cé chomh beag agus deighilte ón tsochaí is atá siad”.
an ghoimh a bhaint as to remove the badness
" Bítear ag súil leis an ghoimh a bhaint as nithe diúltacha agus an bhéim a chur ar an ghné dhearfach.
ndíbirt remove, evict
" ’ Fad is a bhí na meáin ag tuairisciú don domhan mór faoi na coilínigh Ghiúdacha bhochta sa Ghaza a bheith á ndíbirt ag an arm amach as a dtithe fóirdheonaithe ag cáiníocóirí Mheiriceá, bhí mise ar turas don Bhruach Thiar ag an am céanna, áit a raibh lonnaíochtaí mídhleathacha go leor eile á dtógáil ar fud na háite.
coimhthíoch strange, removed, new
" C’acu tá feiceáil sráide nó foirgnimh a chonaic tú ar scannán de chuid *Woody Allen*, nó in “*Sex and the City*” nó “*Friends*”, ní bhíonn sé a choíche coimhthíoch.
dhealú remove
" B’éigean do na húdaráis na cait a dhealú faoi dheireadh, ach thóg sé corradh is fiche bliain sular cuireadh deireadh leo timpeall ar dheich mbliana ó shin.
ar shiúl removed, away
" Is pictiúr íocónach é an ‘Saighdiúir ag Titim’ ach deir an léachtóir José Manuel Susperregui nár glacadh é ar an mhachaire chatha i Cerro Murianao, mar a chreidtear, ach in áit tuaithe eile darb ainm Llano de Banda, cúig míle fichead ar shiúl.
bhaint remove
" Clár sceanairte a bhí molta sa tuarascáil úd - idir dheireadh a chur le Roinn na Gaeltachta, go leor dá gcúraimí a bhaint de Údarás na Gaeltachta, dheireadh a chur le COGG agus Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge srl.
ar shiúl removed
" Bhí mé féin ag obair an tráth sin i scoil idirnáisiúnta nach raibh rófhada ar shiúl ó Halla an Bhaile.
ar neamhní removed
" Tá roinnt mhaith díobh i bhfiacha is bíonn orthu na fiacha a íoc trí obair mar lucht saothair faoi bhanna, in ainneoin gur cleachtas é seo a cuireadh ar neamhní i 1976.
ruaigeann remove
" Os a choinne sin, bhíodh daoine eile den tuairim go ruaigeann drugaí agus teiripe an fuinneamh agus an fonn a chothaíonn an duine cruthaitheach .
nach i bhfad it’s not too removed
" Tuigfear nach i bhfad ciall an dá fhocal, 'eagar' agus 'riail' óna chéile.
trí dhearcadh an díláraithe by the removed view
" Go hiondúil is trí dhearcadh an díláraithe, a léirítear iad.
baineadh was removed
" Pé bealach ar tharla sé, bhí bua Átha Cliath ar Chiarraí i gcluiche ceannais 2011 ina bhua chomh milis is a bhí riamh agus bhí muintir Átha Cliath ar nós dream ar baineadh cuing throm na tíorántachta díobh tar éis blianta fada i gcarchair chrua dhobhriste.
ar shiúl removed
" Anglachánaigh Chorn na Breataine, Modhaigh na Breataine Bige, Preispitéirigh, agus Saor-Phreispitéirigh go háirithe, na hAlban, is céim idé-eolaíoch ar leith ar shiúl iad ó chreidimh Londain, Protastúnachas Anraí viii.
ag baint maoinithe removing finance
" “Níl siad ach ag baint maoinithe de naoi gcinn déag de na heagraíochtaí deonacha is mó ar an oileán seo.
gur mór idir beart agus briathar there’s a quite a remove from policy to implementation
" Dúirt an Stát ariamh go raibh sí ar son cur chun cinn na Gaeilge agus caomhnú na Gaeltachta ach is léir gur mór idir beart agus briathar.
ar shiúl removed, away
" Mhair an stailc ocrais ar feadh 19 lá go dtí gur bogadh as carcair Kachanivskiego go hotharlann i gcathair Kharkiv í, ionann is 12 km ar shiúl.
le baint was to be removed
" Ar an 6 Iúil, 1994 nocht Uinsionn sa cholún Tuarascáil go raibh an leathchos eile san uaigh ag Peig Sayers bhocht mar go raibh a dírbheathaisnéis le baint mar shaothar ainmnithe de shiollabas na hArdteiste.
