Idir mhagadh is dáiríre, is ceart aird a thabhairt ar thuairim Bhabs Céitinn, sáriománaí lena linn féin mar imreoir agus mar bhainisteoir a threoraigh Tiobraid Árann as an bhfásach i 1987, ach ceart nó mícheart, faoi dheireadh an chluiche ní raibh idir na foirne fós ach dhá chúilín, Cill Chainnigh chun tosaigh mar a bhí ag leath ama.
Sílim i ndáiríre go bhfuil baint ag TG4 leis: sé sin, go bhfuiltear ag cur fostaíocht mhaith ar fáil do dhaoine a bhfuil spéis acu sna healaíona – ó thaobh scriptscríbhneoirí, aisteoiri, cumadóirí ceoil, lucht ceamara.
‘Polish very good,’ a deir sé, agus ansin, idir magadh agus dáiríre, ‘Polish no good,’ beagán náire sa dá shúil, ach é bródúil go leor as an dá fhocal Béarla.
Bhí sé beagáinín seafóideach a bheith ag súil go mbeadh RTÉ ag déanamh a dhíchill ag tacú le haidhm náisiúnta maidir leis an nGaeilge, nach raibh an Rialtas riamh dáiríre faoin aidhm náisiúnta céanna.
Dúirt Fennell le lucht na Gaeilge, ’sé sin má bhíodar i ndáiríre ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, go mba cheart dóibh Bleá Cliath a fhágaint agus dul siar Conamara.