baineadh was removed
" Ní den Stuaim an Seanscéal =========== Tá ionann is scór bliain ann mar sin ó baineadh Peig den Ardteist.
ina gcol seachtair being third once removed
" Is é Prince Philip a col ochtair trí *Queen Victoria*, gan trácht ar an bheirt acu a bheith ina gcol seachtair fosta trí ríshliocht na Danmhairge! Tá finscéal eile a bhaineann le Naitsithe, le dúnmharú Diana, le hairgead agus go leor eile ceangailte leis na Windsors (d'athraigh siad an t-ainm ó Saxe-Coburg Gotha i 1917) ach ní luaitear sin i lúib na galántachta.
baineadh díom spéaclóirí gréine sunglasses had been removed from me
" An mhaidin dár gcionn, tá soiléire neamhghnách ar an saol, amhail is gur baineadh díom spéaclóirí gréine a bhí orm i ngan fhios dom féin.
agus sinn ag tarraingt buataisí geimhridh orainn féin as we remove our winter footwear
" Beidh coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá anois agus sinn ag tarraingt buataisí geimhridh orainn féin le siúl faoi shioc is faoi shneachta.
nach bhfuarthas réitithe leo who were not removed
" Deir sé nár leasaíodh an an tSeirbhís Príosúin riamh agus go raibh daoine ann ar cuireadh brúidiúlacht síos dóibh nach bhfuarthas réitithe leo agus go bhfuil tacaíocht láidir acu i measc na bpolaiteoirí.
lena gcuid orgán a bhaint astu to remove their organs
" Déantar gáinneáil ar dhaoine lena gcuid orgán a bhaint astu, leis.
baineadh amach é sa leagan it was removed from the version
" (Le bheith faireáilte le *Stillwater Communications*, bhí roinnt den eolas thuasluaite sa tuarascáil a cuireadh ar fáil do RTÉ ach baineadh amach é sa leagan a cuireadh ar fáil don pobal, ar chúis nach dtuigim.
dá mbainfí ón éigeantas if the policy of compulsory Irish was removed
" An ndéanfar go leor leasuithe ar theagasc na Gaeilge idir seo agus an chéad saothar eile a fhoilseofar faoin ábhar? Ní gá a rá gur tubaiste a bheadh ann don teanga agus don Ghaeltacht dá mbainfí ón éigeantas.
bhí orthu na cadhnraí a bhaint amach as they had to remove the batteries
" Lucht na cóilíneachta úd, Iosrael, bhí orthu na cadhnraí a bhaint amach as a gcuid ladrann siadsan sa Táidsíceastáin ar na mallaibh, cionn as gur bhuail taom scanradh iad nuair a thosaigh cuid acu, na ladrainn, ag dúiseacht astu féin san oíche.
iarracht chun ruaig a chur ar an attempt to remove
" Ní raibh seicteachas i gceist leis na ionsaithe i Learpholl, ach bhí an ciníochas ann - iarracht chun ruaig a chur ar na hÉireannaigh as an chathair: *“… in recent periods Britain’s place in the world has declined both politically and economically and British nationalism, or English nationalism bent on purification, is compensation for some for this decline.
scriosadh breis is deich more than ten (messages) were removed
" Chuige sin, scriosadh breis is deich dteachtaireacht an mhí seo caite.
agus páistí agus mná torracha á n-aistriú as when removing children and pregnant women
" I dtuairisc ó Chigireacht na bPríosún sa Bhreatain anuraidh moladh do Ghníomhaireacht Teorann na Ríochta Aontaithe (GTRA) éirí as fórsa a úsáid agus páistí agus mná torracha á n-aistriú as an tír.
col cúigir first cousins once removed
" Cuairt seachtaine a bhí i gceist a raibh d’aidhm aici cuid de radharcanna Nua-Eabhrac agus Boston, móide a gcuid siopaí, a fheiceáil nó ruathar tapa a thabhairt orthu ar a laghad, agus cuairt a thabhairt ar ghaolta le mo bhean chéile idir shean agus óg, aintíní, uncail, col ceathracha, col cúigir agus eile, a bhaineann le contae na Gaillimhe, thoir agus thiar.
bhaint de cháipéis oifigiúil to remove from an official document
" Ba chuma léi gur cheap formhór státseirbhíseach na hÉireann go raibh sí as a meabhair i 1981 nuair a chuir sí iachall orthu an focal “*alienation*” a bhaint de cháipéis oifigiúil.
a n-uchtach a bhaint de removes their courage
" I dtuairisc a d’eisigh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna Imirceach níos luaithe i mbliana, cáineadh an borradh a bhí tagtha faoin gcoinneáil mar uirlis i mbainistiú na hinimirce san Aontas Eorpach cé nach bhfuil aon fhianaise go ndéanann an choinneáil a n-uchtach a bhaint de na daoine a dteastaíonn uathu triall ar an Eoraip.
an duine atá scoite amach the person who is at a remove
" Cuireann an Nollaig i gcuimhne duinn áfach, gur rud buanseasmhach í an fháilte dáiríre agus go síneann sé níos faide amach ná daoine muinteartha, ná ár bpobail féin amháin, agus go sroicheann sé go chomh fada leis an stróinséar, leis an duine nua sa phobal agus leis an duine atá scoite amach.
Baineadh was removed
" Baineadh an deontas ó INNIU le háit a dhéanamh do nuachtán nua-aimseartha a chur amach agus cuireadh ANOIS ar bun ina áit, foilsithe ag Gael Linn; nuair a tháinig deireadh le conradh ANOIS tugadh an deontas don fear gnó Pádraig Ó Céidigh agus foilsíodh FOINSE ar feadh na mblianta go brabasúil go dtí gur thit an tóin as an ngeilleagar agus as an margadh fógraíochta do nuachtáin i gcoitinne.
na gearánaithe seo a bhain these complainers removed
" Daoine iad na gearánaithe seo a bhain an fun amach as fundamentalist agus nach raibh fágtha ach mentalists, dar le lucht scríofa na gceannlínte.
déantán ársa a thabhairt amach as tír to remove an ancient artefact from a country
" Cé leis an Ealaín Oidhreachtúil? ============== Tacaíonn EOECNA leis na dlíthe cultúrtha oidhreachtúla atá anois i bhfeidhm sa chuid is mó de thíortha an domhain inniu, a dheimhníonn gur coir é déantán ársa a thabhairt amach as tír gan chead.
bhainfí na focail the words ... would be removed
" Dá rithfí é bhainfí na focail ‘offend, insult agus humiliate’ as 18C, ach chuirfí isteach ‘vilify’ ina n-áit.
b'éigean an muinchille do bhuain the sleeve had to be removed
" sular fhág An Caisideach Éirinn ar chor ar bith, d'éirigh mí-ádh dó: 'Tar éis mo láimhe do bhriseadh i Sliabh Dá Chon, do b'éigean an muinchille do bhuain nó do scaoileadh dem' chóta.
cártaí leighis a bhaint removing the medical card
" Bí cinnte go bhfuil árachas maith sláinte ag gach Teachta Dála de chuid an Lucht Oibre, chomh maith le Fianna Fáil agus Fine Gael agus sin an chúis a ghearrann siad go míchothrom an buiséad ar an gcóras sláinte, a fháganns nach bhfuil aon rogha ag HSE ach cártaí leighis a bhaint de dhaoine bochta.
bhainfeadh an mheirg would remove the rust
" Is beag an cleachtadh a bhainfeadh an mheirg dá cuid Gaeilge áfach, nó is léir nár mheath a tuiscint ar an nGaeilg.
ghoimh a bhaint to remove the venom
" Nuair a thug airí rialtais cogar i gcluais, go poiblí, do leithéidí Micheal Fingleton agus Gerry Mc Caughey abhus an mhí seo caite, bhí an chuma ar an scéal go raibh mórán an obair chéanna ar bun ag Francaigh na Gailltíre, an ghoimh a bhaint as an fhírinne shearbh, ach a bhaint as ar an gcúlráid.
bainte as removed from
" An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
dteipfidh ar an iarracht atá ar bun ag an rialtas fáil réidh leis an Seanad the government attempt to remove the Senate shall fail
" Creideann Donncha Ó hÉallaithe go dteipfidh ar an iarracht atá ar bun ag an rialtas fáil réidh leis an Seanad.
ná bainte uathu arís than it’s removed again
" Ní luaithe cead pósadh comhghnéis tugtha san Astráil ná bainte uathu arís, is cosúil.